Ar cheart do CLG bheith buartha faoin am a thabharfar dá gcluichí an samhradh seo?

Tiocfaidh cluichí na nGael as an mbagairt ós na cluichí gallda, ach an féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an teacht aniar san i gceist i gcónaí?

Gaa Euro Rio

Deireadh seachtaine mór spóirt é seo. Idir chluiche ceannais an PRO 12 (Connacht v Laighean) sa rugbaí agus chluiche ceannais Shraith na gCuradh (Atlético v Real) sa sacar agus chluichí craoibhe peile i dtrí cinn den cheithre chúige, ní bheidh aon cheal orthu siúd a bheidh i láthair agus orthu siúd a bheidh ag brú na gcnaipí sa bhaile, go háirithe.

Ní faic é go dtosnóidh Craobhchomórtas Sacair na hEorpa (Euro 2016) laistigh de choicíos agus na Cluichí Oilimpeacha féin i dtús mhí Lúnasa – samhradh na haislinge, don té go bhfuil dúil sa spórt aige.

Faoin am go mbeidh a phainéal de thriúr is fiche fógraithe ag bainisteoir sacair na hÉireann, Martin O’Neill oíche Dé Máirt seo chughainn, beidh an stracadh is an tarrac tosnaithe agus iomrascáil leanúnach ar bun do chroíthe agus do shamhlaíocht an phobail don gcuid eile den mbiaiste.

Maidir le Cumann Lúthchleas Gael agus a ról ins an iomrascáil seo, níl sa samhradh seo ach an séú babhta ar fad go gcaithfidh an eagraíocht dul i ngleic le mórchomórtas sacair ina mbeidh foireann na Poblachta san iomaíocht.

Taca an ama seo ceithre bliana ó shoin a chualathas mana CLG, Nothing Beats Being There, den gcéad uair. Bhí an mana catha seo mar chuid den bhfeachtas margaíochta ba mhó riamh ó Pháirc an Chrócaigh agus ghéill an tArd Stiúrthóir Páraic Duffy ag an am go mbeadh gá lena leithéid chun dul san iomaíocht leis an gclúdach a bheifí ag déanamh ins na meáin chumarsáide ar Chraobhchomórtas Sacair na hEorpa agus ar Chluichí Oilimpeacha 2012.

Tá glactha ag údaráis CLG leis le fada nach mbeidh oiread ráite ná scríofa faoina gcluichí sa tréimhse sin idir Deireadh Fómhair agus Bealtaine is a bheidh faoi rugbaí ná faoi shacar Shasana.

Tuigeann lucht an údaráis chomh maith, go bhfuil spéis an phobail ina gcluichí ag brath ar chaighdeán na gcluichí féin agus ar an spás agus ar an am a lamháiltear dóibh ins na meáin náisiúnta agus áitiúla.

N’fheadar, agus na córais chosanta go mór sa treis le ceithre bliana anuas, ar cheart do CLG bheith buartha faoin am agus spás a thabharfar dá gcluichí an samhradh seo? Nó, dála cuid mhaith blianta roimis seo, n’fheadar an bhfuiltear ag déanamh cnocáin de chnapáin agus n’fheadar ar chóir dóibh aon imní bheith orthu?

Bunaithe ar an bhfianaise atá againn ó bhlianta eile, tiocfaidh cluichí na nGael as an mbagairt ós na cluichí gallda, ach an féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an teacht aniar san i gceist i gcónaí?

Ní dócha gur mheall taispeántaisí leachta fhoireann sacair na Poblachta ag Craobhchomórtas na hEorpa 2012 mórán daoine ach tá an dá fhoireann Éireannach, Thuaidh agus Theas, rannpháirteach an uair seo agus a fhad is a bheidh aird an phobail dírithe ar an gcomórtas sa bhFrainc, is deacair don bpeil agus don iománaíocht greim docht daingean a fháil ar shamhlaíocht na ndaoine.

