Ar chóir deireadh a chur le Páirtí an Lucht Oibre agus páirtí úr a bhunú ina áit?

An bhfuil aiséirí ar bith i ndán do Pháirtí an Lucht Oibre nó ar cheart smaoineamh ar pháirtí eile a bhunú don lucht oibre?

Ar chóir deireadh a chur le Páirtí an Lucht Oibre agus páirtí úr a bhunú ina áit?

An féidir Páirtí an Lucht Oibre a tharrtháil, nó an bhfuil sé ródhéanach agus é in am anois smaoineamh ar pháirtí úr a bhunú?

Tá iarracht mhór ar siúl ag ceannaire an pháirtí Brendan Howlin agus ag a chomhghleacaithe lena thabhairt le fios gur gnáthpháirtí iad a mbeidh deis acu áit sa rialtas a bhaint amach.

Agus tugann RTÉ poiblíocht mhór dóibh gach uair a osclaíonn siad a mbéal, in ainneoin a laghad tacaíochta a bhí acu sa toghchán deireanach agus a laghad tacaíochta atá i gcónaí acu sna pobalbhreitheanna.

Ach sin é an buille: más tubaiste a bhí san olltoghchán deireanach don pháirtí níl feabhas ar bith tagtha orthu ó shin, agus ní éiríonn leis an bpáirtí ach timpeall cúig faoin gcéad a bhaint amach anois i bpobalbhreitheanna.

Mar ní gnáthchor coise a bhuail an páirtí san olltoghchán, ach tubaiste a bhí níos measa, b‘fhéidir, ná an ceann a bhain d’Fhianna Fáil in 2011.

Chaill an chuid is mó de na daoine a thug vótaí do Pháirtí an Lucht Oibre roimhe sin muinín iontu.  Agus toisc nach féidir leis an bpáirtí a rá go ndearna siad an rud mícheart nuair a bhrúigh siad an déine ar an tír, creideann daoine go ndéanfaidís an rud céanna arís dá mbeadh an léargas amhlaidh arís.

Is measa deacrachtaí an pháirtí, ar ndóigh, toisc go bhfuil roghanna ann ar an eite chlé. Tá Sinn Féin ag labhairt thar ceann na ndaoine atá faoi mhíbhuntáiste, agus tá páirtithe eile ann freisin atá níos faide amach ar an eite chlé, ar nós People Before Profit agus Solidarity.

Níl ach cárta amháin mar sin le himirt ag Páirtí an Lucht Oibre, ceann a imríonn siad go lánmhuiníneach, cárta an liobrálachais.  Cloistear go minic iad ag trácht go húdarásach ar cheist an ghinmhillte, ar an bpósadh aerach agus ar scata ceisteanna eile. Ach cloistear daoine i mbeagnach gach páirtí agus an port céanna acu.

Go stairiúil, d’fhás Páirtí an Lucht Oibre as mian ghluaiseacht na gceardchumann go mbeadh guth polaitiúil acu, ach níl aon chosúlacht idir polaitíocht James Connolly nó Jim Larkin agus polaitíocht an pháirtí inniu.

Agus níl an ceangal céanna ag na  ceardchumainn leis an bpáirtí is a bhíodh.  Níl ach SIPTU, agus ar bhealach IMPACT, anois ag tacú go rialta leo, agus fiú i gcás SIPTU, go teoiriciúil d’fhéadfadh páirtí ar bith, Sinn Féin ina measc, leas a bhaint as an gcumhacht pholaitiúil atá acu. Ná déan dearmad ar Louise O’Reilly a bhíodh ina hoifigeach ceardchumainn le SIPTU agus atá anois ina Teachta Dála do Shinn Féin.

Ar a shon sin uile, tá Uachtarán SIPTU, Jack O’Connor ina chathaoirleach anois ar an bpáirtí, agus níor thréig sé riamh iad fiú nuair a bhí siad i rialtas a chuir polasaithe i bhfeidhm a bhí in aghaidh mhianta an cheardchumainn.

Ach is léir nach raibh aon tionchar ag O’Connor ar an bpáirtí nuair a bhí siad i rialtas, agus nach bhfuil i pé tacaíocht atá fágtha acu sna ceardchumainn ach deis a chur ina luí ar dhaoine gur páirtí le prionsabail iad – rud nach gcreideann na vótóirí, más fíor do na pobalbhreitheanna.

