ASNC: Aodhán Right On Ó Ríordáin i bhfolach agus olc curtha aige ar an Taliban

In óráid a thug sé sa Seanad inné, chuir Right On Ó Ríordáin an Taliban i gcomparáid le gluaiseacht na Gaeilge

ASNC: Aodhán Right On Ó Ríordáin i bhfolach agus olc curtha aige ar an Taliban

Tuairiscítear go bhfuil an Seanadóir Aodhán Right On Ó Ríordáin i bhfolach ó thráthnóna aréir i ndiaidh dó olc a chur ar an Taliban.

In óráid a thug sé sa Seanad inné, chuir Right On Ó Ríordáin an Taliban i gcomparáid le gluaiseacht na Gaeilge, ráiteas a chuir an ghoimh ar lucht ceannais an ghrúpa cheartchreidmhigh san Afganastáin.

Agus sos á ghlacadh óna jihad aige, dúirt urlabhraí de chuid an Taliban le Ar Son na Cúise, agus le Ar Son na Cúise amháin, gur ‘masla millteach’ a bhí i gcaint an tSeanadóra.

“Gluaiseacht ar strae atá i ngluaiseacht na Gaeilge ó bhí bríste gearr ar Mhullah Omar. Masla thar na bearta é dream tuisceanach cosúil linne a chur i gcomparáid le barbaraigh bhunchreidmheacha neamhscrupallacha mí-éifeachtacha mar sin. Tá an Taliban chomh glan le hanam asail i gcomparáid le gluaiseacht seo na Gaeilge.

“Fiú an tseachtain seo caite bhí siad i mbun uafáis arís agus iad ag tabhairt ar pháistí óga neamhurchóideacha 50 dúshlán a dhéanamh ar son teanga nach bhfuil ag cuid acu féin ach ar éigean. Tuairiscíodh anseo i dTora Bora gur earcaíodh cuid de na páistí bochta seo seo chun labhairt ar Ardtráthnóna ar Raidió na Gaeltachta. Fágann ainghníomhartha mar seo an muide in áit na leathphingine.”

Thug urlabhraí an Taliban le fios go mbeadh lá stocaireachta i mBuswells an tseachtain seo chugainn acu chun aird a tharraingt ar chaint ghránna ainsrianta an Ríordánaigh. Ghlacfaí agus scaipfí ‘selfie’ le Heather Humphreys ‘dá mba ghá’, a bhagair siad.

“Tá sé thar am buille dá mbata féin a bhualadh ar Ghluaiseacht na Gaeilge,” a dúirt urlabhraí an Taliban.

Tuairiscítear go bhfuil feachtas nua beartaithe ag an Taliban chun cur i gcoinne lucht a mbasctha agus an Ríordánaigh Right On.

‘Corcra i mo Bhurka’ is mana don fheachtas nua agus táthar i mbun machnaimh ar haischlibeanna oiriúnacha.

Idir an dá linn, dúirt urlabhraí thar ceann an Ríordánaigh Right On go raibh “eagla a chraicinn” ar an Seanadóir ach “nach gcuirfí ina thost é, ná baol air”.

“Gnáthpholaiteoir ó ghairm d’aicme oibre Bhaile Átha Cliath é Aodhán nach bhfuil mórchúis ná postúlacht ar bith ag baint leis,” a dúirt an t-urlabhraí.

Fág freagra ar 'ASNC: Aodhán Right On Ó Ríordáin i bhfolach agus olc curtha aige ar an Taliban'

  • Fearn

    Shíl mé go raibh sé ag tagairt don “Tamhlacht Bhán”