Athnuachan bailte agus carnadh vótaí?

Tá scéim fógartha ag an rialtas faoina gcaithfear €30m ar athnuachan bhailte tuaithe. Is léir do chách an phríomhaidhm

03/11/2011. City - Bike Symposiums For Cork, Galway, Limerick and Waterford. (LtoR) An Taoiseach and Fine Gael leader Enda Kenny and Public Transport Minister Alan Kelly announced a series of public bike symposiums to be held in regional cities to secure private sector support for the scheme to happen outside of Dublin. Photo: Sam Boal/RollingNews.ie
Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Ní foláir a rá i dtosach nach bhfuil baint dá laghad ag fógairt na scéime seo le ceannach vótaí ná le mealladh vótóirí.

Tá amhras ort? Ná bíodh, ar dhá chúis.

1. Toisc go mbíonn ró-amhras uaireanta ar léitheoirí Tuairisc.ie ar chloisteáil dóibh dea-ghealltanais ó rialtas sé mhí ar a mhéad roimh olltoghchán.

2. Nár chuir Alan Kelly muid uilig ar ár suaimhneas? Ní Ciste Polaitiúil Flaithiúil atá á bhunú, a dúirt sé, ach scéim chun cur le hacmhainní eacnamaíochta agus chun áiseanna poiblí agus turasóireachta a fheabhsú.

Ceart go leor. Is léir do dhuine ar bith a thugann fiú cuairt lae ar cheantair tuaithe nach ndeachaigh feabhsú an gheilleagair chun tairbhe dóibh ar fad. Má fhágtar as an áireamh bailte agus sráidbhailte atá suite in aice le Bailte Átha Cliath, Corcaigh agus bailte móra eile, chomh maith leis na príomhionaid turasóireachta, is léir don dall an fhírinne.

Tá ceantair eile fós ar gcúl. Teastaíonn cabhair de chineál éigin uathu chun fuinneamh a chur lena ngeillleagair, cé nach acmhainn do rialtas ar bith teacht ar an airgead a bheadh riachtanach chun cabhrú go héifeachtach le gach ceantar.

Fiú má dhéantar roghanna stuama agus airgead ón gciste nua á chaitheamh, ní chuirfidh caiteachas €30m ach fuinneamh fíortheoranta i scata beag ceantar. Má roinntear an t-airgead go cothrom ar 26 contae, mar shampla (rud nach féidir a dheimhniú, i bhfianaise ar ar tharla roimhe seo), ní bheidh ach beagán le cois €1.1m ar fáil do gach contae.

Tá an riachtanas pléite ag an gcolún seo le cúlbhinseoirí rialtais éagsúla. Dúirt a bhformhór go raibh súil acu go mbeadh beartas cabhrach sa cháinaisnéis. Idir an dá linn, ní raibh iontas orthu gur thug Barry Cowen ó Fhianna Fáil sop ródhéanach in áit na scuaibe ar an scéim nua.

Ní foláir ceist eile a chur faoi aidhm pholaitiúil na scéime a d’fhógair Enda Kenny agus Alan Kelly in éineacht nuair a thugadar cuairt Dé Céadaoin ar an gComórtas Naisiúnta Treabhadóireachta. An gceapann lucht comhairle an Lucht Oibre gur fiú an tairbhe an praghas?

Nó i bhfocail eile, an dóigh leo dáiríre gur fiú an t-amhras agus an míshásamh a chuirfidh fógairt scéim mar seo, go gairid roimh olltoghchán, an buíochas as cuimse a chuirfidh vótóirí eile in iúl ar lá na vótala?

 

DÁTA AN TOGHCHÁIN: NOD ÓN EOLACH

Ainneoin na ráflaí go reáchtálfar olltoghchán gan choinne roimh Nollaig, thug Enda Kenny le fios faoi dhó sa Dáil Dé Máirt gur i 2016 a rachfar ina bhun.

Dúirt sé i dtosach agus tús á chur le díospóireacht ar rún muiníne sa rialtas, go mbeadh deis ag an Dáil seo fiúntas na ndaoine a sheasfaidh san olltoghchán go luath san athbhliain a chur i gcomparáid. (Dála an scéil, a Thaoisigh, beidh daoine eile nach bhfuil suíocháin sa Dáil acu ag seasamh san olltoghchán freisin.)

Bhí tagairt eile san óráid chéanna don bhliain ina reáchtálfar an toghchán. Is “in early 2016” a dúirt sé a bheadh deis ag muintir na hÉireann rogha a dhéanamh idir rialtas agus anord.

Má iarann Enda Kenny orainn vótáil roimh dheireadh na bliana, beidh lear mór dá bhriathra féin le slogadh siar aige roimh ré.

 

Is láithreoir ar an gclár ‘Morning Ireland’ é Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'Athnuachan bailte agus carnadh vótaí?'