Ar chuala sibh an ceann faoi Tommy Tiernan? Tá sé chun a chéad seó as Gaeilge a dhéanamh…

Tá duine de na fuirseoirí is iomráití in Éirinn chun a chéad seó as Gaeilge a dhéanamh mar chuid de GhaelGÁIRÍ ag an Vodafone Comedy Carnival i nGaillimh

Ar chuala sibh an ceann faoi Tommy Tiernan? Tá sé chun a chéad seó as Gaeilge a dhéanamh…

Tá Tommy Tiernan, duine de na fuirseoirí is iomráití in Éirinn, chun a chéad seó as Gaeilge a dhéanamh mar chuid de GhaelGÁIRÍ ag an Vodafone Comedy Carnival a bheidh ar siúl i nGaillimh i mí Dheireadh Fómhair.

Ní hé seo an chéad dúshlán a chuir Tiernan roimhe agus tá seónna iomlána déanta aige a chum sé ar ala na huaire. Bhain sé áit amach sa Guinness Book of World Records nuair a rinne sé seó a mhair os cionn 36 uair an chloig. 

Tá páirt glactha cheana féin sa chlub grinn Gaeilge GaelGÁIRÍ ag fuirseoirí ó shaol an Bhéarla ach is cinnte gurb é Tiernan, a bhfuil cónaí air i mBearna i nGaeltacht na Gaillimhe, an té is aitheanta agus is cumasaí atá meallta acu go dtí seo.

Ní haon iontas mar sin go raibh “ríméad” ar Andy Ó Faoláin, duine de bhunaitheoirí GaelGÁIRÍ, agus an scéal á fhógairt inniu aige.

“Dar liom is é Tommy Tiernan an fuirseoir Éireannach is mó  riamh. Ní gá ach breathnú ar na gradaim a ghnóthaigh sé, na seónna agus DVDanna ar fad atá díolta aige lena thuiscint go bhfuil sé ar leibhéal eile ar fad ó gach fuirseoir eile sa tír seo. Mar sin is údar bróid dúinne, GaelGÁIRÍ, é a bheith linn don ghig speisialta seo,” a dúirt Ó Faoláin.

Mar chuid den seó céanna i nGaillimh beidh Al Porter, an fear óg grinn as Tamhlacht, ag déanamh seó as Gaeilge. Ní hé seo an chéad uair ag Porter a leithéid a dhéanamh. I measc na ndaoine eile a bheidh ar stáitse ag gig GhaelGÁIRÍ ag an Vodafone Comedy Festival, beidh Michael Mee, Áine Gallagher agus lucht Raidió Raiméis ón gclár Bláthnaid Libh ar RTÉ RnaG.

Beidh gig GhaelGÁIRÍ ar siúl an 30 Deireadh Fómhair le linn na féile grinn i nGaillimh. Beidh na ticéid don seó ar díol maidin Dé Luain seo chugainn ar shuíomh an Vodafone Comedy Carnival.

Fág freagra ar 'Ar chuala sibh an ceann faoi Tommy Tiernan? Tá sé chun a chéad seó as Gaeilge a dhéanamh…'

  • Fearn

    Cúis gháire chugainn!