Tá O’Connor ionraic ina dhearcadh féin, agus is cosúil go mba mhaith leis comhghuaillíocht a fheiceáil idir an páirtí agus Sinn Féin. Ghlacfadh Páirtí an Lucht Oibre le hábhar dóchais ar bith faoi tráth seo, ach arís cé aige a mbeadh muinín astu?

Ag an am céanna, amuigh sa saol mar atá tá mífheidhm an chórais ag dul ó smacht – maidir le cúrsaí tithíochta agus sláinte, coinníollacha oibre, cúrsaí pinsin, gan trácht ar na scannail mhóra a bhaineann leis an nGarda Síochána.

Agus taobh amuigh den tacaíocht in aisce a thugann SIPTU don pháirtí, níl aon ghuth ar aon bhonn eagraithe ag na ceardchumainn i bpolaitíocht na tíre, murab ionann is na heagraíochtaí gnó is feilméarachta, ar nós IBEC agus an IFA.

Agus toisc nach bhfuil guth polaitiúil ag na ceardchumainn ní thugtar aon aird pholaitiúil orthu.

Ní gá ar ndóigh páirtí úr a bhunú, ach níor mhór do na ceardchumainn beocht éigin a chur sna coistí polaitiúla atá acu. Tá gá le ceardchumainn a labhraíonn faoin bpolaitíocht ionas go mbeidh aon tionchar acu agus ionas nach mbeidh tada ar siúl acu seachas a bheith ag sodar i ndiaidh páirtí atá buailte agus nach bhfuil, de réir cosúlachta, aiséirí in dán dó.

Mar ní bhaineann an aicíd seo le Páirtí an Lucht Oibre abhus amháin. Tá ag teip ar pháirtithe an daonlathais shóisialta ar fud na hEorpa. Is níl aon chomhartha ann go bhfuil rud ar bith beo a d’fhéadfaí a dhéanamh chun iad a thabhairt slán as smionagar na tubaiste, san Eoraip ná in Éirinn.

Fág freagra ar 'Ar chóir deireadh a chur le Páirtí an Lucht Oibre agus páirtí úr a bhunú ina áit?'

  • traolach

    Ba choir deireadh scun scan a chur leis. An ngeilleann duine ar bith do bhladaireacht ‘radacach’ Howlin agus e sa bhfreasura anois? Ma rainnionn doibh bheith i gcomhrialtas le FF-FG athuair (gura fada uainn an anachain) ni bheidh aon oidhre orthu ach ‘uan ag muineadh meili da mhathair’. Iad i dtus cadhnaiochta arist eile ag tabhairt faoi na ciorruithe a luigh go dian dearach ar an aicme is boichte amhail curamoiri srl. Ni dhearudfar e sin go deo in ainneoin a chuid ‘howlin’.

  • Éibhear Neff

    Thréig Páirtí an Lucht Oibre an lucht oibre. Bhrúigh an páirtí sin, nach bhfuil smior ná smúsach ann, déine na eite dheis ar na daoine ceannann céanna a thug vóta dóibh chun smacht a choimeád air. Agus bhí an cuma air gur bhain siad taitneamh as, ag gáire fúinn is ag magadh fúinn.

    Is é “slí an Lucht Oibre” slí Fhine Gael no slí Fhianna Fáil — na SLÍomadóirí lofa. Ar a laghad, beidh ar gach duine atá sa “Locht” Oibre mat atá anois ann a bheith imithe as go huile agus go hiomlán, ach beidh boladh an tslíomadóra ann le fada an lá.

  • Sean

    ta a sop siud seidte, mise a ra leat! Dream lofa, liom-leat lan d”inntliocht liobralach’ nach fiu faic i. Cad duradh faoi eadai an impire…Howlin?

  • Manus

    Tuigeann Sinn Féin mar a thuig Labour agus iad sa Dáil nach bhfuil polaitíocht den eite chlé ó mhuintir an Deiscirt agus sin an fáth go bhfuil SF ar tí ballraíocht a ghlacadh sa seó “Tweedle Dum -Tweedle Dee” le Fianna Fáil. Is é “Boston seachas Beirlin” mana na polaitíochta sa Deisceart.

  • aindrias

    Howlin Wolf….. oireann amhran da chuid siud do, mat ata, ‘Backdoor man’…

  • Frainc

    ‘Tá mo chuid prionsabal féin agam agus muna dtaitníonn siad leat……bhuel tá prionsabail eile agam.’