Ardán do ‘Léirmheas Leabhar’ Gaeilge ar an stáisiún Gaeilge – más mall is mithid

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Bhí caint thathagach agus thaitneamhach ar an gcéad eagrán de ‘Léirmheas Leabhar’ agus is fearr a chloíonn a leithéid le barrshamhail an ‘Súil Eile’ ná craoladh ar an Tour de France

Ardán do ‘Léirmheas Leabhar’ Gaeilge ar an stáisiún Gaeilge – más mall is mithid

Tá muc ar gach mala ag scríbhneoirí Gaeilge le fada an lá mar gheall ar an easpa aitheantais a fhaigheann siad ó TG4. Thuigfeá dóibh ach ní galar aon duine amháin é ar shlí, óir tugann na meáin Bhéarla an chluas bhodhar go hiomlán do shaol litríocht na Gaeilge, gan trácht ar shaol na Gaeilge féin.  Leis an tarcaisne a chur i gceann na héagóra, áfach, is minic nach iad lucht na Gaeilge, muintir na Gaeltachta ach go háirithe, an dream is fearr le leabhair a léamh ina dteanga dhúchais/an teanga is ansa leo.

Anois tá an tsraith chúig chlár Léirmheas Leabhar (TG4, Dé Céadaoin) ar an bhfód leis an easnamh agus an éagóir a chúiteamh.

Go deimhin, tá ábhar gearrscéil ar a laghad i bhforás na sraithe. Tá Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge, comhghuaillíocht a d’eascair as an bhfaillí a dhéantar i litríocht na Gaeilge, ag tathant le roinnt blianta anuas ar Fhoras na Gaeilge agus TG4 an maoiniú a chur ar fáil dá leithéid seo de chlár. Faoi mar a thug muintir an tí seo le fios, d’íoc Clár na Leabhar Gaeilge/Foras na Gaeilge nach mór leath de chostas na sraithe.

Ar shlí, ní féidir liom tóin ná ceann a dhéanamh de seo. Tuigim cleachtas na hurraíochta maidir le cláracha ach nach seo clár ba cheart a bheith á dhéanamh ag TG4 cheana féin, agus é i gcroílár an sceidil. Ná fearr a chloíonn sé le barrshamhail an ‘Súil Eile’ ná craoladh ar an Tour de France? Ba cheart do TG4 íoc as an iomlán agus nára maith acu. Gan amhras, tá trí chúis leis an litríocht a bheith fágtha ar trá fholamh ag TG4: scóranna féachana, scóranna féachana agus scóranna féachana.

Beidh ar an gclár seo rith ar an tanaí mar sin sa tslí is go gcaithfear a bheith dílis don léirmheastóireacht (saghas Comhar ar an teilifís más maith leat) ach a bheith éadrom, sothuigthe chomh maith le gur féidir lucht féachana a mhealladh.

Caithfear trácht a dhéanamh ar ‘charachtracht’ agus ‘seánraí’ (go bhfóire Dia orainn) agus caithfear gan daoine a chur ó dhoras.

Dá bhrí sin agus uile, bhí sé tábhachtach an láithreoir ceart a aimsiú. Deineadh é sin, dar liomsa, nuair a earcaíodh an Dr. Róisín Ní Ghairbhí ó Choláiste Mhuire Gan Smál.  Tugann sí faoina cúraimí le fonn agus le flosc. Is rí-léir a tuiscint ar an litríocht mar aon lena grá di. Tá sí údarásach gan a bheith tiarnúil; í ag iarraidh caint a chur ar a haíonna go gealgháireach, tuisceanach agus lán léargais.

Ba iad na leabhair An Tearmann le Alex Hijmans an tí seo, An tIriseoir le Michelle Nic Pháidín agus Scéalta Nuachta le Déaglán de Bréadún a bhí faoi chaibidil sa chéad chlár. Ba iad Éamonn Ó Dónaill, Mya Zepf , Máirín Ní Ghadhra agus Pól Ó Muirí a bhí ag caitheamh tharstu ar an gcúits. Más aon chomhartha iad seo ar an saghas aoi a bheidh ag Róisín, ní baol don chlár.

Cuireadh seit deas cluthair le chéile le píosaí scríbhneoireachta ar foluain sa chúlra. Bhí an chaint tathagach agus taitneamhach agus bhí mír dheas leis, ina raibh léirmheasanna ó léitheoirí óga chun scíth a thabhairt dúinn. Faoi mar a thuigim, beifear ag dul ar an mbóthar níos minice agus beidh réimse leathan ábhar á chlúdach. Gan amhras má fhorbraíonn an clár tuilleadh d’fhéadfaí tosú ag satailt ar Imeall, clár atá tar éis an file Ailbhe Ní Ghearbhuigh, láithreoir caithiseach eile, a earcú i mbliana.

Is go míosúil a bheidh Léirmheas Leabhar á chraoladh, áfach, rud a dhéanfaidh deacair dó guailleáil isteach i nósanna féachana an phobail. É sin ar fad agus a bheith cinnte go mbeidh dóthain leabhar Gaeilge á gcur i gcló leis an gcaint a choimeád sa tsiúl, agus dóthain léirmheastóirí macánta leis chun an grán a scaradh ón lóchán.

Thar am a leithéid do chlár a bheith againn. Mór an trua gur fhan lucht na teilifíse go raibh lucht sparáin na Gaeilge sásta íoc as leath de.

Fág freagra ar 'Ardán do ‘Léirmheas Leabhar’ Gaeilge ar an stáisiún Gaeilge – más mall is mithid'