ASNC: ‘Drochfhoghraíocht’ ar Raidió na Gaeltachta ba chúis le sceimhle sa Ghúm

Bhí an Gúm ina chíor thuathail ar maidin nuair a bhain eagarthóir cúnta éaduairim as ceannlíne nuachta

ASNC: ‘Drochfhoghraíocht’ ar Raidió na Gaeltachta ba chúis le sceimhle sa Ghúm

Lig plúr na n-aistritheoirí Gaeilge osna mhór faoisimh inniu nuair a tháinig soiléiriú ó Pyongyang agus Casla gur ar Ghuam seachas ar an nGúm atáthar ag bagairt ionradh a dhéanamh.

Eagarthóir nár chuala i gceart ceannlíne nuachta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ba chúis leis an míthuiscint a bhain creathadh mór as foireann an fhoilsitheora ársa.

Tuigtear do Ar Son na Cúise gur fhág an mhíthuiscint chomh suaite sin foireann an Ghúim gur cuireadh stop láithreach leis an bplé a bhí ar bun acu faoi cé acu an ndéanfaí nó nach ndéanfaí caighdeánú ar lagiolraí áirithe i dtéacsleabhar scoile a bhfuil an tríú babhta dianphrofála á dhéanamh faoi láthair air.

Dúirt Gúmadóir amháin le Ar Son na Cúise go raibh a fhios aige láithreach “go raibh rud éigin cearr” nuair a chuala sé scréach uafáis ón eagarthóir.

“Is minic a chloisfeá a leithéid ón duine céanna ach níor mhar a chéile an scréach seo agus an scréach a chloisfeá uaidh nuair a thagann sé ar abairt a mheasann sé dul an Bhéarla a bheith uirthi.

Sheas sé agus dath an bháis ar a éadan agus thosaigh ag béicigh, ‘Táid ag teacht! Táid ag teacht! Táid ag teacht faoi dheireadh chun sinn a dhíothú! Tabhair libh na chéad eagráin agus bíodh gach aon fhear ina bheirt!’

“Dúirt sé rud éigin ansin faoi ‘chomhrac go himirt anama’. Dúirt eagarthóir cúnta óg, arbh léir anbhá a bheith uirthi, nach raibh an leagan sin aici. ‘Tá sé ag de Bhaldraithe! Cuardaigh é!’ a bhéic an t-eagarthóir in ard a chinn agus a ghutha sular chrom sé ar bhosca mór de litreacha gearáin ón gCadhnach agus Mac Grianna a shacadh in aghaidh an dorais.

De réir tuairisc an Ghúmadóra, bhí an áit ina chíor thuathail faoin tráth seo. D’ardaigh bean amháin cóip den Foclóir Póca san aer agus dúirt, “Maith dom an Béarla, ach ‘From my cold dead hand’!”. D’fháisc fear eile cóip d’aistriúchán Mhic Grianna ar Ben Hur lena ucht agus thosaigh ag pusaíl ghoil.

Bhí daoine eile ag breith chucu féin, ag eascainí ar Fhorasóirí, thuaidh agus theas, agus ag agairt ar spioraid na gcéad Ghúmadóirí fóirithint orthu in am an ghátair.

Is ansin a cuireadh ar a súile dóibh an mhíthuisicnt, a deir an Gúmadóir.

“Bhí intéirneach óg ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta ar an ifón agus teacht aige dá bharr ar na scéalta is déanaí ón saol mór. Is go stadach a labhair sé: ‘An bhfuil tú cinnte nach ar Ghuam atáthar ag bagairt ionradh a dhéanamh seachas orainne. Tá Frank Reidy thiar i gCasla ag trácht ar an scéal is déanaí ó Pyongyang agus an raic idir Meiriceá agus an Chóiré Thuaidh.’ Bhí tost ann. D’fhéachamar ar a chéile agus ansin d’fhéachamar ar fad ar an eagarthóir.”

“Rinne sé a mharana ar an méid sin ar feadh tamaill. ‘Deinim amach,’ ar sé faoi dheireadh agus é ag glanadh an allais dá éadan, ‘go dtabharfaimid na cosa linn an babhta seo’.”

Ghlaoigh an t-eagarthóir sinsearach ansin ar Pyongyang agus Casla araon agus fuair deimhniú oifigiúil gur sa Ghuam ba cheart imní a bheith ar dhaoine.

Nuair a bhí an tsíocháin i réim arís, socraíodh go mbeadh cruinniú ann faoin eachtra.

Aontaíodh ag an gcruinniú gur fhoghraíocht shleamchúiseach an chraoltóra ar Raidió na Gaeltachta ba bhun leis an míthuiscint.

Tuigtear do Ar Son na Cúise gur beartaíodh ag an gcruinniú céanna na lagiolraí neamhchaighdeánacha a cheadú.

Fág freagra ar 'ASNC: ‘Drochfhoghraíocht’ ar Raidió na Gaeltachta ba chúis le sceimhle sa Ghúm'

  • Breathnóir

    Ar fheabhas! Ba cheart go mbeadh ASNC ann níos minice :-)

  • Jack Ó Drisceoil

    Fíor-mhaith. Ní aontaím leis an gcinneadh a rinneadar ag an deireadh, áfach .i. na lagiolraí neamhchaighdeánacha a fhágáil mar a bhíodar: díomách.