ASNC: Mac le cainteoir dúchais Gaeilge tofa ina Uachtarán ar SAM, de réir tuairiscí ar na meáin Ghaeilge

Tuigtear do Ar Son na Cúise go bhfuil teagmháil déanta cheana ag Oideas Gael i nDún na nGall le duine de ghiollaí Dhomhnaill Sheáinín Fhreidí féachaint an mbeadh suim ag an Uachtarán nuathofa i gcúrsa ‘Joe McHugh’

ASNC: Mac le cainteoir dúchais Gaeilge tofa ina Uachtarán ar SAM, de réir tuairiscí ar na meáin Ghaeilge

Tá mac le cainteoir dúchais Gaeilge as Oileán Leodhais in Albain tofa ina Uachtarán ar Mheiriceá, de réir tuairiscí ar na meáin Ghaeilge inniu.

Mac é an tUachtarán nuathofa le Máire Nic Leoid, bean a mbíodh briathra binnGhaeilge na hAlban ag teacht ina slaoda uaithi de lá agus d’oíche sular thug sí aghaidh ar Mheiriceá.

Is beag aird atá tugtha ag na mórmheáin liobrálacha Bhéarla ar chúlra teanga Dhomhnaill Sheáinín Fhreidí na dTrumpach, ach de réir saineolaithe ar labhair na meáin Ghaeilge leo, ní rud “neamhghnách” a bheadh ann dá mbeadh “tuiscint éigin” ag a mháthair ar Ghaeilge na hÉireann féin agus ar chanúint Uladh go háirithe.

Maidir le Domhnall Sheáinín féin, meastar go bhféadfadh gur chuala sé focal nó dhó de theanga dhúchais a mháthar agus é ag fás aníos i Nua-Eabhrac, cé gur dóichí go mbeadh na focail sin ligthe i ndearmad aige faoin tráth seo.

Tuigtear do Ar Son na Cúise go bhfuil teagmháil déanta cheana ag Oideas Gael i nDún na nGall le duine de ghiollaí Dhomhnaill Sheáinín Fhreidí féachaint an mbeadh suim ag an Uachtarán nuathofa an cúrsa céanna a dhéanamh is a rinne Joe McHugh, polaiteoir mór le rá eile a chuir suim sa Ghaeilge nuair a tugadh ardú céime i saol na polaitíochta dó.

Tuigtear chomh maith go bhfuil cúrsa d’athfhoghlaimeoirí fásta ar líne tairgthe ag Gaelchultúr don Uachtarán nua.

Sa chás go nglacfadh Domhnall Sheáinín le cuireadh Oideas Gael nó Gaelchultúr, meastar go bhféadfadh go mbeadh dóthain Gaeilge aige chun agallamh beo a dhéanamh idir na ríleanna ar Nuacht TG4 ag Oireachtas na Samhna seo chugainn i gCill Airne.

Idir an dá linn, tá na himpleachtaí a bhaineann le cúlra teanga an Uachtaráin nuathofa do pholasaí oideachais na Gaeltachta agus do Straitéis 20 Bliain na Gaeilge fós á gcíoradh.

Pléifear chomh maith ceist na Gaeilge agus an Uachtaráin ar eagrán speisialta de 7 Lá a chraolfar beo ón mBruiséil an tseachtain seo chugainn.

Tuigtear do Ar Son na Cúise nár éirigh fós le hiarratas an chláir Cormac ag a Cúig ar agallamh le Domhnall Shéainín Fhreidí.

Donald Trump

“Táimid ag glaoch air ó mhaidin, ach is cosúil go bhfuil an fón curtha ar silent aige. Níl sé sách maith, agus déarfaidh mé an méid sin go drámatúil ar an gclár tráthnóna,” arsa Cormac ag a Cúig linn.

Níor éirigh le hiarrachtaí Ar Son na Cúise teacht ar Dhomhnall Shéainín ach an oiread, ach dúirt urlabhraí dá chuid go raibh cúraimí na Gaeilge agus na Gaeltachta ‘tarmligthe’ aige lena Leas-Uachtarán Maidhc na bPinginí. Creidtear nach bhfuil aon fhocal Gaeilge ina phluc ag Maidhc na bPinginí, nó Maidhc Neansaí Dicín, in ainneoin gur de dhúchas iarGhaeltachta ar an dá thaobh é.

“Ní bheidh aon ráiteas faoi cheist na teanga á dhéanamh go ceann tamaill ag Domhnall Sheáinín Fhreidí. Mar a thuigfidh sibh, tá sé thar a bheith gnóthach le cúraimí eile faoi láthair. Tá sé ag rá le tamall go bhfuil rún aige ‘[to] Make America Great Again’ agus tá an obair sin éirithe i bhfad níos dúshlánaí ó shocraigh muintir Mheiriceá gurb é féin a chuirfí go dtí an Teach Bán,” a dúirt an t-urlabhraí.

Níor éirigh le Ar Son na Cúise a dheimhniú cé acu an mbeidh nó nach mbeidh Domhnall Sheáinín ag freastal ar ‘Féasta 100’ i mBaile Átha Cliath, ach tuigtear go ráineodh go mbeidh sé ag athphlandú a chuid gruaige an oíche chéanna.

Níor deimhníodh fós ach an oiread na tuairiscí go bhfuil lucht Oireachtas na Gaeilge ag breathnú ar Trump Tower mar ionad d’fhéile na Samhna 2018, ach meastar go mbeadh dóthain slí ann do na Béarlóirí ar fad a thagann ag triall ar Steip.

Fág freagra ar 'ASNC: Mac le cainteoir dúchais Gaeilge tofa ina Uachtarán ar SAM, de réir tuairiscí ar na meáin Ghaeilge'