Arsenal v Liverpool: Cúig chluiche nach ndéanfar dearmad orthu

Cé go bhfuil an cluiche a shocraigh an tsraith i 1989 ar cheann de na cluichí is cáiliúla idir Liverpool agus Arsenal, ní raibh aon easpa corraí i gcuid de na cluichí sraithe le deich mbliana anuas.

Liverpool 2-2 Arsenal, 21 Nollaig 2014

Is é seo an cluiche is déanaí a d’imir na foirne agus ar nós cuid mhaith de na cinn ar an liosta seo, bhí sé lán aicsin go dtí na soicindí deireanacha.

Seacht nóiméad isteach in am gortaithe sa chluiche seo in Anfield, d’éirigh Martin Skrtel in airde os cionn chosantóirí Arsenal agus isteach san eangach ar nós urchair a chuaigh an liathróid. Is mar gheall ar ghortú cloiginn a bhain de Skrtel go raibh an méid sin am breise ann. Bhain sé leas as an am sin chun Liverpool a tharraingt ar ais ar comhscór.

Is iad an fhoireann baile a chuaigh chun tosaigh díreach roimh leath ama nuair a d’aimsigh Philippe Coutinho cúl breá. D’fhreagair Arsenal agus Mathieu Debuchy iad ar an bpointe agus nuair a scóráil Olivier Giroud sa dara leath, dhealraigh sé go mbeadh an bua ag foireann Arsene Wenger. Chuaigh rudaí in olcas ar fad do Liverpool nuair a cuireadh Fabio Borini den pháirc gan é ach tagtha isteach mar ionadaí. Agus 9 nóiméad am gortaithe fógartha, suas leis an Slóvacach bindealán air chun an buille comhscóir a fháil os comhair an Kop.

Liverpool 5-1 Arsenal, 8 Feabhra 2014

Ag an tráth seo anuraidh, bhí Arsenal ar bharr na sraithe agus caint á déanamh go mbeadh siad in ann a gcéad sraith a bhuachan ó 2004. Ach pé muinín a bhí ag foireann Wenger roimh an gcluiche seo, bhí tráite taobh istigh de 20 nóiméad dochreidte in Anfield.

raibh nóiméad fiú imeartha nuair a chuir an fear sin, Skrtel, Liverpool chun cinn. Bhí an fhoireann baile 2-0 chun cinn taobh istigh de chúig nóiméad nuair a d’aimsigh Skrtel a dhara cúl den lá ó chic cúinne. Chuir Raheem Sterling cúl eile idir na foirne go luath ina dhiaidh sin agus gan ach 19:17 ar an gclog. Bhí Liverpool 4-0 chun cinn, a bhuíochas do chúl ó Daniel Sturridge.

D’aimsigh Sterling cúl eile d’fhoireann Brendan Rodgers sa dara leath agus cé go bhfuair Mikel Arteta ceann do Arsenal roimh an deireadh, níor thug sé mórán sóláis do lucht tacaíochta na nGunners. Thit iarracht Arsenal ar an tsraith as a chéile tar éis an toraidh seo, Liverpool á sárú sa tábla go luath ina dhiaidh.

Arsenal 1-1 Liverpool, 17 Aibreán 2011

Imreoir Liverpool, Dirk Kuyt, tar éis dó a chic éirice a shlánú in am gortaithe i gcoinne Arsenal i 2011.
Imreoir Liverpool, Dirk Kuyt, tar éis dó a chic éirice a shlánú in am gortaithe i gcoinne Arsenal i 2011.

Dála an chluiche aimsir na Nollag seo caite, b’aisteach an méid am gortaithe a imríodh sa choimhlint idir na foirne ag na Emirates i 2011. Tar éis do Jamie Carragher a bheith leagtha amach sa dara leath, d’fhógair an réiteoir, Andre Marriner, go raibh 8 nóiméad d’am breise ag teastáil ach leis an ruaille buaille uile a bhí ann sa tréimhse sin, bhí 102 nóiméad ar an gclog faoin am gur shéid sé an fheadóg dheireanach.

Bhí am cúitimh beagnach caite nuair a thug imreoir Liverpool, Jay Spearing, cic éirice uaidh tar éis dó calaois a dhéanamh ar Cesc Fabregas. Shlánaigh Robin Van Persie a iarracht tar éis 97 nóiméad, ach ní raibh deireadh tagtha leis an scéal fós.

Cúpla nóiméad ina dhiaidh, rinne cosantóir Arsenal, Emmanuel Eboue feall ar Lucas Leiva i mbosca Arsenal agus thug sé an deis do Dirk Kuyt cúl an chomhscóir a aimsiú, deis a thapaigh sé chun buille marfach a thabhairt d’Arsenal agus a bhfeachtas sraithe a chur ó mhaith ar fad.

Liverpool 4-4 Arsenal, 21 Aibreán 2009

Ba iad Liverpool a bhí ag súil leis an tsraith a bhuachan an séasúr seo agus foireann Rafa Benitez san iomaíocht le Man Utd ag barr an tábla.

D’fhreagair Liverpool cúl Andrei Arshavin le cúil ó Fernando Torres agus Yossi Benayoun ach ní raibh deireadh déanta ag an Rúiseach fós, ná baol air. D’aimsigh Arshavin a dhara cúl den oíche tar éis 67 nóiméad agus trí nóiméad ina dhiaidh, chuir sé Arsenal ar ais chun cinn.

Comhscór a bhí arís  ann nuair a d’aimsigh Torres cúl eile do Liverpool agus ba iad a bhí sa treis nó gur éirigh le Arshavin a cheathrú cúl den oíche a aimsiú ar an bhfrithionsaí. D’aimsigh Yossi Benayoun cúl an chomhscóir leis an mbuille deireanach, ach bhí an damáiste déanta agus deireadh le hiarracht Liverpool an tsraith a bhuachan. Cé gur bhain siad barr na sraithe amach, d’fhág difríocht na gcúl agus cluichí breise Man Utd gurbh iad buíon Alex Ferguson a bhí ag ceiliúradh ag deireadh an tséasúir.

Arsenal 4-2 Liverpool, 9 Aibreán 2004

Chas na foirne seo ar a chéile ar Aoine an Chéasta deich mbliana ó shin agus seans go dtagann tromluí ar Jamie Carragher tar éis an chéasta a rinne Thierry Henry air sa chluiche seo.

Bhí Arsenal tar éis a bheith díbeartha as Corn an FA chomh maith le Sraith na gCuradh an tseachtain roimhe, ach ba ríléir ó thús cén toradh a bheadh ann sa chluiche áírithe seo.

Saoráideach go maith a tháinig sé chuig Henry agus d’éirigh leis an bhFrancach trí chúl a fháil.

Chuaigh Liverpool chun tosaigh faoi dhó sa chluiche seo ach ní raibh freagra ar bith acu nuair a dhúisigh Arsenal agus Henry sa dara leath. Níor chaill foireann Wenger cluiche ar bith agus iad ag déanamh ar bhua eile sa tsraith i 2004. I bhfianaise taispeántais mar seo, ní raibh aon amhras ann ach go raibh sé tuillte acu.

Fág freagra ar 'Arsenal v Liverpool: Cúig chluiche nach ndéanfar dearmad orthu'