Bhíosa, mar shampla, ar phainéal Chiarraí sa bhliain 1994 nuair a bhí Corn Sacair an Domhain ar siúl ins na Stát Aontaithe. Bhí 27,000 duine i láthair nuair a bhuaigh Corcaigh i gCraobh na Mumhan i 1994 orainn. Bhí 43,000 duine i láthair an bhliain roimis sin i gCill Airne. Bhíos páirteach arís sa bhliain 2002 nuair a chas Ciarraí agus Corcaigh ar a chéile i gCill Airne an lá céanna ar bhuaigh an Spáinn le ciceanna éirice ar fhoireann na Poblachta i gCorn an Domhain. Bhí 30,425 duine i láthair sa díle i Staid a’ Ghearaltaigh an lá úd i gcomparáid leis an 41,458 a bhí ag sú na gréine Cois Laoi an bhliain roimis sin. Is cuma cén tslí a fhéachann tú air, fágann cluichí móra sacair dá leithéid a rian ar an bpobal is dílse. 

D’éirigh le CLG teacht aniar a dhéanamh i 1994 agus in 2002 agus léirigh na cuntais ag deireadh na mblianta go raibh breis daoine ag freastal ar na cluichí agus breis teacht isteach dá réir i 1994 agus in 2002 seachas an dá bhliain rompu.

Bhí cúiseanna leis sin, áfach, ná féadfaí bheith ag brath i mbliana orthu.

B’fhéidir go bhfuil taispeántas Paul McGrath agus cúl Ray Houghton sa Giants Stadium fós i gcuimhne na ndaoine ach cuir ceist ar aoinne i gcontae Liatroma ar a gcuimhní ar shamhradh na bliana 1994 agus ní raghaidh siad thar lear go Meiriceá chuige, ná go deimhin thar teora Chonnacht amach. Bhí gach a raibh uathu os a gcomhair amach i bPáirc de hÍde.

Maidir leis an mbliain 2002, agus cé gur dheacair é a chreidiúint anois, b’shin í an bhliain gur bhuaigh Áth Cliath a gcéad chraobh Laighean le seacht mbliana agus an bhliain chéanna gur bhuaigh Ard Mhacha a gcéad Chraobh Uile Éireann riamh.

Ní bheidh Liatroim, ná aon chontae dá leithéid ag buachtaint craoibhe cúige i mbliana. Tá oiread craobhacha i gCúige Laighean á mbuachtaint ag Áth Cliath anois gur beag a luach orthu agus ní bheidh aon chontae ag teacht ón bhfásach amach mar a dhein Ard Mhacha ceithre bliana déag ó shin chun  a gcéad Chraobh Uile Éireann a bhuachtaint.

Is féidir brath ar chluichí áirithe, ar iomaíocht thraidisiúnta áirithe agus ar iontaisí áirithe i gcraobh caide na bliana 2016 chun a rian a fhágaint ach an fada eile gur féidir linn bheith ag brath ar na cluichí mar atá, ar an iomaíocht seana-bhunaithe (atá ag dul chun síogaíochta más slat tomhais cluiche na seachtaine seo caite idir Doire agus Tír Eoghain) agus ar iontaisí, atá geall leis imithe as an saol ar fad chun an rud ar fad a choimeád os cionn uisce?

Is dócha gurbh fhíor don té a dúirt ná buafadh aon ní ar a bheith i láthair chun na cluichí, chun an iomaíocht agus chun na hiontaisí a fheiscint.

Bí ann an deireadh seachtaine seo arís ar eagla go n-imeodh an cluiche, an iomaíocht agus an t-iontas i ngan fhios duit!

Fág freagra ar 'Ar cheart do CLG bheith buartha faoin am a thabharfar dá gcluichí an samhradh seo?'

  • Jamie Ó Tuama

    Ní dóigh liom go mbeidh aon bhagairt ann do na cluichí Gaelacha. Nuair a thagann mí Lúnasa beidh aird an mhórphobail dírithe go príomha ar na rásanna le haghaidh Liam agus Sam – mar a tharlaíonn chuile bhliain roimhe sin.

    Ar an drochuair, níl foireann sacair na hÉireann leath chomh láidir is a bhí in 88, 90 94 agus in 02. Beidh sé fíordheacair orthu aon cheann de na cluichí a bhuachan agus d’fhéadfadh titim teacht ar líon lucht leanta fhoireann sacair na hÉireann mar a tharla i 12 agus théis ré Trap.