Ateangairí Gaeilge ar fáil agus tús curtha le triail fir atá cúisithe as pléascáin a bheith ina sheilbh aige lá roimh chuairt Bhanríona

Sular cuireadh tús leis an triail inniu tugadh le fios don chúirt go raibh a cheart á agairt ag an gcúisí go n-éistfí a chás i nGaeilge agus go raibh ateangairí curtha ar fáil chuige sin

Central-Criminal

Cuireadh tús inniu sa Chúirt Choiriúil Speisialta le triail Donal Billings, fear as St Brigid’s Court i nDroim Lis sa Longfort, a bhfuil sé curtha ina leith go raibh seilbh neamhdhleathach ar phléascáin aige i gcarrchlós stáisiún traenach an Longfoirt an oíche sular cuireadh tús le cuairt Bhanríon na Breataine ar Éirinn in 2011. Phléadáil Billings neamhchiontach as an gcúig chúis atá curtha ina leith.

Sular cuireadh tús leis an triail inniu thug abhcóide lucht an ionchúisimh, Garnett Orange le fios don chúirt go raibh a cheart á agairt ag an gcúisí go n-éistfí a chás i nGaeilge agus go raibh ateangairí curtha ar fáil chuige sin.

Tá sé curtha i leith Billings chomh maith go ndearna sé iarracht cur isteach ar chuairt Bhanríon na Breataine ar Éirinn i mBealtaine 2011 nuair a thug sé rabhadh bréige do na Gardaí maidir le buamaí a bheith curtha i bhfearas i gceannáras Shinn Féin i mBaile Átha Cliath, i mBusáras, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus in Aerfort Chorcaí.

Líomhnaítear go raibh seilbh ag Billings ar ghléas pléascach ar an 16 Bealtaine 2011 agus gur thángthas ar an ngléas pléascach sin ar bhus lasmuigh de Mhaigh Nuad nuair a fuair na Gardaí glaoch ó dhuine anaithnid as an Longfort faoin scéal. Aistríodh 30 paisinéir den bhus agus baineadh an dochar as an ngléas pléascach.

Agus fianaise á tabhairt aige don chúirt inniu, dúirt an Garda Peter O’Donnell go raibh sé ar dualgas i stáisiún na nGardaí sa Longfort ar an 16 Bealtaine 2011 agus gur cuireadh glaoch gutháin ar an stáisiún an oíche sin ag 8.16pm.

Dúirt O’Donnell gur fear a chuir an glaoch ar an stáisiún agus go ndúirt an fear sin leis “éisteacht go cúramach” mar go raibh buama ar bhus as Béal an Átha go Baile Átha Cliath, go raibh buama eile ar bhus i mBusáras agus go raibh an tríú buama ag ceannáras Shinn Féin i mBaile Átha Cliath.

Dúirt an Garda O’Donnell nár aithin sé glór an fhir a bhí ag glaoch.

Cloisfear le linn na trialach freisin fianaise a bhaineann le huimhir an ghutháin a úsáideadh chun glaoch ar an stáisiún. Déarfar gur éirigh leis na Gardaí a fháil amach gur ceannaíodh an cárta SIM don ghuthán áirithe sin i siopa O2 in Ionad Siopadóireachta an Longfoirt ar an 16 Bealtaine 2011.

Agus tús á chur leis an triail inniu, dúradh go n-inseodh an Bleachtaire-Sháirsint Pádraig Jones don chúirt go bhfaca sé físeán CCTV ón siopa O2 agus ón Ionad Siopadóireachta agus go raibh sé in ann an fear a cheannaigh an cárta SIM a dhéanamh amach agus an fear sin a leanacht ar an bhfíseán agus é ag siúl tríd an ionad siopadóireachta.

Cuirfear fianaise faoi bhráid na cúirte chomh maith gur ar an 20 Bealtaine a shocraigh an Garda Síochána, bunaithe ar eolas a bhí ar fáil dóibh, gur mhian leo labhairt leis an gcúisí. Dúirt an tAbhcóide Orange gur thángthas ar phacáistiú agus cárta SIM O2 i gcarr an chúisí i ndiaidh a ghabhála.

Thug Orange le fios don chúirt go raibh uimhreacha gutháin éagsúla lárnach sa chás, ina measc uimhir ghutháin stáisiún na nGardaí sa Longfort, an uimhir ónar tháinig na glaonna agus uimhir IMEI a bhain le fón póca Motorola. Is ionann uimhir IMEI agus an uimhir ar leith a úsáidtear chun gléasanna fóin soghluaiste a shainaithint.

Bhí baint ag an ngné sin den scéal leis an gcás, a dúirt Orange, toisc gur aimsigh na Gardaí fón póca Motorola leis an uimhir IMEI sin i gcarr an chúisí nuair a gabhadh é.

Meastar gur ceithre seachtaine a mhairfidh an triail, atá á héisteacht ag an mBreitheamh Tony Hunt, an Breitheamh Martin Nolan agus an Breitheamh Cormac Dunne.

Fág freagra ar 'Ateangairí Gaeilge ar fáil agus tús curtha le triail fir atá cúisithe as pléascáin a bheith ina sheilbh aige lá roimh chuairt Bhanríona'