Athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga iarrtha ag Aire Stáit na Gaeltachta

Fógraíodh tráthnóna go bhfuil deontas €551,813 le híoc le Muintearas Teo agus deontas €232,629 ceadaithe d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne chun Scéim na gCúntóirí Teanga a reáchtáil don scoilbhliain 2017/2018

Athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga iarrtha ag Aire Stáit na Gaeltachta

Tá iarrtha ag an Aire Stáit Gaeltachta Joe McHugh ar oifigigh Roinn na Gaeltachta athbhreithniú a dhéanamh ar Scéim na gCúntóirí Teanga sna míonna amach romhainn.

D’iarr McHugh go ndéanfaí an t-athbhreithniú ar an scéim “ar mhaithe lena thionchar ar an teanga a mhéadú sna blianta atá romhainn”.

Thug an tAire Joe McHugh an méid sin le fios tráthnóna agus é ag fógairt go raibh deontas €551,813 le híoc le Muintearas Teo agus deontas €232,629 ceadaithe d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne chun Scéim na gCúntóirí Teanga a reáchtáil don scoilbhliain 2017/2018.

Faoi Scéim na gCúntóirí Teanga cuirtear cúntóirí ar cainteoirí líofa Gaeilge iad ar fáil i scoileanna Gaeltachta chun tacú le páistí an Ghaeilge a shealbhú.

Tá an scéim á cur ar fáil ag 95 cúntóir teanga i 106 scoil Ghaeltachta.

Dúirt McHugh go bhfuil “obair fhiúntach” ar bun faoi Scéim na gCúntóirí Teanga “chun deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil d’aos óg na Gaeltachta”.

“Cuidíonn an cúnamh a thugann na cúntóirí teanga atá fostaithe faoin scéim le hiarrachtaí na scoileanna Gaeltachta atá páirteach chun a chinntiú go rachaidh an Ghaeilge ar aghaidh go bisiúil go dtí an chéad ghlúin eile sa Ghaeltacht.

“Le feidhmiú an phróisis pleanála teanga agus an pholasaí don oideachas Gaeltachta araon, is ea is tábhachtaí fós an scéim,” a dúirt an tAire Stáit, Joe McHugh.

Fág freagra ar 'Athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga iarrtha ag Aire Stáit na Gaeltachta'

  • Mänus

    Maith an smaoineamh. Is fiú go mór an scêim sin a thógáil ar ais.