Reáchtálfaidh Óstaí an Rí cúrsa Ard-Dioplóma sa Dlí-Chleachtadh trí Ghaeilge thar 6 dheireadh seachtaine idir Samhain 2014 agus Márta 2015 a chumasóidh cleachtóirí dlí le feidhmiú trí Ghaeilge.
Cuimseofar cúrsaí sibhialta agus coiriúla, dréachtú, abhcóideacht, comhchomhairle agus idirbheartaíocht. Tá an cúrsa seo ar oscailt d’abhcóidí agus d’aturnaetha a bhfuil líofacht Ghaeilge acu.
Tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais:
daithi.maccarthaigh@kingsinns.ie 087 2368364
agus www.kingsinns.ie/prospective-students/courses-open-to-lawyers-nonlawyers/advanced-diploma-in-legal-practice-through-irish
Cuirtear ainmneacha na gcleachtóirí a n-éiríonn leo ar Chlár na Gaeilge (Óstaí an Rí) de bhun Acht na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge) 2008 atá ar shuíomh idirlín na nÓstaí: www.kingsinns.ie/cmsfiles/educational-pdfs/Clar-na-Gaeilge-2013-.pdf
Cuireann an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta tacaíocht ar fáil don chúrsa seo.