Ar fud na cruinne ar thóir comhábhar álainn do mhaisc aghaidhe

Ábhar nádúrtha agus inbhuanaithe amháin as gach cúinne den domhan in úsáid ag ‘The Body Shop’ mar mhaisc gur féidir le duine a úsáid sa mbaile

Ar fud na cruinne ar thóir comhábhar álainn do mhaisc aghaidhe

Tá sraith nua maisc aghaidhe curtha ar an margadh le gairid ag ‘The Body Shop’, ceann de na brandaí is mó a bhfuil seasamh aige i ngnó an smididh agus i gcúrsaí cúram cnis ar fud an domhain. Is cosúil go ndeachaigh an comhlacht ar fud na cruinne ar thóir na gcomhábhar do na táirgí nua seo agus tá ábhair iontu ón tSín, ón Aetóip, as na Himiléithe, as réigiún na hAmasóine agus ón Bhreatain féin.

Tá dea-cháil an chomhlachta bunaithe ar na prionsabail a bhí ag an mbunaitheoir Anita Roddick sa bhliain 1976 – go mbeadh bunús eiticiúil faoin ngnó agus gur comhábhair nádúrtha agus inbhuanaithe amháin a d’úsáidfí.  Bhí sé ina fhealsúnacht lárnach aici go gcaithfí go cóir agus go cothrom leis na feirmeoirí agus na soláthraithe eile a chuirfeadh bunábhar ar fáil dóibh cibé áit ar domhan ina raibh siad.

Leanadh den dearcadh céanna sin nuair a díoladh an comhlacht le L’Oréal sa bhliain 2006 agus anois tá os cionn 3,000 siopa acu i 60 tír ar fud an domhain – neart acu i mbailte móra agus i gcathracha na tíre seo.

Táirgí nádúrtha ar ardchaighdeán a fhorbraíonn The Body Shop agus tá na maisc aghaidhe is deireanaí uathu ar fheabhas ar fad. Péire de na cúig cinn a thriail mé féin go dtí seo ach tá siad ar fad molta go hard ag neart colúnaithe smididh agus cúram cnis.  Ábhar veigeatórach atá iontu ar fad ar chostas €25 do 75ml.

1 CHINESE GINSENG & RICE CLARIFYING POLISHING MASK

Úsáidtear úsc ginsinge agus ríse ón tSín agus iad measctha le hola seasamain as Nicearagua don mhasc seo atá bunaithe ar thraidisiún na Síne agus atá saor ó cheimiceáin chontúirteacha.  Déanann sé do chraiceann a scamhadh go séimh, compordach agus cuireann sé beocht nua ann.

2 AMAZONIAN ACAI ENERGISING RADIANCE MASK

Baintear úsáid as caora súmhara as ceantair na hAmasóine anseo, caora nár chualathas mórán tráchta orthu roimhe seo sa chuid seo den domhan – guarana, acai and ola babassu. Deirtear go bhfuil an ceann seo go maith do chraiceann atá tuirseach agus go laghdaíonn sé na roic. 

3 ETHIOPIAN HONEY DEEP NOURISHING MASK

Ó thraidisiún na hAfraice an ceann seo agus tá bunús meala leis chomh maith le holaí nádúrtha a bheith ann. Cothaíonn sé agus spreagann sé an craiceann, a deir lucht a dhéanta. Tá boladh álainn air agus arís, é iomlán saor ó cheimiceáin.

4 BRITISH ROSE FRESH PLUMPING MASK

Baintear úsáid as peitil róis, úsc róis agus mogóirí róis a bhíonn measctha le aloe vera orgánach sa cheann seo. Déanann sé an craiceann a mhaothú agus gealltar go gcuirfidh sé cuma na hóige air arís. Cé gur ón mBreatain na rósanna a úsáidtear sa mhasc seo, tagann an ola nádúrtha atá ann ón tSile agus ó Mheicsiceo.

5 HIMALAYAN CHARCOAL PURIFYING GLOW MASK

Masc cré é an ceann seo a bhfuil gualach bambú ann chomh maith le duilleoga tae glas agus ola orgánach an chrainn tae as na Himiléithe. Maítear é a bheith bunaithe ar thraidisiúin Ayurveda, seanchóras leighis ón India. Deirtear go n-éiríonn leis an salachar a tharraingt amach as an gcraiceann agus cuma na sláinte a fhágáil ort.

Fág freagra ar 'Ar fud na cruinne ar thóir comhábhar álainn do mhaisc aghaidhe'