Arsa C.S. Lewis le Sigmund Freud, ní ‘fiach i ndiaidh na gealaí’ an creideamh…

Sa dara halt inár sraith faoi shaothar spioradálta C.S. Lewis, caitear súil ar ‘Mere Christianity’ a thugann aghaidh ar chuid d’argóintí Sigmund Freud i dtaobh ‘fiach i ndiaidh na gealaí’

Arsa C.S. Lewis le Sigmund Freud, ní ‘fiach i ndiaidh na gealaí’ an creideamh…

Sa chéad apologia leis, Mere Christianity, pléann C.S. Lewis ‘Dlí an Nádúir’ nó ‘Dlí Nádúr an Duine’ agus téann i ngleic le cuid d’argóintí Sigmund Freud maidir leis an gcreideamh agus ‘fiach i ndiaidh na gealaí’ nó comhairle in aice le do thoil.

Maidir le Dlí an Nádúir, deir Lewis gurb éard a thuigtear leis an téarma seo anois ná dlí na himtharraingthe nó dúchas an duine agus a leithéid. Má chaitear fear suas san aer, titfidh sé anuas arís; níl aon rogha aige mar gheall air, ach oiread is a bheadh rogha ag cloch a chaithfí san aer. Tá an fear agus an chloch araon faoi réir ag Dlí an Nádúir sa chiall sin den téarma.

Is é a scarann an duine ón gcloch nó ón ainmhí, áfach, ná go bhfuil dlí ann ar féidir leis an duine neamhaird a thabhairt air. Dlí an Nádúir a thugtaí air seo, a deir Lewis, toisc go dtuigeadh daoine go nádúrtha é agus nár ghá é a mhúineadh dóibh.

Tugann Lewis dúshlán na ndaoine a deir nach féidir brath ar Dhlí an Nádúir de bharr nár mhar a chéile an córas moráltachta a bhain le gach sibhialtacht i ngach aois. Cé go bhfuil miondifríochtaí eatarthu, is mó go mór na cosúlachtaí atá eatarthu, a deir Lewis, agus tá fianaise tugtha aige air seo in aguisín leabhair eile dá chuid, dar teideal The Abolition of Man.

Tagraíonn sé don aguisín seo in Mere Christianity agus luann mar shamplaí den fheiniméan atá i gceist aige, muintir ársa na hÉigipte, na Bablónaigh, na Hiondúigh, na Sínigh, na Gréagaigh agus na Rómhánaigh. (Tá samplaí san aguisín féin d’fhoinsí na mbundúchasach san Astráil).


C.S. Lewis, an streachailt agus an sonas a thagann aniar aduaidh orainn


Fiú agus difríochtaí idir tuairimí daoine maidir leis an méid a gcreideann siad ann, tá caighdeán coiteann ann a n-aontaíonn daoine leis, a deir Lewis, bídís sásta é sin a admháil nó ná bíodh. Tabhair faoi deara an méid a déarfaí le fear a shuífeadh i gcathaoir duine eile nó le fear a léimfeadh isteach i scuaine roimh dhaoine eile, cé go raibh na daoine sin ansin roimhe. Ní fada go gcuirfí sin ar a shúile dó.

Lena chois sin, is nós le daoine leithscéal a dhéanamh nuair a dhéanann siad rud éigin as bealach; ‘bhí tuirse orm agus cantal orm dá réir’; ‘bhí mé gann ar airgead ag an am agus ní bhíonn dlí ar an riachtanas’. I bhfocail eile, téann sé dian orainn é a admháil nuair a bhrisimid an ‘dlí’ seo, a deir Lewis.

Go hachomair, más ea, tá dlí ann agus tá a fhios againn nuair a bhrisimid é. Is é seo bunáiteamh agus buntráchtas Lewis sa chéad chuid de Mere Christianity.

Sa chéad chaibidil eile, labhraíonn Lewis ar fhear a chloiseann fear eile ag béiceach chun cabhair a fháil. Sa chás sin, beidh fonn ar an gcéad fhear teacht i gcabhair ar an dara fear, nó sin, beidh fonn air dainséar a sheachaint agus gan cabhair a thabhairt do mo dhuine. Deir Lewis, áfach, go bhfuil ‘an tríú rud ann’ – tertium quid – a thugann breith ar an dá instinn (instinct) agus a dhéanann cinneadh eatarthu. Glaonn sé an Dlí Morálta air seo.

Freagra a bhí sa tertium quid orthu siúd a dúirt nach raibh sa Dlí Morálta ach fonn a theacht ar dhuine an slua a leanúint (i.e., déanamh mar a dhéanann cách – herd instinct), nó claonadh an duine é féin a chosaint (preservation instinct). Forbraíonn Lewis an argóint seo.

