ASNC: Séanta ag foireann Nuacht TG4 go bhfuil siad sáinnithe sna 1980í

‘Tá Nuacht TG4 like totally bodacious,’ a deir Páidí Ó Lionáird

ASNC: Séanta ag foireann Nuacht TG4 go bhfuil siad sáinnithe sna 1980í

Tá séanta ag foireann Nuacht TG4 go bhfuil dealramh ag a gclár leis an sórt cláir a dhéantaí i 1983.

Thug baill foirne an chláir nuachta le fios do Ar Son na Cúise nár aontaigh siad le ceannasaí nua TG4 go raibh sé thar am lucht na nuachta a tharraingt in éadan a gcos isteach sa 1990í.

“That was like totally bogus, dude. Tá meas agam ar Papa Smurf. Is righteous dude é Esslemont, ach tá Nuacht TG4 like totally bodacious,” a dúirt Páidí Ó Lionáird.

Tháinig ceannasaí na nuachta féin Michael Lally leis an méid sin.

“Eat my shorts, dude! Tá Nuacht TG4, like, totally bitchin’. Tá an clár sin bad, man. Tá an bulletin seo to the max. I gcead do Kajagoogoo, we come together and make a big sound!” arsa Lally.

Idir an dá linn, tuigtear do Ar Son na Cúise go gcraolfar beo an comórtas nua coimisiúnaithe do chláir an stáisiúin leath-Ghaeilge.

The Extended Ríl Deal agus Na Hunger Games an dá theideal oibre atá ar an tsraith nua ina dtabharfaidh comhlachtaí neamhspleácha aghaidh ar a chéile agus iad ag iarraidh conradh a fháil ón stáisiún.

Deirtear go mbeidh an tsraith dírithe ar an bpobalcroíbhriste agus ar an bpobalarchumasafocleofaoiTG4 araon.

Fág freagra ar 'ASNC: Séanta ag foireann Nuacht TG4 go bhfuil siad sáinnithe sna 1980í'