ASNC: Físeán gáirsiúil ‘X-rated’ de Chorn Uí Riada á scaipeadh

Tá fiosrúchán ar bun ag Oireachtas na Gaeilge faoi fhíseán ina bhfuil iompar X-aicmithe ar bun timpeall ar chorn ársa mhórchomórtas an tsean-nóis

ASNC: Físeán gáirsiúil ‘X-rated’ de Chorn Uí Riada á scaipeadh

Tá scaipeadh tréan á dhéanamh ar fhíseán gáirsiúil graosta de ghrúpa daoine ag ceiliúradh agus Corn Uí Riada ina seilbh.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil fiosrúchán ar bun ag Oireachtas na Gaeilge faoin bhfíseán ina bhfuil iompar X-aicmithe ar bun timpeall ar chorn ársa mhórchomórtas an tsean-nóis.

Ní raibh urlabhraí ón Oireachtas sásta aon rud a rá inniu seachas go bhfuiltear ag iarraidh labhairt le haon duine a bhí i láthair nuair a taifeadadh an físeán in óstán a chreidtear a bheith i ndeisceart na tíre.

Tá rabhadh tugtha chomh maith ag lucht an Oireachtais do dhaoine gan an físeán “atá glan i gcoinne spiorad Fhéile na nGael” a scaipeadh toisc go bhfuil radhairc ann nach bhfuil oiriúnach, go háirithe do Ghaeil óga a bhí faoi bhun 35 bliain d’aois Lá Samhna 2017.

San fhíseán gáirsiúil tá Corn Uí Riada le feiceáil go soiléir agus suas le seisear timpeall air, cuma shúgach go maith orthu agus iad ag canadh amhráin ársa éagsúla, gan aon bheann acu ar dhea-fhoghraíocht ná ar bhrí na bhfocal.

I radharc eile, feictear fear meánaosta ag rá Pluid Dhorcha Leára agus é ar nós chuma liom faoina chuid ‘ornáidíochta’ agus a ‘mhaisiú’ ina chiseach aige.

Ní hamháin sin ach tá an dá shúil ar leathadh ag an bhfonnadóir gan cás gan náire, é ag luascadh anonn agus anall le meadaireacht na véarsaí sa tslí go mba dhóigh leat gur amhrán i stíl nach sean-nós í atá á chanadh aige.

Sa radharc is conspóidí ar fad san fhíseán tá Corn Uí Riada á ardú ag bean óg fad is atá amhrán nuachumtha atá bríomhar agus lán mothúchán á rá aici.

Mar bharr ar an ngraostacht, ní d’fhonn traidisiúnta fiú a ceapadh an t-amhrán atá le cloisteáil sa chuid sin den fhíseán.

Ní fios go fóill an ndéanfar rannpháirtithe an fhíseáin a dhícháiliú ó chomórtais an Oireachtais. De réir rialacha na féile is ceadmhach duine a tharraingeodh ‘míchlú ar an sean-nós’ a bheáráil ó na comórtais go dtí Oireachtas 2050 a bheidh ar siúl i gCill Airne.

Má mheastar nach leor sin mar phionós d’fhéadfaí iallach a chur ar dhuine freastal ar chomórtas Chorn Uí Riada ó thús go deireadh.

Fág freagra ar 'ASNC: Físeán gáirsiúil ‘X-rated’ de Chorn Uí Riada á scaipeadh'

  • Con

    Dheanfai cuid mhaith mhor acu a dhichailiu ar an mbonn sin mhuise.

  • aedin ni dhiarmada

    Ní cheart dúinn a bheith ag caitheamh breithiúnais ar a leithéid d’iompair – ní aontím leis mé féin, ach níor tharla sé le linn chomórtais agus tá sé de cheart ag gach duine a rogha ruda a dhéanamh (as radharc iad siud atá fós faoi 35)