Ar deireadh thiar, is féidir na comharthaí friotail a bhaint den téarma ‘Tionscal Scannán na hÉireann’…

Bhí ár gcomhfhreagraí ag an gcéad léiriú den scannán 'Room' in Éirinn an tseachtain seo caite agus ní haon iontas gur seoladh an scannán le mórtas cine agus le buaileam sciath

Tá gaisce as cuimse déanta ag Room Emma Donoghue, Lenny Abrahamson, Ed Guiney agus Element Pictures leis an gceithre ainmniúchán Oscar. Ní nach ionadh gur seoladh an scannán in Éirinn an tseachtain seo caite le mórtas cine agus le buaileam sciath.

Bhí gach scáileán in Éirinn a raibh ‘Room’ á thaispeáint ann ag cur thar maoil anocht tar éis dea-scéalta uile na seachtaine. Bua sna Golden Globes; ceithre ainmniúchán Oscar.

Tá, gan dabht, ár lá tagtha, idir Room, Stutterer Ben Cleary, Brooklyn Saoirse Ronan, Steve Jobs fhear Chill Airne Michael Fassbender agus Viva Paddy Breathnach.

Dá mhéad na baothfhógraí atá cloiste againn go dtí seo faoi theacht in inmhe ‘Thionscal Scannán Éireann’, tar éis éachtaí agus ainmniúchán na seachtaine seo caite, den chéad uair, dáiríre, is féidir na comharthaí friotail sin a bhaint agus na cinnlitreacha a choimeád.

Agus ní thógaim ar Lenny Abrahamson, ná ar aon duine den chriú é, má bhí aidréanailín na lúcháire fós á dtiomáint san IFI agus Room á sheoladh in Éirinn. Bhí Abrahamson agus Ed Guiney ann chun gártha an tslua a thógaint, agus cúpla ceist a fhreagairt ag deireadh an taispeántais. Ní raibh ach ceist amháin agam ar Abrahamson–  ‘After 20 years in the business, an ‘overnight sensation’ at last?’

Ní raibh Abrahamson mall chun aitheantas a thabhairt dá chomhbhádóirí. Tá míorúilt bheag déanta ag Ed Guiney agus Element Pictures. Ní ón spéir anuas a thuirling bua an Golden Globe agus na hainmniúcháin Oscar. Fuirsithe ón dtalamh aníos a d’fhás siad. Is iomaí réamhtheachtaí a d’oscail an doras dóibh – The Guard, Frank, ‘What Richard Did’, agus lear fairsing eile nach iad.

Is fíor nach ón Spiorad Naomh amháin a thagann bua Golden Globe ná ainmniúchán Oscar. Tá Guiney agus Abrahamson iontach cáiréiseach dá bhfoireann bhaile. Ina measc, an t-eagarthóir Nathan Nugent, fear an cheoil Stephen Rennicks, Ethan Tobman, an dearthóir, agus draoi an cheamara Danny Cohen.

Nuair a chaitear peiteal sa tsruth, cumhraíonn sé an conar uisce ar fad. Agus ní fios cá bhfuil a thriall, ach é a bheith ‘away’ ar snámh.

Más fíor freisin nach scannán go léiritheoir/stiúrthóir, ní scannán ach oiread go script scannáin.

Cá mbeadh laochra Room gan Emma Donoghue? As broinn a hanama is a samhlaíochta siúd a gineadh an leabhar, ar dtús. Ansin an script, anois an scannán. Bullaí mná, gur i dtreis a raghair!

Is gnách gur leasc liom, ar bhonn prionsabail, aon ‘meaisín’ a mholadh. Ach, i gcás Bord Scannán na hÉireann an babhta seo, ar aon dul le Groucho Marx fadó, ‘I am willing to make an exception’. Fair play dóibh, ar deireadh…

Tá an dá chos sa doras anois againn. Ná cailltear an babhta seo é.

Fág freagra ar 'Ar deireadh thiar, is féidir na comharthaí friotail a bhaint den téarma ‘Tionscal Scannán na hÉireann’…'