Ar TG4 anocht, Dé Luain, 20 Deireadh Fómhair…

Súil chun cinn ar a bhfuil ar chuid de na cláracha ar TG4

Róisín
Róisín O’Hara, a clár seachtainiúil comhrá agus eolais ar siúl anocht ag 8pm

Dé Luain


Extreme, 5.55pm

Rachaidh 12 de na surfálaithe óga is fearr as an mBrasaíl san iomaíocht ar chuid de na tonnta is iontaí i Meiriceá Theas. Cuirfidh duine de na clársciálaithe sneachta is fearr san Eoraip taispeántas iontach ar siúl dúinn. Rachaidh an réalta mór scátála as California, Ryan Sheckler, siar ar bhóithrín na smaointe agus inseoidh sé dúinn faoi mar a thosaigh sé amach ag scátáil agus an fáth nach stadfaidh sé de go deo.


Róisín, 8pm

Clár seachtainiúil comhrá agus eolais á chur i láthair ag an gcraoltóir/iriseoir, Róisín O’Hara. Sraith ina mbeidh neart comhrá, tuairiscí tairbheacha agus díospóireachta le haird a tharraingt ar na deacrachtaí agus ar nithe a bhíonn le sárú ag daoine sa lá atá inniu ann.