ASNC: Joe McHugh ag dul ar aistear eile agus an tSean-Ghaeilge an sprioc an turas seo

Tuigtear do Ar Son na Cúise gur ag foghlaim na Sean-Ghaeilge a beidh Joe McHugh ar a immram státurraithe nua

ASNC: Joe McHugh ag dul ar aistear eile agus an tSean-Ghaeilge an sprioc an turas seo

Fáilte is mó atá curtha ag lucht na teanga roimh an scéala go mbeidh Joe McHugh ag imeacht ar aistear foghlama teanga eile agus é ceaptha don dara huair ina aire stáit Gaeltachta.

Tuigtear do Ar Son na Cúise gur ag foghlaim na Sean-Ghaeilge a bheidh McHugh an turas seo agus go gcuirfidh sé tús lena chéad immram teanga eile san Eilvéis, mar a dtabharfaidh sé tréimhse tumoideachais i mbun staidéir ar Ghluaiseanna chuid de na lámhscríbhinní Gaeilge is ársa dá bhfuil ann.

Meastar nach mbeadh dóthain muiníne aige go fóill le go dtabharfadh sé turas ar Árann na Naomh, ná go deimhin go mbeadh bealach réidh ann aige fiú dá mbeadh an fonn sin air.

D’éirigh chomh maith sin leis an gcéad turas teanga a rinne sé go bhfuil an ‘McHugh Method’ á scagadh anois ag lucht oideachais ar fud an domhain féachaint an é an bealach is fearr le mionteanga a shealbhú ná post saoráideach a fháil in aireacht bheag rialtais a mheastar nach bhfuil mórán tábhachta ag baint léi.

I bhfianaise an ghaisce thaibhsiúil a rinne sé cheana meastar gur beag beann a bheidh McHugh ar shainchóras casta na ngutaí fada agus ar mhoirfeolaíocht próta-Indeorpach na Sean-Ghaeilge.

Dúirt cara amháin le McHugh go mbeadh Mr. Whippy, mar a thug sé le teann ceana ar an bPríomh-Aoire nua, breá ábalta tuisil éagsúla na réamhfhocal a léiriú agus ‘Lon Dubh Loch Lao’ a aithris go fogharchruinn ar Barrscéalta “faoi cheann míosa”.

Dúirt an Taoiseach agus Leon na Gaeilge gur mó ná riamh an inspioráid dó McHugh toisc an dúchas céanna a bheith aige féin agus atá ag an teanga a bheidh á foghlaim ag an Aire.

Idir an dá linn, meastar go bhfuil rún ag McHugh filleadh ar an nua-Ghaeilge sa chás go gceapfaí don tríú huair é ina aire Gaeltachta amach anseo.

Sa chás sin, bheadh sé ar intinn aige ‘scoth-úrscéal Gaeilge ár linne’, a scríobh.

Tuairiscítear go bhfuil roinnt teideal agus téamaí á gcogaint cheana féin ag an nglanfhoghlaimeoir is gasta ar domhan.

I measc na dteideal sin, tá ‘Rothaí Beaga an Fhoghlaimeora’, ‘Déarfaidh Mé Ar mo Bhealach Féin é’ agus ‘Cuaifeach Mo Thuras Beag Baoth’.

Dúirt an Seanadóir Clever Trevor go raibh an tSean-Ghaeilge ‘caite sna fataí lofa’ ag an Rialtas.

Dúirt Éamó gur shaibhre an tSean-Ghaeilge a bhí ann lena linn féin mar Aire agus gur thairbhí go mór fada do McHugh staidéar a dhéanamh ar na gluaiseanna aisteacha iomadúla a d’fhág sé féin ar lámhscríbhinní na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge fadó fadó nuair ab ann do Roinn na Gaeltachta.

Ní raibh cead cainte ag Seán Kyne mar go raibh gobán ann sa chúinne dána, áit a gcuirtear aon duine a léiríonn gur mó an tuiscint atá aige ar a chúram ná atá ag an múinteoir féin.