Ar labhair mé amach faoin gciapadh gnéasach? Níor labhair mar níorbh fhiú…

Ar thaitin sé seo liom? Níor thaitin. An ndearna mé gearán? Ní dhearna. Ar labhair mé amach? Níor labhair. Cén fáth? Níorbh fhiú

Ar labhair mé amach faoin gciapadh gnéasach? Níor labhair mar níorbh fhiú…

Pictiúr: Clayton Lenhardt

D’admhaigh iarstiúrthóir Amharclann an Gheata le déanaí nach raibh a chuid iompair sásúil. Má thuigim a leithscéal i gceart, áfach, mhínigh sé gurbh é an botún a rinne sé ná gur chaith sé agus gur labhair sé lena chuid fostaithe mar a chaithfeadh is mar a labhródh sé lena chairde!

Nach mé atá sásta nach raibh mé riamh i mo chara aige!

Nach aisteach, áfach, nár thuig an fear seo go raibh mí-úsáid á baint aige as a chuid údaráis? Nach aisteach nár thuig sé nach bhfuil mí-úsáid cumhachta inghlactha le fostaithe ná le cairde?

B’fhéidir, áfach, go dtugann an leath-leithscéal seo go croí na faidhbe muid. Is léir go bhfuil daoine ann nach dtuigeann nach bhfuil mí-iompar nó ciapadh gnéasach inghlactha. Ní bhíonn aon dochar i gceist acu agus dá bharr sin, dar leo, níl aon dochar déanta. Creid nó ná creid, tá daoine ann nach dtuigeann go bhfuil rud ar bith as an tslí déanta acu.

Daoine iad seo nach bhfuil aon mhailís iontu, daoine ‘deasa’ a cheapann go bhfuil a gcuid iompair greannmhar. 

Is cuimhin liom féin siúl isteach in oifig áirithe maidin amháin tuairim is tríocha bliain ó shin. Bhí comhghleacaí sinsearach áirithe istigh romham mar aon le duine nó beirt eile a bhí ar chonradh gearrthréimhseach mar a bhí mé féin.

Shuigh mé síos go ciúin agus chuaigh i mbun oibre. D’fhiafraigh mo dhuine díom an raibh mé ceart go leor agus sula raibh deis agam mo bhéal a oscailt labhair sé arís.

‘Caithfidh nár sháigh sé féin isteach fada go leor é aréir.’

Leathgháire ón siocafant trasna an bhoird uaidh.

Ansin agus a lucht éisteachta siocafantach aige, labhair mo dhuine arís.

‘Tabhair seans domsa agus cuirfidh mise gáire ar d’aghaidh!’

Agus phléasc sé amach ag gáire.

Ar thaitin sé seo liom? Níor thaitin.

An ndearna mé gearán? Ní dhearna.

Ar labhair mé amach? Níor labhair.

Cén fáth?

Níorbh fhiú.

Bhí gearán déanta agamsa san eagraíocht chéanna tamall gairid roimhe sin faoi bhulaíocht agus faoi mhí-úsáid cumhachta. Cé gur ‘éist’ daoine le mo ghearán níor tháinig aon duine ar ais chugam riamh chun a rá liom go raibh nó nach raibh siad chun aon rud a dhéanamh faoi!

Cén teachtaireacht a thug sé sin domsa? Chuir sé in iúl dom – go ríshoiléir – nárbh fhiú gearán a dhéanamh.

Ar ndóigh, ní gach fear a bhaineann mí-úsáid as a chuid cumhachta. Agus aontaím leo siúd a deir go bhfuil mná ann freisin a théann i mbun bulaíochta agus a bhaineann mí-úsáid as a gcuid údaráis féin.

Ach cad is féidir linn a dhéanamh faoi seo ar fad? Conas is féidir fáinne fí an mhí-iompair seo a bhriseadh?

Ar dtús, caithfimid a mhúineadh dár bpáistí – idir bhuachaillí agus chailíní – nach bhfuil mí-úsáid cumhachta de chineál ar bith inghlactha. Caithfimid a mhúineadh dóibh nach gá agus nár chóir cur suas leis.  Caithfimid a mhúineadh dóibh freisin nár cheart fanacht i do thost ar an taobhlíne agus bulaíocht nó mí-iompar de chineál ar bith ar siúl os do chomhair amach. Caithfear guth a thabhairt do gach páiste. Caithfimid a chinntiú go dtuigeann gach páiste go bhfuil cead aige labhairt amach. Ansin, níos tábhachtaí fós, nuair a labhraíonn duine amach, caithfear éisteacht a thabhairt dó, an gearán a fhiosrú agus rud éigin a dhéanamh lena chinntiú nach dtarlaíonn an mí-iompar céanna arís.

Caithfear teachtaireacht shoiléir, láidir a thabhairt nach bhfuil duine ar bith againn – fir nó mná – sásta glacadh le bulaíocht ná le mí-úsáid cumhachta de chineál ar bith san ionad oibre, sa teach tábhairne nó áit ar bith eile.

Fág freagra ar 'Ar labhair mé amach faoin gciapadh gnéasach? Níor labhair mar níorbh fhiú…'

  • aindrias

    Agus meas tú nach raibh aon mhailís sa chaint sin aige? Bhí sé ag iarraidh tusa a chur i do ‘chónaí’ láithreach, a ghus agus a chumhacht féin a léiriú. Díspeagadh.

  • cliodhna

    Ghlac tú leis mar bhí an job ag teastáil uait. Nach in é croí na faidhbe ar shlí. Thar aon rud eile sanntaíonn an duine cumhacht agus nuair is ainchúinsí an duine sin satalóidh sé/sí ort. Fuair sé sásamh millteach as tusa a ísliú. ‘Sé a bhí á rá aige ‘mise an fear’….’caithfidh tú géilleadh domsa nó is tusa is measa de’….agus ghéill. Ní tógtha ort é. Maidir le tabhairt suas ceart a thabhairt ar dhaoine óga, ní miste, ach …is treise dúchas ná oiliúint’….

  • cliodhna

    Dála an scéil níor labhair mise amach faoin gciapadh a imríodh ormsa ach oiread. Agus bím ciaptha mar gheall air. Táthar ann i ngach earnáil …sna meáin seo ar líne is eile..a chuidíonn go lánfheasach ach ar chúla téarmaí leis na ciapadóirí seo. Ach is cuma leo, is cuma leo.