Ardú pá d’fhoireann Údarás na Gaeltachta agus ‘comhstádas’ bainte amach acu

Tá réiteach aimsithe ar ghearán seanbhunaithe ag foireann Údarás na Gaeltachta agus comhstádas ó thaobh pá bainte amach acu le státseirbhísigh

Ardú pá d’fhoireann Údarás na Gaeltachta agus ‘comhstádas’ bainte amach acu

Tá ardú pá á fháil ag foireann Údarás na Gaeltachta agus iad le cur ar comhchéim le státseirbhísigh.

Beidh beagnach 5% d’ardú i gceist i gcásanna áirithe.

Tá sé deimhnithe ag Tuairisc.ie go bhfuil réiteach aimsithe ar ghearán seanbhunaithe ag foireann Údarás na Gaeltachta agus comhstádas ó thaobh pá le státseirbhísigh bainte amach acu.

Bhí ceist cúrsaí pá na foirne i measc na gceisteanna a bhí ag cothú aighnis le tamall anuas idir lucht bainistíochta agus lucht ceardchumainn san eagraíocht fiontraíochta Gaeilge.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo, chuir Bainisteoir Réigiúnach an cheardchumainn Unite litir chuig Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta i mí an Mheithimh inar maíodh go raibh an caidreamh idir foireann agus bainistíocht an Údaráis “at an all-time low” agus “on the brink of collapse”.

Tugadh le fios sa litir sin go raibh baill foirne míshásta nach bhfuil a bpá ar comhchéim le státseirbhísigh agus nach raibh aon dul chun cinn déanta faoin ábhar ó bhí cruinniú faoi ag lucht an cheardchumainn agus an lucht bainistíochta sé mhí roimhe sin.

Tá réiteach aimsithe anois ar cheist seo an phá.

Go nuige seo, bhíodh oibrithe san Údarás ag fáil suas le 4.6% níos lú pá ná mar a fhaigeann státseirbhísigh.

Is iad na baill foirne ag leibhéil níos ísle san eagraíocht a gheobhaidh an t-ardú pá is mó de thoradh an tsocraithe nua.

Idir an dá linn, tá plé fós le déanamh maidir leis na ceisteanna eile atá ag dó na geirbe ag lucht ceardchumainn.

Dúradh i litir UNITE go bhféachfaí ‘ar an tríú páirtí’ a thabhairt isteach sa scéal mura dtugann bainistíocht an Údaráis aghaidh ar na ceisteanna atá ag déanamh imní d’fhoireann na heagraíochta.

Luadh an Coimisiún um Chaidreamh san Ionad Oibre (Workplace Relations Commission) mar eagras a bhféadfaí dul i gcomhar leo sa chás go dteipfeadh ar na hiarrachtaí teacht ar réiteach idir lucht bainistíochta agus lucht ceardchumainn.

Ag deireadh na litreach ó Bhainisteoir Réigiúnach an cheardchumainn chuig Príomhfheidhmeannach an Údaráis iarradh cruinniú le bainistíocht na heagraíochta ag deireadh mhí Iúil chun go bpléifí go mion na húdair imní atá ag an bhfoireann.

Tuigtear gur cuireadh siar an cruinniú sin go dtí an mhí seo chugainn.

Fág freagra ar 'Ardú pá d’fhoireann Údarás na Gaeltachta agus ‘comhstádas’ bainte amach acu'