Athbhreithniú ar scéim do stáisiúin raidió pobail Ghaeilge á lorg ag Coiste Oireachtais

Faoi láthair níl ach dhá scéim raidió pobail ann ach thacaigh Coiste Oireachtais le héileamh go n-athródh Foras na Gaeilge an córas maoinithe acu le tacú le stáisiúin nua phobail teacht chun cinn ar fud na tíre

Athbhreithniú ar scéim do stáisiúin raidió pobail Ghaeilge á lorg ag Coiste Oireachtais

Iarrfaidh Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus na nOileán i dTithe an Oireachtais ar Fhoras na Gaeilge athbhreithniú a dhéanamh ar an struchtúr maoinithe atá ag an eagraíocht teanga do stáisiúin phobail Ghaeilge.

Bhí ionadaithe ó Raidió na Life, Raidió Fáilte agus Raidió na dTreabh i láthair ag cruinniú de chuid an Choiste an tseachtain seo agus pléadh “na dúshláin is mó” atá roimh chraoltóirí Gaeilge.

Bhí na trí thoscaireacht ar aon tuairim gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an mbealach a dháiltear airgead ar stáisiúin phobail atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge.

Faoi láthair, tá dhá scéim raidió pobail á reáchtáil ag Foras na Gaeilge, ceann amháin atá oscailte d’iarrthóirí ó dheas agus ceann eile atá oscailte d’iarrthóirí ó thuaidh. Bunaíodh Raidió na Life i 1993 agus is ar an stáisiún sin a bhronntar an maoiniú don stáisiún ó dheas. Bronntar an maoiniú don stáisiún ó thuaidh ar Raidió Fáilte, atá lonnaithe i mBéal Feirste.

Ó tháinig Raidió na dTreabh ar an bhfód i gcathair na Gaillimhe an bhliain seo caite áfach, níl aon mhaoiniú faighte ag an stáisiún nua toisc nach bhfuil an tríú scéim raidió pobail ann.

Mhol Emma Ní Chearúil, bainisteoir Raidió na dTreabh, go ndéanfaí athchóiriú ar na scéimeanna raidió pobail sa chaoi is go mbeadh stáisiúin i gcathracha eile ar fud na tíre in ann cur isteach ar mhaoiniú ón bhForas.

Moladh freisin ag an gcruinniú áfach, nár cheart go mbainfí aon mhaoiniú ón dá stáisiún eile – Raidió Fáilte agus Raidió na Life – le hairgead a thabhairt do stáisiúin nua.

I measc na ndúshlán eile a luadh ag an gcruinniú coiste, bhí an srian a chuirtear i bhfeidhm ar chraoladh Raidió Fáilte i mBéal Feirste. Raidió Fáilte, a bhfuil ionad nua á thógáil faoi láthair acu, teoranta do chúig chiliméadar ón stiúideo ó thaobh craolacháin de. Fágann sé sin gur fíorbheagán den phobal Gaeilge ó thuaidh atá in ann éisteacht le Raidió Fáilte ar an gcóras FM, cé go bhfuil roinnt mhaith éisteoirí ag an stáisiún Gaeilge ar líne.

Tá lucht bainistíochta an stáisiúin ag iarraidh ar Ofcom an riail a bhaineann leis na cúig chiliméadar a chur ar ceal i gcás Raidió Fáilte mar gheall go bhfuil an pobal éisteachta scaipthe fud fad an Tuaiscirt seachas iad a bheith ina gcónaí in aon áit amháin mar a bhíonn i gceist le héisteoirí stáisiúin phobail eile atá faoi chúram Ofcom.

Dúirt cathaoirleach an Choiste, Catherine Connolly, go bhfiosróidh an Coiste ceist na scéimeanna raidió pobail agus ceist Ofcom chomh maith le ceisteanna eile a tharraing lucht Raidió na Life aníos.

Is é Raidió na Life an stáisiún is bisiúla de na trí stáisiún pobail Gaeilge i láthair na huaire agus is é is faide bunaithe freisin. Mhaígh an toscaireacht a bhí ag Teach Laighean inné go bhfuil an stáisiún ag streachailt ó thaobh maoinithe de, cé gur ghabh siad buíochas mór le Foras na Gaeilge as an airgead a chuirtear ar fáil dóibh. Moladh go gcuirfí céatadán áirithe den airgead a bhailítear ón gceadúnas teilifíse i dtreo na stáisiún pobail ar fad, idir Ghaeilge agus Bhéarla, ó dheas.

Fág freagra ar 'Athbhreithniú ar scéim do stáisiúin raidió pobail Ghaeilge á lorg ag Coiste Oireachtais'