Ar Twitter a fuair oifigigh na Roinne Pobal an scéala go raibh maoiniú ‘Líofa’ le tabhairt ar ais

Níor chuir an tAire Paul Givan a chuid oifigeach ar an eolas go raibh an cinneadh an £50,000 a bhaint den scéim ‘Líofa’ curtha ar ceal aige

Ar Twitter a fuair oifigigh na Roinne Pobal an scéala go raibh maoiniú ‘Líofa’ le tabhairt ar ais

Fuair oifigigh na Roinne Pobal an scéal go raibh cinneadh an Aire Paul Givan faoi sparánachtaí Líofa curtha ar ceal trí an suíomh meán sóisialta Twitter, seachas ón Aire féin.

Níor thug an tAire Givan aon fhógra foirmeálta dá chuid oifigeach go raibh an £50,000 a baineadh ón scéim Ghaeltachta ‘Líofa’ le tabhairt ar ais sular scaipeadh an scéala ar na meáin shóisialta mí Eanáir seo caite.

Luaigh Martin McGuinness, nach maireann, cinneadh Givan ina litir éirí as go gairid i ndiaidh na Nollag agus chuir an cinneadh deireadh a chur leis an sparánacht déistin ar phobal na Gaeilge.

Thug Givan le fios nach “cinneadh polaitíochta” a bhí ina chinneadh an £50,000 a tharraingt siar agus gur “aimsigh” sé an maoiniú arís i mí Eanáir leis an scéim a chur i bhfeidhm arís.

Dúirt sé ina dhiaidh sin arís nár mhaith leis go mbeadh Sinn Féin in ann an cinneadh a úsáid mar “arm polaitíochta” sa toghchán a reáchtáladh mí Mhárta.

Ba ar Twitter a d’fhógair an tAire Givan go raibh an cinneadh curtha ar ceal aige ach níor eisigh an Roinn Pobal aon ráiteas thar a cheann ina dhiaidh sin do na meáin ná dá chuid oifigeach.

Tá sé tagtha chun solais ó shin nach bhfuair an Roinn “aon chomhfhreagras scríofa” ó Givan faoin maoiniú a bheidh á chur ar fáil arís

De réir eolais a fuair an nuachtán The Irish News faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, níor thosaigh na hoifigigh ar athbhunú na scéime go dtí gur tháinig an scéal ó chuntas Twitter Givan.

Diúltaíodh d’iarratas a rinne Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise ar chomhfhreagras, meamraim agus cáipéisí eile a bhain le cinneadh conspóideach an t-iar-aire Givan deireadh a chur, i mbéal na Nollag seo caite, leis an deontas Gaeltachta.

Diúltaíodh don iarratas ar an mbonn nach ar ‘leas an phobail’ a bheadh nochtadh an eolais ‘ró-íogair’ sin tráth a bhfuil Scéim Sparánacht Ghaeltachta Líofa ina “ceist bheo” agus tráth a bhfuil idirbheartaíocht iarthoghcháin ar bun.

Mhaígh an Roinn Pobal go “mba réasúnta a mheas go gcuirfí srian ar oifigigh tuairimí macánta, oscailte a chur in iúl” dá dtabharfaí an t-eolas faoi chinneadh Givan do tuairisc.ie.

Dúradh chomh maith go rabhthas ag diúltú don iarratas chun nach mbeadh imní ar dhaoine tuairimí a chur ar fáil d’Aire agus gur dócha go mbeadh an Ghaeilge ina cuid “ríthábhachtach” san idirbheartaíocht iarthoghcháin” i Márta 2017 agus “ina dhiaidh sin”.

“Nuair a chuirtear leas an phobail sa mheá, is é barúil na Roinne gur treise cúiseanna leas an phobail in éadan an nochta, agus gur le leas an phobail neamhnochtadh na faisnéise,” a dúradh.

Ba í tuairim na Roinne faoin bhfaisnéis a bhaineann le cinneadh Givan maidir leis an scéim líofa go mbaineann an fhaisnéis sin “atá á coinneáil siar” le ceisteanna “íogaire, beo” agus go bhfuil “argóintí ‘spás sábháilte’ ábhartha sa chás seo”.

Tá iompar an Aire Givan cáinte go géár ag Janet Muller ón eagraíocht POBAL. Mhaígh sí gur léiriú é scéal an lae inniu ar an “ngéarghá” le hAcht láidir Gaeilge ó thuaidh.

“Tá pictiúr soiléir ag teacht amach faoi iompar neamhfhreagrach, mhí-cothrom an Aire agus é ag glacadh cinntí faoi na scoláireachtaí. Ar an chéad dul síos, rinne sé neamart iomlán ar chomhairle scríofa a fuair sé ó oifigigh a Roinne féin, gur cheart leanstan leis an mhaoiniú, agus ansin, mar gheall ar bhrú poiblí, d’eisigh sé ráiteas trí Twitter, ag fógairt athrú intinne.

“Is léir anois go ndearna sé é seo gan aon chomhairliúchán le hoifigigh na Roinne, ná gan aon ghníomhartha dearfacha a chur in áit. Tá cuma mí-oiriúnach ar fad ar an iompar seo, ó dhuine atá freagrach as caiteachas poiblí,” a dúirt Muller.

Dúirt sí go bhfuil “géarghá” le hAcht Gaeilge agus go gcabhródh a leithéid le cainteoirí Gaeilge “a gcuid cearta a thuiscint agus a éileamh”.

Fág freagra ar 'Ar Twitter a fuair oifigigh na Roinne Pobal an scéala go raibh maoiniú ‘Líofa’ le tabhairt ar ais'