Ar cheart dul ag ‘Fornocht a Chonac’ ar son na cúise? Níor cheart, ach ar son an chaighdeáin eisceachtúil…

LÉIRMHEAS: Le teann dílseachta do dhrámaíocht na Gaeilge a thug ár léirmheastóir aghaidh ar Amharclann na Péacóige do léiriú de chuid na Taibhdheirce, ach más ea ní raibh lá aiféala uirthi

Ar cheart dul ag ‘Fornocht a Chonac’ ar son na cúise? Níor cheart, ach ar son an chaighdeáin eisceachtúil…

Is le teann dílseachta do dhrámaíocht na Gaeilge a thug mé aghaidh ar Amharclann na Péacóige oíche dhorcha aréir. Is beag fonn comhluadair a bhí orm agus thar rud ar bith eile, bhí mo sháith Ultach agam den náisiúnaíocht tar éis drochscéal Mheiriceá a chluinstin ar maidin.

Ar chúiseanna éagsúla – cúiseanna leamha praiticiúla den chuid is mó – ní fhéadfaí a rá go bhfuil an drámaíocht Ghaeilge bisiúil san ardchathair. Ní minic í á léiriú san amharclann náisiúnta, ach go háirithe. Is deacair d’aon chineál ealaíne forbairt gan an milieu ceart a bheith ann don chur is don chúiteamh, ach is deacra sin faoi sheacht i gcás ealaíon foirne ar nós na drámaíochta. Ar na húdair sin uilig, is ag súil le measarthacht a bhí mé ar chéad oíche Fornocht do Chonac, léiriú dátheangach na Taibhdheirce ar dhráma Eoghain Uí Thuairisc arna stiúradh ag Eoin Mac Diarmada.

Is maith liom a rá go raibh dul amú iomlán orm. Dráma trom teibí é seo faoi Éirinn na hiar-réabhlóide, faoi chreimeadh a cuid luachanna agus faoin bhéal bán a thugann lucht gaimbín dá cuid ealaíontóirí. Sa mhéad sin, is cíoradh seachas ceiliúradh é ar luach an neamhspleáchais agus ar an phraghas a íocann íobartaigh ilchineálacha ar a shon.

Beagnach 40 bliain ó chéadléiríodh é, tá gnéithe den dráma seanchaite agus gnéithe eile pas beag rómhéaldrámatúil don lá atá inniu ann. Ní móide gurb é an rud is fearr a scríobh an t-údar ildánach fíorchumasach Eoghan Ó Tuairisc, agus ní mé cén éifeacht a bheadh ag an téacs féin ar léitheoirí an lae inniu.

Tugann an léiriú beo seo chun foirfeachta é, áfach, a bhuí lena chaighdeán eisceachtúil aisteoireachta agus léirithe. B’éasca don phlota dul in abar lena bhfuil d’óráidí teibí foclacha ón phríomhcharachtar, ealaíontóir cráite darb ainm Piaras atá ar a theitheadh óna choinsias féin. Fágann an baol sin go bhfuil tábhacht ar leith le gluaiseacht bhríomhar agus le léirmhíniú paiteanta ar an bhrí taobh thiar den fhoclaíocht ar fad. Is ar chrann an phríomhaisteora, Micheál Ó Dubhghaill, a thiteann na cúraimí sin den chuid is mó agus is é atá ábalta acu. Ní hamháin go mbíonn ar Ó Dubhghaill bogadh ó ghraostacht go leochaileacht i bhfaiteadh na súl, ach bíonn air sleachta fada filíochta agus próis ó pheann an Phiarsaigh a aithris ar bhealach spleodrach chun nach dtitfidh an ghné sin den dráma chun leimhe. Éiríonn go seoigh leis.

FORNOCHT DO CHONAC

Go deimhin, ba dheacair locht a fháil ar dhuine ar bith den triúr príomhaisteoirí as a saothar anamúil greannmhar sa dráma dúshlánach seo. Oireann geáitsíocht Ghráinne Bleasdale go foirfe do phearsa Bhairbre, móidín de chuid Phiarais atá leathbhealach idir blue stocking de mhúinteoir agus radacach teasaí. Is minic a bhriseann a straois an teannas agus síorchaint Phiarais ina luí go trom ar an lucht éisteachta. Is doiligh cur síos a dhéanamh ar scoth-thaispeántas Dhoireann Ní Fhoighil, girseach an-óg a thugann léiriú ealaíonta aibí ar ról teibí. Tá idir urchóid, shoineantacht agus ghreann ag baint lena pearsa agus tugann Ní Fhoighil faoi na tréithe uilig le ceardaíocht atá beagnach scanrúil ó pháiste chomh hóg léi.

Tá moladh mór tuillte fosta acu siúd a dhear an seit simplí caolchúiseach. Léirítear an teannas idir íoladhradh agus íolbhriseadh go cliste leis an chloch atá á snoí ag Piaras an dráma ar fad, ach ar an iomlán ba chríonna an mhaise acu tús áite a thabhairt don chaint féin, go háirithe agus trí cinn de scáileáin timpeall an stáitse. Tá dóthain le láimhseáil mar atá sa léiriú uaillmhianach seo de dhráma corraitheach meáite Uí Thuairisc.

Is méanar do phobal na cathrach gur cuireadh amach ar camchuairt é – ná cailligí an deis an seó tráthúil seo a fheiceáil i mBaile Átha Cliath anocht, an Aoine, nó oíche amárach.