Athdhéanamh ealaíne

Tá buanna ag roinnt le taispeántas nua Kevin Cosgrove nach mórtar i gcónaí san ealaín nua-aimseartha

 

1. Kevin Cosgrove_Remake_oil on linen_mother's tankstation

‘Remake’ is teideal don taispeántas le Kevin Cosgrove, péintéir, atá ar siúl faoi láthair i ngailearaí mother’s tankstation i mBaile Átha Cliath. Ní hé an teideal is spleodraí amuigh é ach is maith mar a thugann sé nod dúinn faoi thábhacht na ceardaíochta atá chomh follasach sin ar a shaothar, idir ábhar agus stíl.

Láithreacha oibre agus deisiúcháin – láithreacha athdhéanta – atá mar ábhar íomhá aige anseo agus is é is túisce a thabharfadh duine faoi deara ná an bheaichte agus an fhuarchúis lena gcuireann sé síos orthu. Léiriú réalaíoch a dhéanann sé a bhraitheann, cuid mhaith, ar na seanchritéir sin nach mórtar i gcónaí san ealaín nua-aimseartha: cruinneas, snas, agus tuiscint don traidisiún.

 

Tá rialtacht áirithe i dtroscán na bpictiúr féin nach mbíogfaidh ‘chuile dhuine – seomraí folmha, uirlisí láimhe, lúba sreanga ar timthriall iontu – ach ar an taobh eile de, tá cúram mór déanta ag Cosgrove den mhionchlaochlú a thagann ar na nithe sin faoi sholas faoi leith.

Ní hionann aon dá gha gréine nó lóchrainn a luíonn ar na seomraí ceirde aige, mar sin ní mar a chéile an buidéal sa saothar thall is an ceann abhus; ní hionann an dronbhacart ar an mballa bán agus an ceann ar an tseilf dhonn. Cuid de cheird Cosgrove féin is ea aird a tharraingt ar an síorathrú seo, ní foláir. Dá réir sin a tharraingíonn sé aird ar obair na péintéireachta féin agus ar an bpróiseas cumadóireachta a bhíonn faoi urú ag an bpictiúr críochnaithe.

 

Mar bhonn leis an taispeántas ar fad tá tuiscint rómánsach ar an obair láimhe agus ar an oiliúint a bhaintear amach trí chleachtadh agus trí dhéanamh. Duine ná deoraí níl in aon cheann de na saothair – ní fheicimid ach a rian. Ach níl aon amhras ach go bhfuil suáilcí an tsaoir, agus an córas lena gcuireann sé chuig an obair, á móradh. Sa chaoi chéanna, tá suáilcí an tsaoir péinte á móradh freisin: airímid go bhfreagraíonn na láithreacha oibre, ar bhealach éigin, don stiúideo, agus go bhfuil córas na péintéireachta traidisiúnta á chur i gcomparáid le gnásanna agus le nósanna an mheicneora nó an tsiúinéara.

Luaitear sa téacs a théann leis an taispeántas gurb iad ‘continuance, on-goingness, tradition’ na clocha coirnéil ar a seasann an saothar. Is ea freisin, ach iad leagtha aige ar bhealach glic a scaoileann solas na comhaimsire tríd.

– Beidh ‘Remake’ ar siúl in mother’s tankstation go dtí an chéad lá de mhí na Samhna. www.motherstankstation.com