Ar sceith na vótóirí i dtoghchán an Tionóil a rún vótála maidir le Brexit?

Agus an mbeifear in ann na vótóirí nár tháinig amach le haghaidh toghchán Stormont a mhealladh chun vótála faoi cheist an AE?

Screen Shot 2016-05-10 at 00.11.38

Bhí na Teachtaí Tionóil nuathofa ar a mbealach go Stormont don chéad uair nuair a tháinig an post ar maidin Dé Luain. Leabhrán ó rialtas na Breataine ag moladh don toghthóir fanacht san Aontas Eorpach. Níor mhian leis na húdaráis cur isteach ar an toghchánaíocht do na Tionóil i Stormont, in Albain nó sa Bhreatain Bheag ach níor chuir siad am ar bith amú i ndiaidh lá na vótála. An raibh siad rómhall?

Ar an lá céanna bhí Coimisinéir Talmhaíochta an AE, Phil Hogan, i dTuaisceart Éireann ag tathant ar fheirmeoirí vótáil in aghaidh na Breatimeachta. Bhí a theachtaireacht ag teacht le leagan amach Chumann na bhFeirmeoirí (móra), an UFU, a ndeirtear gur dílseoirí de chuid an DUP iad. Mar sin féin, mhaígh an DUP atá i bhfabhar na Breatimeachta gur léirigh a gcaithréim i dtoghchán an Tionóil gur aontaigh móramh leo. Is cinnte nár chosúil go ndearna a naimhdeas don AE dochar ar bith dóibh.

Céard a bhí na toghthóirí ag rá mar sin? Ar láimh amháin leag UKIP an-bhéim ar a rosc catha i gcoinne an AE ach theip orthu suíochán ar bith a bhaint. Bhí an port céanna ag an TUV ach beidh Jim Allister ina chadhan aonair i Stormont arís.

Ar chinn vótóirí an DUP nár bhain an cheist le toghchán an Tionóil? Ta sé deacair é a mheas – ‘b’fhéidir é’ an freagra is coitianta. Tá an eite chlé ag iarraidh imeacht as an AE freisin, daoine óga a thacaigh le Pobal Roimh Bhrabús ag cáineadh pholasaí na déine agus an íde a thug an AE don Ghréig. Tá fuinneamh iontu tar éis beirt teachtaí tionóil a bheith tofa acu den chéad uair.

Teastaíonn ó pháirtí an Alliance agus ón UUP go bhfanfadh an Ríocht Aontaithe san Aontas Eorpach ach níor mhéadaigh siad a vóta ná lion a suíochán. ’Sé an SDLP an páirtí is mó a bhfuil bá acu leis an AE agus ’sé an páirtí is mó é a chaill suíocháin (péire a chaill siad). Sna sála orthu, bhí Sinn Féin atá iompaithe i bhfabhar an AE don reifreann seo. Chaill siadsan suíochán amháin agus thit a gcéatadán den vóta 3%. Ar an iomlán thit sciar na bpáirtithe náisiúnacha den vóta 5%. ’Sí an cheist an mbeidh tionchar ag an méid sin ar fad ar an reifreann ar an 23 Meitheamh. An mbeifear in ann vótóirí nach dtagann amach le haghaidh toghcháin Stormont a mhealladh amach chun vótála faoi cheist chomh tromchúiseach le ballraíocht san AE, cibé taobh ar a mbeidh siad?

Tá an díospóireacht ag géarú anois agus tá daoine atá ina gcónaí agus i mbun gnóthaí in aice na teorann an-bhuartha faoin a bhfuil i ndán dóibh más ar son na Breatimeachta a vótálfaidh muintir Shasana. Tá éadóchas agus éagumas follasach agus daoine ag rá ‘níl ionainne ach gráinne salainn i gcomparáid leis na milliúin i Sasana’.

Tá leithéidí Theresa Villiers, Státrúnaí Thuaisceart Éireann, atá ar thaobh na Breatimeachta, ag maíomh nach mbeadh athrú ar bith ar thaisteal, trádáil ná iompar thar teorainn dá bhfágfadh an Bhreatain an AE.

Maíonn an taobh eile go gcaithfí custaim agus srianta a chur i bhfeidhm arís. Teorainn de chuid an AE a bheadh ann. Cén port a bheadh ag an Státrúnaí Villiers dá mbeadh ‘Calais’ eile agus campa dídeanaithe ag Achadh na Cloiche lán le daoine a bheadh ag iarraidh a dhul isteach sa Ríocht Aontaithe, ’sé sin Tuaisceart Éireann.

Áibhéil é sin, gan amhras, ach tá deis ag gach duine a insint féin a bheith aige ar cad a tharlódh i gcás imeachta. Cibé rud a dúirt na vótóirí an tseachtain seo caite bhí sé bunaithe ar eolas neamhiomlán. Tá gá le heolas beacht, iontaofa a chur ar fáil sna sé seachtaine romhainn fiú mura rachadh an t-eolas sin i bhfeidhm ach ar bheagán.

Fág freagra ar 'Ar sceith na vótóirí i dtoghchán an Tionóil a rún vótála maidir le Brexit?'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Brimeacht?