Athrú ar bith déanta ag Schmidt don chluiche in aghaidh na Breataine Bige

Tosóidh an cúigear déag céanna a thosaigh ar an bhfoireann a fuair bua ar an bhFrainc i mBabhta a Trí sa chluiche in aghaidh na Breataine Bige an Aoine seo

Athrú ar bith déanta ag Schmidt don chluiche in aghaidh na Breataine Bige

Pictiúr: INPHO/Alice Bolger Aboud

Tá príomhchóitseálaí fhoireann rugbaí na hÉireann Joe Schmidt ag fanacht dílis do na himreoirí a bhuaigh ar an bhFrainc coicís ó shin agus an fhoireann chéanna ainmnithe do chluiche na seachtaine seo in aghaidh na Breataine Bige.

Tá bua ag teastáil ó Éirinn más fúinn a bheith san iomaíocht i gcónaí do Chraobh na Sé Náisiún. Caithfidh go raibh cathú ar Schmidt Jared Payne a thabhairt isteach agus é tagtha ar ais ó ghortú ach chinn an bainisteoir seasamh le Garry Ringrose a mbeidh an geansaí uimhir 12 á chaitheamh arís aige oíche Dé hAoine sa Bhreatain Bheag.

Bhí gortú duáin ag cur as do Payne ó thús mhí na Nollag agus cé go bhfuil ardmheas ag Schmidt ar fhear Chúige Uladh, is léir nach raibh sé ag iarraidh dul sa seans le Payne nár thosaigh ag traenáil arís le foireann na hÉireann go dtí an tseachtain seo. Lena chois sin, d’éirigh go maith le Ringrose i lár na páirce d’Éirinn nuair a bhí Payne ar iarraidh.

Bhí amhras ann an mbeadh Rob Kearney ar fáil don chluiche in aghaidh na Breataine Bige agus gortú bléine ag cur as dó i ndiaidh an bhua in aghaidh na Fraince ach tosóidh sé Dé hAoine agus é tagtha slán ó thraenáil na seachtaine seo.

Is i measc na n-ionadaithe atá an t-aon athrú ar an scuad 23 imreoir a d’imir in aghaidh na Fraince. Bhris Andrew Trimble a lámh agus é ag imirt do Chúige Uladh an tseachtain seo caite agus tá Ultach eile, Tommy Bowe tagtha isteach ar an mbinse ina áit.

Níl aon athrú déanta ach an oiread ag cóitseálaí na Breataine Bige, Rob Howley, do chluiche na hAoine. Cé gur chaill an Bhreatain Bheag in aghaidh na hAlban i mBabhta a Trí den chomórtas, is iad na himreoirí céanna a rachaidh chun páirce sa Millenium Stadium Dé hAoine.

Foireann na hÉireann:

15. R Kearney
14. K Earls
13. G Ringrose
12. R Henshaw
11. S Zebo
10. J Sexton
9. C Murray
1. J McGrath
2. R Best (captaen)
3. T Furlong
4. D Ryan
5. D Toner
6. CJ Stander
7. S O’Brien
8. J Heaslip

Ionadaithe:

16. N Scannell
17. C Healy
18. J Ryan
19. I Henderson
20. P O’Mahony
21. K Marmion
22. P Jackson
23. T Bowe

Fág freagra ar 'Athrú ar bith déanta ag Schmidt don chluiche in aghaidh na Breataine Bige'