Athimirt de Chluichí Ceannais na hÉireann anuraidh agus na cluichí sraithe eile an deireadh seachtaine seo

Tá Dún na nGall ag tabhairt aghaidh ar Chiarraí i gCill Airne agus beidh Tiobraid Árann ag iarraidh díoltas de sórt a bhaint amach i gcoinne Chill Channaigh tar éis Craobh na hÉireann a chailliúint anuraidh

Paddy McGrath (Dún na nGall) ar a sheacht ndícheall chun David Morán (Ciarraí) a bhlocáil an uair dheireanach a chas Ciarraí agus Dún na nGall ar a chéile i gCluiche Ceannais na hÉireann anuraidh. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Paddy McGrath (Dún na nGall) ar a sheacht ndícheall ag iarriadh David Morán (Ciarraí) a bhlocáil an uair dheireanach a chas Ciarraí agus Dún na nGall ar a chéile i gCluiche Ceannais na hÉireann anuraidh. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Bíodh is go bhfuil cluichí uile na Sraithe Peile agus na hIomána Allianz á n-imirt an deireadh seachtaine, is iad na cinn ina dtabharfaidh foirne Chluichí Ceannais na hÉireann na bliana anuraidh aghaidh ar a chéile is mó atá ag tarraingt aird an phobail.

I gCill Airne, beidh Dún na nGall ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Chiarraí tar éis d’Éamonn Fitzmaurice deireadh a chur le réim Jim McGuinness an fómhar seo caite. Rinne iarbhainisteoir Dhún na nGall an cinneadh éirí as a phost tar éis an chailliúint sin agus tá Rory Gallagher tagtha isteach ina áit.

idir dhea-thaispeántais agus drochthaispeántais tugtha uathu ag buíon Gallagher sa tsraith go dtí seo. Cé go bhfuil siad sa tríú háit, tá Dún na nGall ar comhchéim le Tír Eoghain, Muineacháin agus Ciarraí, le dhá bua agus dhá cailliúint go dtí seo.

na Conallaigh ag iarraidh dearmad a dhéanamh taispeántas is measa acu faoi stiúir Gallagher an deireadh seachtaine seo caite. Níor aimsigh siad ach scór amháin ón imirt sa chailliúint i gcoinne Mhuineacháin agus má siad chun an bua a fháil i gCill Airne, beidh orthu dul i bhfeabhas. Agus cluichí deacra i gcoinne Thír Eoghain agus Maigh Eo ar na bacáin, caithfidh Dún na nGall, ar a laghad, bua amháin eile a fháil chun ísliú céime a sheachaint.

Fearacht a gcéilí comhraic an Domhnach beag seo, tá Ciarraí ag iarraidh teacht aniar ó dhroch-chailliúint an deireadh seachtaine seo caite. D’aimsigh Corcaigh trí chúl taobh istigh de 17 nóiméad i bPáirc Uí Rinn agus rinne siad scrios iomlán ar chosantóirí Éamonn Fitzmaurice i rith an chluiche.

Bhí ar Anthony Maher an pháirc a fhágáil in aghaidh na gChorcaíoch nuair a fuair sé buille sa cheann agus beidh cinneadh le déanamh ag bainistíocht Chiarraí roimh an gcluiche maidir le fear Dubhátha. Mura bhfuil Maher in ann dul chun páirce, tá ionadaí cumasach ag Fitzmaurice ina áit, is é sin Tommy Walsh.

An fhaid is a bheas Ciarraí ag tabhairt faoi Dhún na nGall, beidh ‘athimirt’ de Chluiche Ceannais an Chraobh iomána na bliana anuraidh ann nuair a chasfaidh Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh ar a chéile i Staid Semple.

Chuaigh an dá fhoireann seo in adharca a chéile ceithre huaire i 2014. Le Cill Chainnigh a bhí an lá ar thrí cinn de na laethanta sin; i mBabhta 2 den tsraith, i gcluiche ceannais na sraithe agus athimirt cluiche ceannais na hÉireann. Tá ar dhuine dul siar go Márta 2013 agus an uair dheireanach a d’imir an dá fhoireann i Staid Semple le bua do Thiobraid Árann a fháil.

