Ar Chuala.tú? Na hábhair is mó a gcuireann na Gaeil spéis iontu ar líne

Tá 'liosta garbh' de na míreanna is mó a bhí i mbéal an phobail Gaeilge ar líne curtha le chéile ag Kevin Scannell bunaithe ar eolas a fuair sé ón uirlis nua a d’fhorbair sé i lár an tsamhraidh — Chuala.me

Ar Chuala.tú? Na hábhair is mó a gcuireann na Gaeil spéis iontu ar líne

Ba é an t-iriseoir Seán Mac an tSíthigh ba mhó a mheall aird na nGael ar na meáin shóisialta le trí mhí anuas, de réir figiúirí atá tugtha ag an Ollamh Kevin Scannell do Tuairisc.ie.

Tá “liosta garbh” de na míreanna is mó a bhí i mbéal an phobail Gaeilge ar líne curtha le chéile ag Scannell bunaithe ar eolas a fuair sé ón uirlis nua a d’fhorbair sé i lár an tsamhraidh — Chuala.me.

Tháinig cúig cinn de na deich bpostáil is mó ó Tuairisc.ie.

Pictiúr den Fhear Marbh agus an Tiaracht i nGaeltacht Chiarraí atá ar bharr an liosta de na rudaí is mó ar chuir lucht labhartha na Gaeilge ar líne spéis iontu ar na meáin shóisialta, de réir Chuala.me. Thóg Mac an tSíthigh an pictiúr ag deireadh mhí Lúnasa agus mheall sé os cionn 1,000 croí ar Twitter.

Ábhar idir shúgradh agus dáiríre a mheallann pobal na Gaeilge ar líne, is cosúil, ó tharla scéalta nuachta agus colún tuairimíochta a bheith ar an liosta in éineacht le méimeanna agus pictiúir ghrinn.

Bhí an ócáid Facebook a cruthaíodh an mhí seo caite do Pop Up Gaeltacht ar cheann de na rudaí is mó a cuireadh spéis ann le trí mhí anuas freisin.

Seo thíos na deich mír is mó a bhí i mbéal an phobail ó mhí an Mheithimh go dtí seo.

1.An Fear Marbh agus an Tiaracht (Seán Mac an tSíthigh)
2. Teachtaireacht sheachtainiúil an Taoisigh i nGaeilge amháin (Tuairisc.ie)
3. An Taoiseach agus an Ghaeilge — ní leor meon an chúpla focal (Tuairisc.ie)
4. No Béarla! Fotheidil roghnacha ag TG4 den chéad uair riamh (Tuairisc.ie)
5. An 30 leabhar Gaeilge is fearr leis na Gaeil (Nós)

6.

7. Blaincéad Gaeilge in Homestore and More (Gaeilge Amháin)
8. Céard is fiú plean teanga, straitéis Ghaeilge agus tumoideachas gan fostaíocht sa Ghaeltacht (Tuairisc.ie)
9. An Pop Up Gaeltacht i The Bernard Shaw
10. Díomá ar aisteoir Gaeltachta faoi chaint homafóbach ina cheantar dúchais (Tuairisc.ie)

Léiríonn Chuala.me na scéalta is mó a bhíonn i mbéal phobal na Gaeilge ar líne. Taispeántar an 100 scéal is mó i nGaeilge, bunaithe ar an méid tráchta atá orthu ar na meáin shóisialta.

Feictear nasc chuig an scéal féin chomh maith leis an ngiolc nó an phostáil ar Facebook ina bhfuil an scéal luaite. Dúirt Scannell le Tuairisc.ie gur cineál ‘Reddit na Gaeilge’ atá sa suíomh nua gan an ghné vótála a bhaineann leis an áis sin. I gcás Chuala.me tarlaíonn an ‘vótáil’ ar na meáin shóisialta féin. Is é sin le rá, dá mhéad ordóg nó croí a thugtar do scéal ar na meáin shóisialta is ea is airde a bheidh an scéal sin ar liosta Chuala.me.

Leanann an suíomh gach foinse nuachta i nGaeilge, leithéidí Tuairisc.ie, seirbhísí Gaeilge RTÉ agus The Irish Times, Nós, Comhar, roinnt cainéal YouTube, na céadta blag éagsúil, agus go leor mionfhoinsí eile. Coinníonn an suíomh cuntas freisin ar na tráchtanna a dhéantar faoi na scéalta ar na meáin shóisialta, ar Facebook agus ar Twitter go príomha.

Tugtar ‘scór’ don 2,000 scéal a bhíonn á leanúint ag an suíomh bunaithe ar fhoirmle atá “an-chasta”, dar leis an Ollamh Scannell. Ní thaispeántar ach an 100 scéal is airde scór. Déantar nuashonrú ar an liosta den 100 scéal gach uair an chloig gach lá.
Bhí suíomh cosúil le Chuala.me ann cheana féin sa Bhreatnais, ffrwti.com, agus tá cosúlachtaí idir Chuala.me agus an suíomh meán sóisialta Reddit. Níl an suíomh Breatnaise ann níos mó ach deir Scannell, a bhfuil aithne aige ar Rhodri ap Dyfrig, a chruthaigh an suíomh sin, go bhfuil an sprioc chéanna ag Chuala.me is a bhí ag an gceann Breatnaise — is é sin bealach éasca a chruthú le teacht ar na “scéalta is tábhachtaí” i saol na Gaeilge.

Dúirt Scannell freisin go raibh súil aige go mbeadh iriseoirí, eagraíochtaí agus grúpaí eile atá ag saothrú sna meáin Ghaeilge ar líne in ann leas a bhaint as an gcóras le measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag a gcuid oibre ar phobal na Gaeilge ar líne.