AR SON NA CÚISE: Bank of Ireland le córas nua Gaeilge a thabhairt isteach ar ATManna

De réir eolais eisiach atá faighte go heisiach ag Ar Son na Cúise, cuirfear sraith ceisteanna feasta ar chustaiméirí ATM an bhainc faoina mianta maidir le seirbhís Ghaeilge

AR SON NA CÚISE: Bank of Ireland le córas nua Gaeilge a thabhairt isteach ar ATManna

Tá córas casta nua le tabhairt isteach ag Bank of Ireland ar a ATManna mar fhreagra ar an gconspóid faoina gcinneadh ‘aistarraingt’ a dhéanamh ar a seirbhís Ghaeilge.

De réir eolais eisiach atá faighte go heisiach ag Ar Son na Cúise agus ag Ar Son na Cúise amháin, cuirfear sraith ceisteanna feasta ar chustaiméirí ATM an bhainc faoina mianta maidir le seirbhís Ghaeilge.

Sé fhreagra ar fad a bheidh mar rogha ar an gceist ‘An bhfuil seirbhís i nGaeilge uait?’.

Seo a leanas na roghanna nua a bheidh ar chnaipe an ATM.

An bhfuil seirbhís i nGaeilge uait?

Dúirt urlabhraí an Bhainc gur TG4 a spreag an ‘u-chasadh’ seo faoin tseirbhís Gaeilge acu.

“Fuaireamar réidh leis an tseirbhís Ghaeilge mar shíleamar gur cineál zombie language í agus níor zombie bank muide riamh, bíodh a fhios agat. Ach ansin chonaic muid go bhfuil fiú TG4 anois ag freastal ar phobal na Gaeilge agus deireadh curtha acu leis na subtitles ar Ros na Rún.

“Má tá sé sách maith ag TG4, tá sé sách maith againne, agus is ionann an croíphobal ag an dá dhream againn, níos lú ná 1%,” a dúirt urlabhraí Bhanc na hÉireann.

Fág freagra ar 'AR SON NA CÚISE: Bank of Ireland le córas nua Gaeilge a thabhairt isteach ar ATManna'

  • MacAnRí

    Galánta !!! Diabhalta greannmhar

  • Braoin

    Thar cionn uilig…. :)

  • Garraíodóir

    Ar fheabhas ! ;-)