‘Athenry’s in Galway, Athenry’s in Galway la, la, la, la…’

Tá ‘Cóir na dTreabh’ faoi réir anois le seilbh a ghlacadh ar ais ar ‘The Fields of Athenry’ agus an cóitseáilí is fearr san Eoraip acu

Pictiúr: INPHO/James Crombie
Pictiúr: INPHO/James Crombie

Dé réir mar a bhí an t-am á chaitheamh ar Pháirc an Spóirt ar an mBóthar Beag Dé Sathairn na seachtaine seo caite, bhí an mothú ag imeacht as an lánúin de lucht leanta na Mumhan a bhí le m’ais i Seastán na dTreabh ag an tríú babhta deireanach de chomórtas rugbaí an Pro 12.

Tuairim ceathrú huaire a mhair an comhrá breá, bríomhar a bhí idir iad agus a raibh ina dtimpeall – faoin tráth sin, bhí tús 14-6 ag a bhfoireann ar Chonnachta. De réir a chéile thosaigh an chaint ag imeacht uathu, ach fiú ag leath ama agus iad tite 20-14 chun deiridh, d’aithneofá nach raibh an oiread sin imní orthu – thar aon dream, is ag na Muimhnigh is fearr atá cleachtadh ar a theacht as poll agus iad i ladhar an chasúir.

Tá mé cinnte go raibh an lánúin chéanna ar Pháirc Thuamhan in 2011 nuair a thug preabchúl Ronan O’Gara an bua dóibh ar Northampton, tar éis do na Muimhnigh an liathróid a athchúrsáil 41 uair agus i láthair freisin ocht mbliana roimhe sin nuair a shlánaigh an fear céanna úd John Kelly in aghaidh Gloucester. Tá scéal Lazaras de ghlanmheabhair ag lucht na dtrí choróin.

Ar an drochuair do mo chomharsana, is mór idir foirne Muimhneacha an ama sin agus ceann an lae inniu agus de réir mar a bhí an t-am á chaitheamh sa dara leath, bhí an chaint agus an mothú á dtréigean.

Lánúin dhearóil, uaigneach ab ea iad agus na Connachtaigh ríméadacha ina dtimpeall ag dul don bhúiríl, don challán agus do na babhtaí amhránaíochta le linn dá bhfoireann a beith ag glacadh ceannais.

Seans go mbeadh an cór sa Séipéal Sistíneach níos binne agus an comhcheol níos paiteanta ag Cóir Ghleannta na Breataine Bige, ach i gceathrú dheireanach na himeartha ar an mBóthar Beag an oíche faoi dheireadh thug ‘Cantóirí Sheastán na dTreabh’ an svae leo ó thaobh mothúcháin agus gliondair.

Tá sé go hard os cionn dhá scór bliain anois ó leag mé cos den chéad uair sa mBóthar Beag. Roimhe sin, ba ansiúd a chonacthas cuid de na cluichí ceannais iomána ba cháiliúla a bhí i nGaillimh riamh agus le linn mo chuairteanna féin chonaic mé na All Blacks (1974) agus na Springboks (2007) ag imirt ann. Le deireanaí agus le teacht an rugbaí gairmiúil chonacthas oícheanta móra i sraithchomórtais na dtíortha Ceilteacha agus Chorn Heineken – a mbua ar Harlequins ansiúd cúpla bliain ó shin agus ar Chúige Laighean le fíordheireanaí, ina measc.

Fós, níl amhras faoin saol orm gur thug bua na gConnachtach ar Chúige Mumhan ar Pháirc an Spóirt seachtain ó shin an barr leis ar chuile bhealach. Ba é an t-aon aiféala a bhí orm nach raibh mo sheanchara Seán Ó Conghaile as Inis Mór, go ndéana Dia maith air, le mo thaobh go mbainfeadh sé féin solamar as.

Bhí eisean agus mise ar Pháirc an Spóirt i nDeireadh Fómhair na bliana 1979 nuair a bhuaigh Connachta ar na Muimhnigh (20-16) – an chéad chluiche a bhuaigh fir Chiaráin Mhic Ghearailt ar a bhfód féin le 16 bliain. Bhraith muid go mba thús ré a bhí ann, ach faraor aon uair amháin eile a thug siad an bua leo ansiúd go ceann cúig bliana eile.

Níor mhiste duit a cheapadh mar sin go mb’fhéidir gur nótaí bréige iad siúd a bhain macalla as Seastán na dTreabh an oíche faoi dheireadh, ach ní dóigh liom é.

Nuair a fheiceann tú scríbhneoirí rugbaí na príomhchathrach ag cur coise thar theorainn na Páile tá rud éicint san aer, agus cheana féin d’admhódh siadsan fiú nach bhfuil cóitseálaí níos fearr ná Pat Lam sa Pro 12, ná go deimhin i Premiership Shasana ná sa Top 14 dá dtiocfadh sé chomh fada leis sin.

Cuidíonn sé le Lam ar ndóigh go bhfuil an IRFU níos flaithiúla le Connachta ná a bhídís agus go raibh ar a laghad cuid den fhómhar atá seisean a bhaint anois curtha roimhe ag Eric Elwood agus ag Michael Bradley.

Ach, ó thús an tséasúir seo, cuireann chuile chuairt a thugann duine ar an mBóthar Beag ar a shúile dó go gcreideann na himreoirí go daingean sa treoir atá ag teacht óna gceannasaí.

Mura dtarlóidh rud éicint áirid as seo go ceann míosa, is idir Matt Healy agus Bundee Aki a bheidh imreoir Pro 12 an tséasúir. Ag Connachta freisin atá an té is fearr a chonaic mise sa síneadh amach – Aly Muldowney agus ní fhaca mé sárú Tom McCartney mar húcálaí.

Dá fheabhas iadsan, ní móide go mbuafaidh ‘Cór na dTreabh’ aon duais Oireachtais ná Eisteddfod i mbliana, ach ní chuirfidh sin aon mhúisiam orthu. Binn béal ina thost, sin seanfhocal amháin nach dtugtar aon aird na laethanta seo air ar an mBóthar Beag.

Tá siad in ann corrphriocadh a chaitheamh freisin.

Ag drannadh leis an bhfeadóg dheireanach sa gcluiche in aghaidh na Muimhneach, thosaigh siad ar an lúibín seo:

“Athenry’s in Galway

Athenry’s in Galway

La, la, la, la

La, la, la la”

Bhí an teachtaireacht ag dul ó thuiscint ar mbeirt Mhuimhneach agus d’iarr siad míniú orm.

“Simplí go leor,” a deirimse. “Meabhrú beag daoibhse agus do bhur leithéidí gur sa gcúige sin againne atá na páirceanna uaigneacha atá luaite san amhrán a chum Pete St. John agus a chloistear uaibhse go minic – na cinn as ar díbríodh Michael bocht go Botany Bay. Tá muid faoi réir anois le seilbh a ghlacadh ar ais – orthu féin agus ar an amhrán.”

Leis sin, d’éalaigh siad leo go deas, sibhialta agus seans go raibh Órán Mór fágtha ina ndiaidh acu go maith faoin am ar stop an ceol.

Ná fiafraigh díom cén t-am ar stop an t-ól!