Athchóiriú ar theach Thomáis Uí Chriomhthain sa Bhlascaod Mór tugtha chun críche

Bhí drochbhail ar an teach agus gan díon ar bith air ar feadh i bhfad ach tá súil ag Oifig na nOibreacha Poiblí go mbeidh tarraingt mhór ag cuairteoirí ar an teach anois

Athchóiriú ar theach Thomáis Uí Chriomhthain sa Bhlascaod Mór tugtha chun críche

Tá críoch curtha leis an obair athchóirithe a bhí ar bun ag Oifig na nOibreacha Poiblí ar an teach ar an mBlascaod Mór inar chónaigh an scríbhneoir cáiliúil Gaeltachta, Tomás Ó Criomhthain.

Bhí drochbhail ar an teach agus gan díon ar bith air ar feadh i bhfad ach rinneadh obair athchóirithe a chloígh leis an traidisiún le tamall de mhíonna anuas agus tá súil ag Oifig na nOibreacha Poiblí anois go mbeidh tarraingt mhór ag cuairteoirí ar an teach anois.

Rinneadh athchóiriú freisin ar theach eile ar an mbaile san oileán mar chuid den tionscadal athchóirithe agus beidh an teach sin ina láthair fáilte ag cuairteoirí agus ina bunáit ag foireann treoraithe an OPW nuair a chuirfear tús arís le séasúr na turasóireachta in Aibreán.

Ba é Tomás Dhónaill Ó Criomhthain féin a thóg an tigh timpeall na bliana 1888 agus tá cur síos aige in An tOileánach ar an obair a rinne sé:

“Timpeall deich mbliana tar éis pósta dhom do thógas tigh nua. Níor shín fear cloch chugham, ná mairtéal, faid a bhíos á dhéanamh agus do chuireas féin ceann air. Ní tigh mór é; mar sin féin dá mbeadh Rí Seoirse ar a laethanta saoire ar feadh mí ann níorbh é gráinneacht an tighe ba ghalar báis do.”

Ba sa teach céanna a mhúin an t-oileánach Gaeilge do Carl Marstrander, Robin Flower agus Brian Ó Ceallaigh.

Ag labhairt dó faoin teach in 2015, dúirt an craoltóir Dáithí de Mórdha, saineolaí ar an mBlascaod, gur “saghas ollscoil a bhí i dtigh seo an Chriomthanaigh”.

“Díol spéise is ea an mám suntasach litríochta a ceapadh nó a bailíodh sa tigh – na leabhair Allagar na hInise, An tOileánach, Dinnsheanchas na mBlascaodaí agus Seanchas Ón Óileán Tiar, scata giotaí, amhráin agus ailt,” a dúirt sé.

Tagann breis agus 50,000 duine chuig Ionad an Bhlascaoid Mhóir i nDún Chaoin gach bliain agus téann timpeall 10,000 duine isteach chuig an oileán féin, a áirítear mar ‘Pointe Sár-Radhairc’ de chuid Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Ceadaíodh deontas €45,000 sa bhliain 2015 le hathchóiriú a dhéanamh ar an teach. Feisteofar an teach le troscán simplí, ar dhéantús na tréimhse ar chónaigh Ó Criomthain ann, agus tá sé i gceist an trealamh a bhíodh in úsáid san oileán, agus in Iarthar Dhuibhneach i gcoitinne, a chur ar taispeáint sa teach, chun léargas a thabhairt do chuairteoirí ar shaol an oileáin ag tús an fichiú haois.

Fág freagra ar 'Athchóiriú ar theach Thomáis Uí Chriomhthain sa Bhlascaod Mór tugtha chun críche'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Tá sé seo an-suimiúil! Ach ba mhaith liom ceistín a chur más féadar: cad é an rud atá i gceist (gabhaigí mo leithscéal faoin mBéarla!) an seo…

    “Twenty Years A-Growing”, by Muiris Ó Súilleabhain, 1904-1950. The last mentioned has been republished in the World’s Classics and in ??????….

    As an taifeadadh faoi “Hóiméar sa nOileán” atá sé. Duine ar bith? :-)