Athbhreithniú le déanamh ar reachtaíocht teanga ‘sheafóideach’ a tugadh isteach bliain ó shin sa Bhreatain Bheag

Dúirt iar-phríomhfheidhmeannach Bhord na Breatnaise Meirion Prys Jones go raibh an reachtaíocht ‘seafóideach amach is amach’

Athbhreithniú le déanamh ar reachtaíocht teanga ‘sheafóideach’ a tugadh isteach bliain ó shin sa Bhreatain Bheag

Coimisinéir Teanga na Breataine Bige Meri Huws

Tá athbhreithniú le déanamh ar reachtaíocht teanga na Breataine Bige toisc go bhfuil sí “róchasta” dar le hAire na Breatnaise, Alun Davies.

Cé gur chuir Coimisinéir Teanga na Breataine Bige Meri Huws fáilte roimh an athbhreithniú, dúirt sí go raibh sí “croíbhriste” ag na ciorruithe a bhí déanta ar bhuiséad a hoifige le tamall anuas.

Tugadh an reachtaíocht isteach in 2016 agus cuireadh iallach ar rialtais áitiúla, comhlachtaí stáit agus ar an Rialtas féin seirbhísí Breatnaise a chur ar fáil.

Cháin comhlachtaí go leor an reachtaíocht mar gheall ar a chasta is atá sí agus mar gheall ar an gcostas a bhaineann leis na rialacháin nua .

Dúirt Meri Huws gur reachtaíocht “mhístuama” a bhí inti a dhíríonn ar “an bpróiseas seachas ar an toradh”.

“Tá sé in am anois athbhreithniú a dhéanamh uirthi. Níor chabhraigh na ciorruithe a cuireadh i bhfeidhm le trí bliana anuas linn agus an teanga á cur chun cinn againn. Is buillí móra a bhí iontu agus tá mo chroí briste acu,” a dúirt sí.

Tá laghdú 32% tagtha ar bhuiséad an Choimisinéara ó bhí 2013 ann. Tá tuairim is £3 milliún i mbuiséad na bliana seo.

Tá córas na scéimeanna teanga in Éirinn ina ábhar conspóide le tamall de bhlianta anuas chomh maith.

Tá molta ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go dtabharfaí malairt córais isteach in áit chóras na scéimeanna teanga anseo. Mhol an Coimisinéir córas “ina mbeadh níos mó seirbhísí, go háirithe iad sin nach bhfuil ag brath ar acmhainní daonna, sonraithe le rialacháin seachas scéimeanna teanga éagsúla a bheith á n-aontú go malltriallach le comhlachtaí poiblí ina gceann is ina gceann”.

“Níl an córas seo ag oibriú ná ag baint amach na spriocanna atá i gceist leis,” a dúirt an Coimisinéir Teanga agus é ag caint i dTithe an Oireachtais anuraidh.

Dúirt iar-phríomhfheidhmeannach Bhord na Breatnaise Meirion Prys Jones go raibh reachtaíocht na Breataine Bige “seafóideach amach is amach”. Dúirt sé go raibh na hAirí a thug isteach í “gafa lena bheith ag teacht anuas go dian ar eagraíochtaí” agus go raibh an reachtaíocht “an-lag ar fad”.

“Bhí sí ceaptha a bheith simplí agus soiléir agus bhí an córas nua a bheith in ainm is a bheith éasca a thuiscint — ní oibríonn sé.

“An aidhm a bhí leis na ‘caighdeáin’ ná go mbeadh aon chaighdeán amháin ann don Bhreatain Bheag uilig. Tá sé seafóideach amach is amach go mbeadh go leor leor caighdeán ann,” a dúirt Jones.

Tá Cymdeithas yr Iaith Gymraeg, an eagraíocht Bhreatnaise sa Bhreatain Bheag, ag éileamh, áfach, go láidreofaí an reachtaíocht teanga atá i bhfeidhm cheana féin. Dúirt Manon Elin, cathaoirleach choiste cearta teanga na heagraíochta gur cheart go dtiocfadh  an earnáil phríobháideach faoi scáth na reachtaíochta agus gur cheart go mbeadh an ceart ag daoine an Bhreatnais a úsáid “i ngach gné dá saol”.

Idir an dá linn, tá cathaoirleach Cymdeithas yr Iaith Gymraeg, ag diúltú ceadúnas teilifíse a cheannach i mbliana mar agóid ar son na Breatnaise ar theilifís agus raidió na tíre sin.

Tá Heledd Gwyndaf agus baill eile de chuid na heagraíochta ag iarraidh go dtabharfaí níos mó cumhachta do Thionól na Breataine Bige agus dúirt go bhfuil “easpa mhór daonlathais” ar an tseirbhís phoiblí teilifíse agus raidió i láthair na huaire.

“Tá S4C gann ar airgead i láthair na huaire agus tá ganntanas mór Breatnaise ar an teilifís agus an raidió tráchtála. Tá easpa mhór daonlathais ann sa tír freisin mar gheall ar an gcaoi a gcaitheann craoltóir na Breataine Móire linn amhail is gur Sasanaigh muid.

“Tá éiginnteacht ann faoi bhuiséad S4C an bhliain seo chugainn, in ainneoin gealltanais ó na Tóraithe go gcosnófar an buiséad sin. Ní féidir linn leanúint ar aghaidh mar atá agus plé bliantúil ar siúl ag Airí Londan faoina bhfuil i ndán don aon stáisiún Breatnaise amháin atá ann,” a dúirt sí.