AR SON NA CÚISE: Scuaidríní saoithíní ag déanamh bigil an Chaighdeáin Oifigiúil

Saoithíní teanga agus bainbh ina mboilg acu de dheasca na moilleadóireachta a bhaineann le foilsiú an Chaighdeáin Oifigiúil

Queue

Tuairiscítear go bhfuil saoithíní teanga ar fud na tíre agus níos faide i gcéin ar tinneall agus bainbh ina mboilg acu de dheasca na moilleadóireachta a bhaineann le foilsiú an Chaighdeáin Oifigiúil, nó ‘Caighdeán Buí Cham an Ime’ mar a thugtar go fóill air.

Tá scuaidríní saoithíní ag déanamh bigil lá agus oíche lasmuigh de Thithe an Oireachtais ó tugadh le fios trí mhí ó shin go raibh an Caighdeán le foilsiú ‘faoi cheann seachtaine’.

Fear beag agus a hata a bhí ag déanamh tinnis do shaoithín ón ardchathair a bhí sa scuaine ar Shráid Chill Dara.

“Chuala mé luaidreán ag Cóisir Caighdeáin a bhí againn le déanaí go bhfuil sé i gceist acu hata fear beag a dhéanamh de hata an fhir bhig nuair atá fhios ag madraí an bhaile gur ginideach iolra hata fear beag.

“Tá a hata féin tuillte ag gach aon Ghael agus má dhéanann siad treascairt mar sin ar theanga ársa mo chine agus mo Ghúim, ní bheidh de rogha agam ach mo hata bréidín féin a chaitheamh leis an gcúram ar fad. Dia idir sinn agus simpliú an ghinidigh sciamhaigh,” a dúirt saoithín na hardchathrach.

Dúirt saoithín Muimhneach amháin le Ar Son na Cúise go bhfuil a bhfuil i ndán don fhoirm tháite ag teacht idir é agus codladh na hoíche.

“Muna mbuafam suafam, ach sé an fanacht fada ar chosa laga seo an clipeadh is measa ar fad. Tá cluiche ceannais na Mumhan ar siúl Dé Domhnaigh ach is mó straidhin agus corrabhuais atá ormsa fé cad tá sa cheann ag lucht an uile-eolais sa rannóg. Táim bailithe díom fhéin, ach sin iad na rudaí,” arsa an saoithín Muimhneach.

An t-urú uasal Conamarach agus bagairt an tréaniolra is mó a bhí ag cur as do shaoithín eile nach ndearna ach codladh corrach ina mála codlata ar Shráid Chill Dara le mí anuas.

“Tá mé do mo bheophianadh le mí anois agus gan de chuideachta agam san oíche ach glórtha míbhinne sclaibéirí na rannóige ag spochadh fúm lena gcuid séimhithe agus a gcuid lagiolrachaí liobarnacha,” a dúirt bean Chonamara le Ar Son na Cúise.

Bhí saoithín eile fós a labhair le Ar Son na Cúise in amhras faoin méid a bhí le rá ag a leathbhádóirí saoithíneacha.

“Ná creid focal a déarfaidh siad leat faoi chinnteacht ná éiginnteacht an ainmnigh, faoi athruithe tosaigh ná deiridh, ná faoin gclásal coibhneasta nó an chopail.

“Is ionann an misean atá agamsa agus gach duine eile sa scuaine seo, is é sin greim a fháil ar an mbíobla ildaite teanga seo níos túisce ná aon duine eile ionas gur féidir linn tosú láithreach bonn ag caitheamh anuas air agus ar éinne eile nach bhfuil sé feicthe fós acu. A bheith ar an gcéad duine a éileoidh coiste nua chun caighdeán eile a thiomsú – sin ola ar chroí caighdeánach gach duine againn anseo.”

Dúirt an t-aon Ultach sa scuaine a thuigeamar nach raibh sé féin taobh amuigh de Thithe an Oireachtais ach “ar mhaithe le giota beag craic”.

“Coimhéad a thaiscí, ní baol do chanúint na nUltach! Nach bhfuil an Mianánach Mór agus ár bhfoclóir féin againn! Bulaí fir, a Phádraig!”.