Baineadh preab (eile) as pobal na Gaeilge inniu nuair a dheimhinigh urlabhraí Rialtais go raibh grinn-staidéar déanta ar an Nuashonrú Gaeltachta agus an Rialtas ag tacú go hiomlán leis.
Nuair a cheistigh tuairisceoir ASNC níos grinne é, d’admhaigh an t-urlabhraí gurb é éadóchas na cáipéise is mó a spreag fáilte an Rialtais.
“This Newdetailing malarkey, from what we understand of it, is like the answer to all our prayers. If there’s a downside to this, well I don’t see it,” arsa an t-urlabhraí.
Idir an dá linn, tá cóip faighte go heisiach ag Ar Son na Cúise agus ag Ar Son na Cúise amháin de cháipéis rúnda rialtais – A Government response to the Newdetailing from Gilligan’s Island – ina leagtar amach na buntáistí a bhainfeadh le bás na teanga.
Deirtear sa cháipéis, a scríobhadh i mBéarla ach atá aistrithe anseo dúinn ag an gCoimíneach, go mbainfidh 18 mórbhuntáiste (nach bhféadfadh sibh cuimhneamh ar dhá cheann eile le 20 a dhéanamh as? Eag.) leis an scéal nach mairfidh an Ghaeilge beo ach deich mbliana eile.
- Gur féidir, mar a rinneadh leis an gcéad dhá thrian, dearmad glan a dhéanamh ar an trian deireanach den Straitéis 20 Bliain mar nach mbeidh an Ghaeilge ann le straitéisiú
- Go mbeidh freagra deifnídeach sa deireadh againn ar ‘cheist na Gaeilge’
- Go mbeidh Údarás na Gaeltachta ábalta fostaíocht a dhéanann dochar don Ghaeilge a mhealladh le coinsias glan
- Go mbeidh díolúine ó staidéar na Gaeilge don Ardteist ag cách
- Go mbeidh ar chumas an stáisiúin leath-Bhéarla TG4 iompú ina stáisiún Béarla
- Go mbeidh Cormac ag a Cúig in ann Liveline a chur i láthair gan a bheith in iomaíocht go díreach leis an gclár Cormac ag a Cúig
- Go ndéanfar buan an sos cogaidh idir lucht na gCaighdeán Oifigiúla (ginideach iolra)
- Go mbeidh tuilleadh údar gaisce ag Fíorghael Ó Fál faoin milliún cainteoir líofa Gaeilge ó thuaidh
- Go stopfaidh Donncha Ó hÉallaithe ag caint faoi theorainneacha na Gaeltachta
- Go mbeidh ar chumas Aire Stáit na Gaeltachta agallamh ceart beo a dhéanamh faoi chúrsaí Gaeltachta
- Go leigheasfar an tinneas cinn atá ag cur as do Ray Darcy ó d’fhill sé ar RTÉ
- Go mbeidh filí ghlúin INNTI ábalta a mhaíomh go fírinneach nach mbeidh leithéid fhilí ghlúin INNTI arís ann
- Nach mbeidh orainn aghaidh a thabhairt go deo ar cheist chigilteach an ghinidigh iolra tar éis na n-uimhreacha pearsanta
- Nach rithfear amach as aíonna do Comhrá
- Gur féidir acmhainní an Stáit a chuirtear amú ar bhéalghrá, baothchaint, bréag-gheallúintí agus bréaga a dhíriú ar réimsí eile den saol seachas an Ghaeilge
- Gur féidir, le coinsias glan, comórtas steipeadaíle agus bréigéide a dhéanamh den Oireachtas ar fad
- Go mbeifear ábalta cónascadh a dhéanamh idir Comórtas Tidy Gaeilge Ghlór na nGael agus an Comórtas Tidy Towns
- Nach mbeidh Éire go deo ag Cáit Ní Dhuibhir
Ceaptar anois go bhfuil pleanáil ardleibhéil ar bun i Roinn an Taoisigh le “spás lárnach” a chinntiú de na searmanais oifigiúla Stáit do thórramh na Gaeilge mar chuid de Chomóradh 1916 an bhliain seo chugainn.
“Táimid ag caint le RTÉ faoi seo cheana féin,” a dúirt an t-urlabhraí. “Feicimid go leor féidearthachtaí ann, idir dhrámaí, T léinte, Aip nó dhó, ceolchoirm ar an mBlascaod agus sraith nua taistil do Terry Wogan”.
Fág freagra ar 'Ar Son na Cúise: Fáilte Uí Cheallaigh an Rialtais roimh an ‘Newdetailing from Gilligan’s Island’'