Tar éis chailleadh an chéad lá in aghaidh Bhaile Átha Cliath, tá Tiobraid Árann feabhsaithe go mór le buanna in aghaidh na Gaillimhe i mBabhta 2 agus in Inis an Domhnach seo caite. Tá iomaíocht Roinn 1A den tSraith Iomána Allianz chomh géar sin is nach féidir Cill Chainnigh a chur as an áireamh do spota sna cluichí leathcheannais ach beidh siad ag iarraidh ísliú céime a sheachaint i dtosach gan ach bua amháin acu óna dtrí chluiche go dtí seo.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí agus Tiobraid Árann

Dé Satharn, 14 Márta

Sraith Peile Allianz – Roinn 1

Maigh Eo v Baile Átha Cliath, Páirc Mhic Éil, 7i.n.

Sraith Peile Allianz – Roinn 2

An Mhí v Laois, Páirc Tailteann, 7i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 1A

An Clár v Baile Átha Cliath, Páirc Uí Chíosóg, 3i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 1B

Luimneach v Uíbh Fhailí, Páirc na nGael, 7i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 2B

Cill Dara v Maigh Eo, An Droichead Nua, 2.45i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 3B

An Longfort v Warwickshire, Páirc an Phiarsaigh, 2i.n.

Dé Domhnaigh, 15 Márta

Sraith Peile Allianz – Roinn 1

Ciarraí v Dún na nGall, Páirc Aibhistín de Staic, 2i.n.

Muineachán v Doire, Cluain Eois, 2.30i.n.

Tír Eoghain v Corcaigh, Ómaigh, 2.30i.n.

Sraith Peile Allianz – Roinn 2

Gaillimh v An Cabhán, Páirc an Phiarsaigh, 12.45i.n.

Cill Dara v Ros Comáin, An Droichead Nua, 2i.n.

An Iarmhí v An Dún, An Muileann gCearr, 2.30i.n.

Sraith Peile Allianz – Roinn 3

An Clár v Ard Mhacha, Páirc Uí Chíosóg, 2i.n.

Fear Manach v Luimneach, Páirc Brewster, 2i.n.

An Lú v Tiobraid Árann, Droichead Átha, 2i.n.

Sligeach v Loch Garman, Páirc Markievicz, 2.30i.n.

Sraith Peile Allianz – Roinn 4

Uíbh Fhailí v Ceatharlach, Páirc Uí Conchúir, 2i.n.

Cill Mhantáin v An Longfort, Eachroim, 2i.n.

Port Láirge v Aontroim, Páirc Breathnach, 2.30i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 1A

Tiobraid Árann v Cill Channaigh, Staid Semple, 2i.n.

Gaillimh v Corcaigh, Páirc an Phiarsaigh, 2.30i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 1B

Port Láirge v Aontroim, Páirc Breathnach, 12.45i.n.

Laoise v Loch Garman, Portlaoise, 2i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 2A

Ceatharlach v Ciarraí, Páirc Uí Chuilinn, 12i.n.

An Iarmhí v Cill Mhantáin, 12.45i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 2B

An Dún v Dún na nGall, Baile Crann, 2i.n,

An Mhí v Ard Mhacha, Baile Átha Troim, 2i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 3A

Tír Eoghain v An Lú, Ómaigh, 12.45i.n.

Muineachán v Fine Gall, Cluain Eois, 12.30i.n.

Ros Comáin v Fear Manach, Áth Liag, 2i.n.

Sraith Iomána Allianz – Roinn 3B

Sligeach v Liatroim, Páirc Markievicz, 12.45i.n.

Fág freagra ar 'Athimirt de Chluichí Ceannais na hÉireann anuraidh agus na cluichí sraithe eile an deireadh seachtaine seo'