Ar Pháirc an Chrócaigh atá ár dtriall anois agus is gearr uainn an deireadh…

JOHN ALLEN: Bhí ócáid stairiúil cois Laoi an tseachtain seo caite ach tá súil an uile dhuine anois ar cheanncheathrú CLG

Ar Pháirc an Chrócaigh atá ár dtriall anois agus is gearr uainn an deireadh…

Deich lá ó shin d’íoc suas le deich míle duine isteach i bPáirc nuathógtha Uí Chaoimh i gCorcaigh, chun an cluiche idirmheánach a bhí ar siúl ann a fheiceáil. De ghnáth bheadh suas le míle ag cluiche mar sin. Bhí an chuid eile ann chun súil a chaitheamh ar an staid lonrach nua ar shuíomh ársa cois Laoi.

Bhí díomá orm seachtain roimhe sin nuair a fógraíodh go rabhadar chun táille €10 a lorg ó na daoine fásta go léir a bhí ag iarraidh freastal ar an ócáid stairiúil seo.

Bhí go leor conspóide ag baint leis an athchóiriú ón tosach. Bhí cuid maith de leantóirí CLG an chontae agus cuid maith de na clubanna ina choinne. Bhí tromlach mór de na daoine atá ina gcónaí taobh leis an staid ina choinne freisin. Bhí cuid mhaith cur agus cúiteamh agus agóide i gcoinne na bpleananna tógála.

Ach lean bord an chontae ar aghaidh agus, i ndiaidh cuid maith ráflaí faoi áiseanna, airgead, comhlachtaí tógála, finíochas agus dátaí oscailte, osclaíodh na geataí ar an 19 Iúil.

I mo thuairim chaill an bord deis phoiblíochta thar a bheith dearfach an chéad oíche sin. Bhí sé de cheart acu Fáilte Uí Cheallaigh a chur roimh lucht dílis CLG an chontae agus iad go léir a ligint isteach saor in aisce. Sa chontae seo, faigheann bord an chontae an-chuid drochphoiblíochta agus cuid maith de sin tuillte acu minic go leor. Le fada tá cultúr rúndachta ann agus bíonn cuma na deachtóireachta uaireanta ar ghnóthaí an bhoird chéanna. I mo thuairimse, chaill siad seans órga dea -phoiblíocht (rud atá ag teastáil go géar uathu) a thuilleamh an oíche stairiúil sin.

Ócé, sin an clamhsán thart.

Níl aon dabht ach go bhfuil staid den chéad scoth ann anois agus idir chluichí, cheolchoirmeacha agus chomhdhálacha caithfidh gur chun leas chúrsaí eacnamaíochta na cathrach a bheidh an Pháirc nua.

Thosaigh an t-aisíoc sin seachtain ó shin nuair a d’fhreastail suas le seachtó míle duine ar an dá chluiche ceathrú craoibhe a bhí ann. Tríd is tríd bhí an dá lá thar a bheith dearfach ar chuid maith slite.

Faraor, tháinig deireadh leis an séasúr do dhá chontae.

Dé Sathairn d’fhág an Cláir slán leis an gcraobh le taispeántas a bhí breac le botúin. Idir bhuillí ar seachrán ón gcúl báire Andrew Fahy agus na himreoirí eile, chailleadar an t-uafás seansanna.

Tráthnóna Dé Domhnaigh chuaigh Loch Garman an doras céanna amach i gcoimhlint a loiteadh ar shlí eile – le cosantóirí le cois. Bhí sé thar a bheith deacair ar an dá thaobh aon seans ar chúl a chruthú agus dar ndóigh is de bharr botúin (agus píosa scile iontach ó Shane Bennett) a d’éalaigh Kevin Moran isteach do chúl na cinniúna roimh leath ama.

Bhí an-chuid dearfach faoi imirt agus faoi dhíograis na gCarmannach ach bhí Port Láirge níos fearr ar an lá, más ar éigean é .

Tríd is tríd bhí séasúr thar a bheith fónta ag Loch Garman agus beidh siad ag súil le 2018.

Maidir le Contae an Cláir caithfidh go bhfuil díomá orthu. Botúin bhunúsacha a loit an séasúr craoibhe orthu. Ní dóigh go ndearna siad aon dul chun cinn faoin mbainistíocht nua.

Ach tá ceithre fhoireann fós san iomaíocht agus an chuid eile d’aicsean na bliana ar siúl sa cheanncheathrú.

Táim ag siúl go mór leis sin agus an t-aicsean a bheidh ann i seomra an bhoird agus cás Thaidhg De Búrca á phlé. Mar Chorcaíoch ba mhaith liom go mbeadh sé ag imirt sa cluiche leathcheannais. Is beag a rinne sé agus ní dóigh liom go bhfuil sé ina nádúr ag an imreoir iontach seo aon riail a shárú d’aon ghnó.

Ach tá mí Lúnasa beagnach linn agus ar Pháirc an Chrócaigh atá triall na gceithre fhoireann atá fágtha.

Is gearr uainn an deireadh.