AR SON NA CÚISE: Na cinnlínte is déanaí

Post Mháire Killoran, tionscadal nua IMRAM agus Strictly Come Sean-nós

Maire Killoran
Máire Killoran ag fágáil na bhForbacha

Scuainí fada iarrthóirí ag faire ar phost Mháire Killoran

Tá “Snámh láidir agus cumas maith coisíochta” i measc na scileanna is mó a bheifear a éileamh nuair a cheapfar comharba Mháire ‘Killer’ Killoran mar ardshagart Roinn na Gaeltachta go luath, de réir an dréacht-fhógra earcaíochta atá feicthe ag Ar Son na Cúise, agus ag ASNC amháin.

Creidtear go mbeidh na nithe seo riachtanach mar gur in Inis Mór, Árainn, a bheidh na hagallaimh don phost á dtionól. Níl aon chinnteacht ann go mbeidh bád, eitleán ná héileacaptar ar fáil le hiarrthóirí a thabhairt ann agus as muna bhfuil cónaí orthu ann cheana féin.

Mheabhraigh saineolaí amháin dúinn gur ar snámh ar charraig a tháinig Naomh Colmcille as Árainn tamall siar, éacht a ndéantar comóradh bliantúil air i gCois Fharraige i gcónaí. “Tá neart carraigeacha eile fágtha againn le caitheamh,” a dúirt sé.

Moltar an choisíocht mar scil mar go mbeidh an té a cheapfar, luath nó mall, ag tabhairt na mbonn leis/léi faoi dheifir, mar a tharlaíonn go minic ina leithéid de cheapachán.

Ní cosúil go mbeidh an Cill Óránach féin ar dhuine den Bhord Agallaimh mar go bhfuil coinne tábhachtach aici le Rannóg an Aistriúcháin maidir leis an uimhir chuí Caighdeán is ceart di a bhunú don 563 teanga oifigiúil a bheidh faoina smacht san Aontas Eorpach feasta. 

Creidtear nach leor léi ar chor ar bith an dá Chaighdeán Oifigiúil atá i bhfeidhm don Ghaeilge le tamall de bhlianta anois.

“Tá an chopper deireanach ag fágáil Saigon, mar a déarfá. Nár dheas liom a bheith air?” a dúirt urlabhraí ón Roinn go mistéireach.

maxresdefault

Tionscadal Sheoirse Formbaí ag IMRAM

Tar éis dóibh Gaeilge a chur ar amhráin le Bob Dylan, Kate Bush, Leonard Cohen, The Pogues agus Joni Mitchell, tá lúcháir ar fhoireann Imram ‘Ag Ní na bhFuinneog: Tionscadal Sheoirse Formbaí’ a fhógairt.

Tá aistriúcháin ghleoite de shaothar Formbaí déanta ag meitheal filí nach bhfuil ag iarraidh go luafaí iad. Canfaidh an móramhránaí Seán Ó Sé iad le tionlacan ucailéile ag Peadar Ó Riada.

I measc na n-amhrán, tá ‘Agus Mé ag Ní na bhFuinneog’, ‘Le Mo Mhaide Mhilis ón gCarraig Dhubh’ agus ‘Ag Baint Taca as Cuaille Solais’.

Dúirt urlabhraí ó IMRAM gur léiriú eile a bhí sa Tionscadal ‘uaillmhianach” seo gur beag rud nach féidir Gaeilge a chur air.

“Is cuma cén fáth nó cén chúis, má tá an tsamhlaíocht ann, is féidir Gaeilge a chur ar rud ar bith,” a dúirt urlabhraí thar ceann IMRAM.

daniel-o_donnell

Daniel chun damhsa ar an sean-nós ar Strictly

Thit na deora áthais ar fud na Gaeltachta inniu nuair a d’fhógair draoi na gcos, Daniel O’Donnell, gur ghéill léiritheoirí an BBC dá mholadh go bhfaigheadh sé deis caper sean-nóis a dhéanamh mar dhamhsa ar chlár an deiridh seachtaine seo chugainn.

“Tá péire nua bróga tairní á dtabhairt chugam as an gClochán Liath,” a dúirt sé, “agus tá culaith bhréidín phollta agus boladh láidir Gaeltachta uaithi ag teacht aniar as Carna chugam”.

Níl fhios fós an é Johnny Connolly nó Phil Coulter a chasfaidh an cairdín do Daniel agus tá ráflaí timpeall nach í a ghnáthpháirtí ach Róisín Ní Mhainín a chuirfidh chun stáitse leis.

Deir TGFore go bhfuil siad ag pleanáil sraith nua damhsa do Daniel don séasúr seo chugainn faoin teideal sealadach Pioc mo Writhe.

Fág freagra ar 'AR SON NA CÚISE: Na cinnlínte is déanaí'