Dá mba ionann an Dlí Morálta agus ceann dár n-instinní, bheimis in ann samplaí a thabhairt d’instinn atá i gcónaí ‘go maith’ – ach ní féidir linn sin a dhéanamh. Is í an fhírinne, a deir Lewis, go mbíonn amanna ann gur gá srian a chur ar instinn áirithe agus amanna gur gá ugach a thabhairt duit féin déanamh dá réir. Luann sé an tírghrá, grá máthar agus mianta collaí mar shamplaí de seo.

Filleann sé ar cheist na sibhialtachtaí agus ar a raibh de dhifear idir a gcórais mhoráltachta. Deir sé go bhfuil tuairim ag gach duine maidir le cé acu córas ab fhearr. ‘Chomh luath agus a deir tú go bhfuil córas moráltachta amháin níos fearr ná córas moráltachta eile, tá an dá chóras á dtomhas agus á meas agat de réir caighdeáin éigin. Ach ní hionann an caighdeán lena dtomhaistear an dá chóras agus an dá chóras astu féin.’

book-reviews-mere-christianity-by-c-s-lewis_1Arís ar ais, cé go bhfuil difríochtaí idir tuairimí daoine maidir leis an rud is ‘dea-iompar’ ann, cruthaíonn an méid a mheasaimid faoi na difríochtaí seo gurb é a mhalairt atá fíor agus go gcreidimid ina leithéid de choincheap agus ‘caighdeán coiteann’.

Áitíonn Lewis go bhfuil údar leis an gcaighdeán seo nó leis an ‘dlí’ seo a bheith ‘ag brú anuas orainn’ agus meabhraíonn dúinn ag an am céanna nach gcloímid leis ach go hannamh. Creideann sé nach é an duine a thug ann é ar chor ar bith ach go bhfuil foinse osnádúrtha aige. Ón bpointe seo amach, cromann Lewis ar chás a dhéanamh ar son na Críostaíochta, ag míniú a bhfuil de dhifear idir fealsúnacht an ábharaí, fealsúnacht fhórsa na beatha, agus na dearcthaí éagsúla creidimh, á rá cén fáth agus cén chaoi, dar leis, a dtugann an Chríostaíocht freagraí ar cheisteanna nach bhfuil freagraí orthu sna dearcthaí saoil eile.

Tosaíonn sé plé ar an maitheas agus ar an olc agus tugann cúiseanna, dar leis, a raibh gá le Páis agus le bás Chríost. Argóint thraidisiúnta a chuirtear chun cinn anseo, áit a ndeirtear gur ghá an duine ‘a chur ar an taobh ceart de Dhia an athuair’ chun a pheacúlacht a chur ar ceal. Mar chuid den phlé sin, tugann sé aghaidh ar cheist na fulaingthe (ceist a phléifear, mar aon le breith Chríost, níos doimhne sa chéad alt eile sa tsraith seo) agus ar an argóint is mó a dhéantar i gcoinne dearcadh spioradálta: má tá Dia grámhar ann, cén fáth a bhfuil an domhan chomh héagórach agus chomh cruálach sin? Ag eascairt as an gceist sin, fiafraíonn Lewis cá bhfios do dhuine go bhfuil an saol amhlaidh agus cé as a dtagann coincheap seo na córa agus an cheartais: ‘Ní deir fear go bhfuil líne cam mura bhfuil tuiscint éigin aige ar an rud is líne dhíreach ann’.

Amach ó anbhroidí an tsaoil, deir Lewis gur cuid d’fhulaingt an duine is ea géilleadh do thoil Dé, próiseas atá thar a bheith pianmhar agus atá i bhfad amach ó bheith ‘ag fiach i ndiaidh na gealaí’, mar a thug Freud le tuiscint. Níl aon amhras ach go dtugann an creideamh an-sólás go deo do dhuine, a deir Lewis, ach ní mar sin a thosaíonn sé ná baol air.

An meall is mó ar deireadh; freagra Lewis orthu siúd a deir nach raibh in Íosa Críost ach sármhúinteoir moráltachta:

‘Mura mbeadh i gceist ach duine a déarfadh leithéidí na rudaí a dúirt Íosa, ní teagascóir mór moráltachta a bheadh ann. Is gealt a bheadh ann – an cineál ceann a déarfadh gur ubh scallta é; nó sin, Diabhal Ifrinn é féin. Bainse do rogha astu. Ba é Mac Dé é, is é Mac Dé é, go deimhin; nó sin, gealt, nó níos measa fós. Tharlódh duit é a chur faoi ghlas mar gur amadán a bheadh ann, nó seile a chaitheamh leis, nó é a dhaoradh mar dheamhan; nó titim ag a chosa, agus a fhógairt gurb é an Tiarna é, gurb é Dia é. Ach i bhfad uainn labhairt anuas leis agus a fhógairt gur teagascóir mór daonnachta é. Níor fhág sé deis air sin againn. Ní chuige sin a bhí sé.’

Bainse féin do rogha astu, a léitheoir. Ábhar spéisiúil. Údar machnaimh.

Fág freagra ar 'Arsa C.S. Lewis le Sigmund Freud, ní ‘fiach i ndiaidh na gealaí’ an creideamh…'