Athrú amháin déanta ag Schmidt don chluiche in aghaidh na Nua-Shéalainne

Fillfidh Sean O’Brien ar an bhfoireann in áit Jordi Murphy, an t-aon athrú atá déanta ag Joe Scmhidt ón bhfoireann a fuair an ceann is fearr ar na ‘All Blacks’ den chéad uair riamh coicís ó shin

Athrú amháin déanta ag Schmidt don chluiche in aghaidh na Nua-Shéalainne

Imreoir na hÉireann, Sean O'Brien. INPHO/Billy Stickland

Níl ach athrú amháin déanta ag Joe Scmhidt ar an bhfoireann a bhuaigh ar an Nua-Shéalainn coicís ó shin don chluiche idir na foirne céanna Dé Sathairn. Tá Sean O’Brien tagtha isteach sa líne chúil in áit Jordi Murphy, ar gortaíodh é le linn an chluiche stairiúil sin i Chicago.

O’Brien agus Josh van der Flier, a tháinig isteach mar ionadaí coicís ó shin, a bhí san iomaíocht d’áit Murphy ach is é fear Cheatharlach a roghnaigh Schmidt. Is é seo an chéad chluiche atá imeartha ag O’Brien i ngeansaí na hÉireann ó Chraobh na Sé Náisiún níos luaithe i mbliana agus bhí roinnt gortuithe ag cur as dó idir an dá linn.

É sin ráite, beidh Schmidt ag súil gur chun leas na foirne a bheidh taithí O’Brien, a bhí ar fheabhas sa chluiche in aghaidh na Nua-Shéalainne in 2013. Roimh an gcéad chluiche idir na foirne i mbliana, dúirt Jerome Kaino, duine d’imreoirí na Nua-Shéalainne, gurbh iontach leis nach raibh O’Brien le bheith páirteach sa chluiche i Chicago. Tá meas ag na All Blacks ar fhear Cheatharlach.

Is i measc na n-ionadaithe atá na hathruithe eile déanta ag Schmidt do chluiche an tSathairn. Cé gur bhuaigh sé gradam laoch na himeartha in aghaidh Cheanada an deireadh seachtaine seo caite, níl aon slí ann d’Ultan Dillane agus tá Iain Henderson tagtha isteach ina áit ar an mbinse.

Is é an scéal céanna é do Keith Earls, a bhí ar fionraí don chéad cluiche in aghaidh na Nua-Shéalainne, agus a áit coinnithe ag Garry Ringrose i measc na n-ionadaithe. Fear amháin a d’imir in aghaidh Cheanada agus a fuair luach a shaothair ná Paddy Jackson agus áit Joey Carbery ar an mbinse faighte aige.

Tá cúig athrú déanta ag bainisteoir na Nua-Shéalainne, Steven Hansen, don chluiche. Is é filleadh Brodie Retallick sa dara líne an t-athrú is suntasaí díobh sin. Tá Sam Whitelock tugtha isteach taobh leis agus Patrick Tuipulotu agus Jerome Kaino imithe. Tá trí athrú eile ann sna cúlaithe. Tá Anton Lienert-Brown agus Malakai Fekitoa tagtha isteach in áit Ryan Crotty agus George Moala i lár na páirce agus tá Israel Dagg tagtha isteach ar an gcliathán in áit Waisake Naholo.

Foireann na hÉireann

Rob Kearney

Andrew Trimble

Jared Payne

Robbie Henshaw

Simon Zebo

Johnny Sexton

Conor Murray

Jack McGrath

Rory Best

Tadhg Furlong

Donnacha Ryan

Devin Toner

CJ Stander

Sean O’Brien

Jamie Heaslip

Ionadaithe

Sean Cronin

Cian Healy

Finlay Bealham

Iain Henderson

Josh van der Flier

Kieran Marmion

Paddy Jackson

Garry Ringrose