ASNC: An dlí á chur ar lucht ‘An Pop Up Gaeltacht’ i mBaile Átha Cliath

Cás cúirte á ghlacadh ag muintir Ráth Chairn in aghaidh hiopstairí na preabGhaeltachta

ASNC: An dlí á chur ar lucht ‘An Pop Up Gaeltacht’ i mBaile Átha Cliath

Bunaitheoirí 'Pop Up Gaeltacht' BÁC (ar chlé) agus Éamon De Valera, bunaitheoir 'Pop Up Gaeltacht' na Mí

Tuigtear do Ar Son na Cúise, agus do Ar Son na Cúise amháin, go bhfuil cás cúirte á ghlacadh ag muintir Ráth Chairn i gcoinne lucht ‘An Pop Up Gaeltacht’.

Tá an dlí á chur ar Ghaelhiopstairí na preabGhaeltachta ag muintir Ráth Chairn a mhaíonn gur leo féin an coincheap don ‘Pop up Gaeltacht’ agus gur iad féin a bhunaigh an chéad ‘Phop up Gaeltacht’ ar bhánta féarmhara na Mí breis agus 80 bliain ó shin.

Dúirt PríomhGhaltee Chomharchumann Ráth Chairn le Ar Son na Cúise aréir nach raibh “muintir Ráth chun ligean do shower Dubs a dhul ag méiseáil le hoidhreacht Ghaelach ársa ‘Pop up Gaeltacht’ Dev”.

Is é Dáithí Mac Cárthaigh, an dlíodóir mór le rá, atá fostaithe ag muintir Ráth Chairn chun a gcás a throid.

“Tá an fhianaise soiléir, is é Éamon de Valera, i 1935, a bhunaigh an chéad Phop up Gaeltacht in Éirinn. Sop in áit na scuaibe agus sárú ar chóipcheart atá in aon phreabGhaeltacht eile,” a dúirt Mac Cárthaigh.

Thosaigh an fear dlí ag amhrán ansin chun tacú lena áiteamh. 

Tógadh talamh ar phócaí folmha/ is cuireadh rudaí i gcaoi/ Ó thug gach éinne cabhair dá chéile/ Is mhaolaigh sin ár gcás/ Bhí De Valera ceart an chéad uair/ Bhí préamh na Gaeilge ag fás.”

Tá neart ceiliúrán eile as Ráth Chairn ag tacú leis an gcás freisin, ina measc an láithreoir teilifíse agus raidió Bláthnaid Ní Chofaigh.

Mhaígh an réalta rua go bhfaigheadh aon hiopstar a chuirfeadh smál ar chlú Ghaeltacht na Mí “rap maith dá mála ríomhaire glúine”.

Idir an dá linn, tá gearrscéal staire turgnamhach ina samhlaítear Éamon De Valera féin mar an chéad ‘hiopstar’ cumtha ag an scríbhneoir Liam Mac Cóil ar mhaithe le haird a tharraingt ar chás mhuintir Ráth Chairn.

“Smaoinigh gur fear é seo a raibh rothar giarshocraithe aige, agus an gcreideann aon duine dáiríre go raibh lionsaí sna spéaclaí ‘retro’ sin a bhíodh á gcaitheamh aige?” arsa Mac Cóil.

Tá a gcuid féin á dhéanamh freisin ag muintir Chóil Neaine Pháidín, na Seoighigh, na Méalóidigh agus na Cróinínigh chun an fód a sheasamh i gcoinne fhórsaí dorcha hiopstaracha Bhaile Átha Cliath.

Mar amhrán a chuirfidh idir Mhéalóidigh dhubha agus Mhéalóidigh bhána a gcuid fianaise i láthair na cúirte. Is mar lúibín agus damhsa a chuirfidh Máirtín Chóil Neaine a chuid fianaise féin i láthair. 

Meastar go mbeidh seirbhís ateangaireachta ag teastáil ó Ghaeil na hardchathrach don chuid seo d’imeachtaí na cúirte.

Dúirt foinse amháin ó lucht an ‘Pop Up Gaeltacht’ san ardchathair gur le “meascán den íoróin agus den mheathshult is dual dóibh” atá na Gaelhiopstairí ag glacadh leis an scéal go bhfuil an dlí á bhagairt orthu.

Tuigtear do Ar Son na Cúise go bhfuil an scéal ar fad á scrúdú go mion ag muintir Sheanadh Phéistín, ceantar atá luaite le bunú ‘Pop Up Gaeltacht’ de chuid Chumann na nGael nuair nach raibh Bord na Leabhar Gaeilge ná fiú ‘caoirigh na japs’ féin i Ráth Chairn.

Fág freagra ar 'ASNC: An dlí á chur ar lucht ‘An Pop Up Gaeltacht’ i mBaile Átha Cliath'

  • Fearn

    Is maith liom an preabGhreann seo!!

  • RowleyBirkinQC

    Iontach! ?

  • Éamonn Ó Dónaill

    An sliocht is greannmhaire atá léite agam le fada!

  • Máire Uí Dhufaigh

    An-bharúil!

  • Annmarie Ní Chorcráin

    ?? iontach!