Ardú pá uait? Anois, maidir le do phinsean…

Níl figiúirí luaite acu fós, ach is léir go mbeadh idir €300 milliún agus €500 milliún ag teastáil chun cur leis an socrú a rinneadh i gComhaontú Bhóthar Lansdún

Ardú pá uait? Anois, maidir le do phinsean…

Frances Fitzgerald. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Má thagann feabhas gan choinne ar gheilleagar na hÉireann an bhliain seo chugainn, beidh an rialtas ábalta comhréiteach nua pá a dhéanamh leis na ceardchumainn sa tseirbhís phoiblí gan stró, bhuel gan mórán stró.

Mura dtagann, agus mura mbíonn cúpla céad milliún breise ar a laghad sa státchiste, cé mhéad a bheidh ar fáil ar mhaithe le teacht ar chomhréiteach? 

A náid. Dada. Nó, má theastaíonn soiléiriú eile, faic na fríde.

Is é toil an rialtais 40 milliún sa bhreis a thairiscint do na Gardaí síol an achrainn atá romhainn le ceardchumainn na seirbhíse poiblí in 2017. Socraíodh ag cruinniú rialtais go mbeadh ar an Aire Frances Fitzgerald caiteachas a roinne a laghdú chun teacht ar an gcuid is mó den 40m.

Beidh i bhfad níos mó ná 40 milliún ag teastáil don phá ardaithe atá á éileamh ó shin ag ceannairí na gceardchumann do gach fostaí sa tseirbhís phoiblí. Ní foláir a rá láithreach nach fíor-ardú pá atá i gceist ach ardú eile chun rátaí reatha pá a chur ar aon chéim leis na rátaí a bhí i bhfeidhm sular laghdaíodh iad idir 2008 agus 2011.

Cuimhnigh céard a tharla in imeacht aon choicís amháin. Bhagair na Gardaí go rachaidís ar stailc. Mhol an Chúirt Oibreachais go n-ardófaí pá na nGardaí. D’fhógair an rialtas ar an toirt go gcuirfí an t-airgead ar fáil dóibh. Ní nach ionadh, thug ceannairí na gceardchumann eile sa tseirbhís phoiblí le fios gan mhoill go mbeadh ardú pá de chineál éigin á lorg acusan chomh maith.

Níl figiúirí luaite acu fós, ach is léir go mbeadh idir 300 milliún agus 500 milliún ag teastáil chun cur leis an socrú a rinneadh i gComhaontú Bhóthar Lansdún. Dá mbeadh ar an Rialtas teacht ar an méid sin an bhliain seo chugainn, bheadh gá le ciorrú suntasach ar sheirbhísí éagsúla.

Beidh an óráid a thug an tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe Déardaoin á léamh go cúramach mar sin ag gach duine a bheas páirteach sna cainteanna a gcuirfear tús leo san athbhliain. Cé nár thagair sé d’fhigiúr, níor chuir an tAire fiacail ann agus cur síos á dhéanamh aige ar luach an phinsin atá ar fáil sa tseirbhís phoiblí.

Dúirt Paschal Donohoe go raibh sé ag iarraidh ar an gcoimisiún atá ag breithniú pá sa tseirbhís phoiblí faoi láthair an caiteachas ar phinsin, agus a luach, a iniúchadh. Thug sé le fios chomh maith go mbeadh pinsin á gcur san áireamh ag an rialtas agus comparáid á déanamh acu idir rátaí pá san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí.

Neosfaidh an aimsir cé mar a éireoidh le Paschal Donohoe, a thagair arís don rogha a bheidh le déanamh ag an Rialtas nuair a bheidh acmhainní an stáit gann.

Géilleann gach rialtas nuair a bhíonn comhréiteach riachtanach, de ghnáth. Ach is léir na fáthanna nach gnáthbhliain atá romhainn agus nach mbeidh an rialtas ábalta comhréiteach a dhéanamh go asca.

Sampla amháin d’fhadhb a mbeidh breis airgid á iarraidh lena réiteach: an bhreis agus leathmhilliún othar atá ag feitheamh le coinne ospidéil agus na liostaí feithimh ag dul i bhfad i gcónaí.

Tá bliain chorraitheach romhainn, fiú má fhágtar an ceannaire nua i Washington as an áireamh.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTÉ Raidió a hAon

Fág freagra ar 'Ardú pá uait? Anois, maidir le do phinsean…'