AR SON NA CÚISE: Clár staire nua ag TG4 – ‘Ravelóid – A Terrible Beauty is Postponed’

Deir TG4 go dtabharfar aghaidh in Ravelóid - A Terrible Beauty is Postponed ar cheisteanna atá ag dó na geirbe ag staraithe le dhá lá anuas

Ravelóid2

Tuigtear do Ar Son na Cúise go ndéanfar stair Ravelóid 2016 a chíoradh i sraith nua ar TG4 –Ravelóid – A Terrible Beauty is Postponed.

Dúirt Pádhraic Ó Kia Ora ó TG4 gur “sraith cheannródaíoch eile fós” atá ann a thugann aghaidh ar “thréimhse leochaileach chonspóideach i stair na nGael”.

I measc na dtráchtairí a bheidh le feiceáil sa chlár, tá an t-amhránaí Garth Brooks a dhéanfaidh iarracht míniú a thabhairt ar an difear caolchúiseach idir rud a chur ar ‘ceal’ agus rud a chur ar ‘athló’.

Dúirt Ó Kia Ora go dtabharfar aghaidh in Ravelóid – A Terrible Beauty is Postponed ar cheisteanna atá ag dó na geirbe ag staraithe le dhá lá anuas.

“Cé a bhí i gceannas ar an éirí amach ceoil seo? Cé a thug an freasordú a chuir ar ceal é? Cé mhéad eagraíochtaí Gaeilge a thógfadh sé chun ceolchoirm a eagrú? An í an teip a bhí i ndán di ó thús? And what’s a ‘Spats Colombo’, anyway?”

Níl ansin ach “roinnt de na ceisteanna” a thabharfar freagra orthu sa tsraith nua seo, a dúirt Ó Kia Ora.

Dúirt fear TG4 go dtabharfadh an lucht féachana suntas ar leith d’fhuaimrian na sraithe.

“Cloisfear le linn an chláir bannaí ceoil ó thréimhse na Ravelóide féin nár chuala aon duine trácht orthu ag an am nó ó shin. Tá an ceol ina dhlúthchuid den chlár seo agus sílim go gcuirfidh an ceol go háirithe alltacht ar dhaoine,” a dúirt sé.

Chuir Colonel Tomaí Parker, duine de sheachtar na Ravelóide fáilte roimh an gclár.

“Is rud iontach dearfach é go bhfuil an oiread sin suim ag an bpobal sa Ravelóid go bhfuil TG4 anois ag déanamh cláir faoi. B’fhéidir gurb é seo an rud is dearfaí i stair na Gaeilge ó rinneadh an cinneadh iontach dearfach an Ravelóid féin a chur ar athló. Mar a dúirt Elvis s’againne ar an bhfógra Kit Kat fadó, ‘We’re not dead, baby, we’re just havin’ a break!” arsa Tomaí agus é ag labhairt go heisiach linn ó Frongoch.

Dúirt urlabhraí ón gCónra gur beag an bhaint dáiríre a bhí acu leis an scéal.

Fág freagra ar 'AR SON NA CÚISE: Clár staire nua ag TG4 – ‘Ravelóid – A Terrible Beauty is Postponed’'