‘Ardú suntasach’ é an €2.5 milliún breise don Ghaeilge i mBuiséad 2018 — Paschal Donohoe

Shéan an tAire Donohoe gur de bharr brú ó Fhianna Fáil a cuireadh airgead breise ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus dúirt gur theastaigh ón Rialtas 'go leor rudaí a dhéanamh' don earnáil

‘Ardú suntasach’ é an €2.5 milliún breise don Ghaeilge i mBuiséad 2018 — Paschal Donohoe

Paschal Donohoe. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Rinneadh “ardú suntasach” ar an maoiniú a chuirtear ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2018, dar leis an Aire Caiteachais Phoiblí, Paschal Donohoe.

Dúirt an tAire Donohoe, agus é faoi agallamh ag Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta, go raibh an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, agus an Taoiseach Leo Varadkar, “an-soiléir” gur ghá tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht.

Thug an t-iar-aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, le fios do Tuairisc.ie aréir gur “fáisceadh as an Aire Airgeadais ag an nóiméad deiridh an t-airgead a fuarthas” agus gur de thoradh brú ó Fhianna Fáil a cheadaigh an Rialtas “beagáinín beag breise” do chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta do 2018.

Ach shéan an tAire Donohoe an méid sin agus dúirt sé gur cloíodh leis an aontú a rinneadh le Fianna Fáil maidir le cúrsaí buiséid, ach go raibh “go leor rudaí” a theastaigh ón Rialtas féin a dhéanamh ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Minister Joe McHugh was pressing the point very strongly with me within Government and the changes that we have made, yes they do have to be consistent with the Supply and Confidence Agreement but they are things that we would want to do anyway,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur “ardú suntasach” a bhí sa €2.5 milliún breise a cuireadh ar fáil do chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta inné agus gur cuireadh ciorruithe dochta i bhfeidhm ar “gach eagraíocht sa stát” le blianta anuas agus go bhfuil sé de dhualgas anois airsean “cothrom na Féinne a thabhairt do gach eagraíocht” agus an maoiniú a chuirtear ar fáil a ardú ar “bhealach éifeachtach agus réasúnta”.

Dúirt sé go bhfuil “go leor leor” eagraíochtaí ann a déarfaidh gur cheart dóibh féin níos mó airgid a fháil agus go bhfuil na héilimh sin “dlisteanach agus fairsing” ach go gcaithfidh seisean a chinntiú freisin gur acmhainn don rialtas an t-airgead a thabhairt agus go dtugtar cothrom na Féinne do chách, beag beann ar mhéid na eagraíochta.

“I know the needs are legitimate and many, but I have to make sure the overall figures are affordable and that applies to everybody, whether you’re the HSE or a smaller organisation,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Ardú suntasach’ é an €2.5 milliún breise don Ghaeilge i mBuiséad 2018 — Paschal Donohoe'