‘Ar mhaith leat páiste a bheith agat? Ceist dháiríre. Lánúin leispiach a bhí á cur orm.’

Tá tógáil clainne ag lánúineacha den inscne céanna go mór i mbéal an phobail faoi láthair. Roinneann ár gcolúnaí scéal pearsanta a bhaineann leis an gceist.

fog-79456_1280

Cuireadh ceist orm le gairid ar mhaith liom páiste a bheith agam.

Níor cheist hipitéiseach a bhí ann, den chineál sin a chuirtear ar dhaoine aeracha cosúil liomsa ó am go chéile mar ábhar spraoi.

Ceist thar a bheith dáiríre ab ea í. Lánúin leispiach a bhí á cur orm.

Teastaíonn páiste ón mbeirt bhan seo, a bhfuil aithne agam orthu le seacht mbliana anuas. Teastaíonn uathu an páiste sin a thógáil le chéile, an bheirt acu mar thuismitheoirí oifigiúla. Ach teastaíonn uathu, leis, go mbeadh athair ag an bpáiste. Fear a ghlacfadh páirt i saol an pháiste tar éis dó a shíol a chur ar fáil.

‘Ba é an chaoi ar thángamar ar an tuiscint sin ná an cás seo a shamhlaíomar,’ a dúirt an lánúin ban liom. ‘Dá mbeadh mac againn, cé a mhúinfeadh dó a mhúin a dhéanamh agus é ina sheasamh?’

Dhearbhaigh an ráiteas sin tuairim a bhí agam le fada an lá gurb iad mná leispiacha na daoine is praiticiúla amuigh. Ach ní fadbhreathnaíocht phraiticiúil na mban amháin a chuaigh i bhfeidhm orm.

‘Fiú dá mbeadh cailín againn,’ a dúirt na mná, ‘theastódh uainn go mbeadh athair ina saol. Duine a chuirfeadh ionchur fireann ar fáil mar chuid den tógáil.’

Gan amhras, bhí lón machnaimh agam.

Sa Bhrasaíl – mar a bhfuil cónaí orm féin agus ar an lánúin leispiach seo – tá lánchead ag lánúineacha den inscne céanna pósadh, páistí a thabhairt ar an saol nó a uchtú.

Ní ceist dlí, mar sin, ach ceist choinsiasa a thug ar mo chairde cabhair a iarraidh ormsa páiste a chur ar an saol – agus a bheith ar fáil don pháiste sin ar feadh mo shaoil ina dhiaidh sin.

Sula ndéarfaidh mé aon rud eile, is dóigh liom féin go bhfuil bean shingil, nó fear singil, nó beirt bhan, nó beirt fhear, breá ábalta páiste a thógáil léi féin, leis féin, nó leo féin. Creidim gur ó ghaolta eile agus ar scoil a gheobhaidh páiste pé ‘ionchur’ nach bhfaigheann sé óna thuismitheoirí; mar a deir an seanfhocal iomráiteach úd a thagann ón Afraic de réir scéil, ‘tógann sé baile iomlán chun páiste a thógáil.’

Ach teastaíonn ó mo chairde leispiacha leagan amach an bhaile ina dtógfar a bpáiste a phleanáil go mion roimh ré agus tá ardmheas agam orthu dá bharr: is iomaí páiste a thagann ar an saol nach gcuirtear an méad céanna machnaimh agus cíoradh coinsiasa isteach ina thodhchaí.

Rith sé liom go mbeadh saol an mhadaidh bháin ag an bpáiste: beirt mháthair, athair agus – cá bhfios – ‘uncail’, dhá theach…

Ach rith sé liom láithreach, leis, nár mise an fear ceart don jab seo. Ní hionann agus mo chairde leispiacha, níl aon dúil agam páiste a chur ar an saol agus dúirt mé sin leo. Ach ghuígh mé gach rath orthu sa tóraíocht agus tá súil agam go n-éireoidh leo.