Ar ais i lár na ‘Páirce’

BRISEANN AN DÚCHAS: An dara cuid d'alt Máirtin Jaimsie faoin seal a thug sé fhéin agus Johnny Chóil Mhaidhc ag obair mar 'special extras' ar an scannán The Field

 

Richard Harris The Field

Má bhí an chéad seachtain den scannánaíocht ar an “Field” cineál míchompordach agam fhéin agus ag Johnny, ní bheadh sin le rá againn faoi na trí seachtainí a bhí amach romhainn. Ar ‘weather-cover’ a bhí muid.

Na cúpla radharc a bhí againn, istigh sa teach tábhairne a bheidís agus dá mbrisfeadh an aimsir, bheadh muid ag teastáil.

Ach níor bhris, rud a d’fhág muide ag déanamh tada ach go gcaithfeadh muid a bheith ann.

Agus creid uaimse é, níl obair ar bith chomh trom le bheith ag déanamh tada ach ag ól, go háirithe nuair nach bhfuil aon roghain a’d. Tú ag fáil íoctha le gan tada eile a dhéanamh!

Bhí muid ar dualgas chuile mhaidin ag a’ seacht a’ chlog agus bheifeá ar an Líonán go mbeadh sé dorcha.

Amannaí nuair a bheidís ag déanamh radharcannaí oíche, choinneofaí thú ar fhaitíos go dteastódh ‘Special Extra’ le ritheach trasna an ‘shot’, líne a rá, nó bheith i bhfolach ar chúl an chlaí.

Ceathrar againn a bhí ar an dualgas seo: Noel Donavan, aisteoir as Corcaigh ar labhair mé cheana air; Tom Jordon, (a bhíonn i Fair City anois), Johnny agus mé fhéin. Bhí fear fostaithe go lánaimseartha lena chinntiú go mbeadh muid ar fáil i gcónaí.

Ba shin é Jamie, mac Richard Harris.

Ní raibh aon chúram eile air agus rinne sé go díocasach é mar ba dual deaide dhó.

D’imigh Johnny babhta in éineacht leis an nGarda Jack Cosgrave, a bhí ag obair ar chúrsaí tráchta agus a bhí ar bhriseadh. Suas go dtí teach ósta an “Rock” ar bhóthar Chathair na Mart a chuaigh said….athrú aeir míle go leith ó bhaile.

Ach ba ghearr go dtáinig Jaimie ar thóir Johnny. “Ag a’ leithreas, sílim,” a deirimse. Isteach leis.

B’éigean dhom an fhírinne a inseacht dhó sa deireadh agus cuireadh glaoch ar an raidió a bhí ag Jack a rá leis an ‘t-oirfideach’ a thabhairt ar ais go beo!

Mara mbeifeá Tigh Hamilton, chaithfeá a bheith Tigh Ghaynor, sin é a raibh faoi. Níor cuireadh ag obair muid aon uair amháin fhéin sna trí seachtainí sin. “Cén lá é inniu?” a deir Johnny liom fhéin aon trathnóna amháin. “Dé hAoine,” a deirimse, “nach bhfeiceann tú feairín an airgid ag gabháil thart?”

“Buíochas le Dia,” a deir sé “ní bheidh aon ghá dhúinn a bheith ag ól amáireach!”

Má tá fhéin, nuair a chuaigh mé siar Tigh Tommy ar maidin, cé bheadh istigh romham ach mo mhate.

“Thíos ag na beithigh a bhí mé,” a deir sé; “agus tháinig mé isteach go n-ólfainn ceann amháin.”

“Níor ól tú ceann amháin ariamh i do shaol,” a deirimse.

Rinne Johnny gáire agus shuigh muid isteach chuige ó tharla ná raibh aon ghá dúinn é a dhéanamh!

Baineadh siar asainn é sna seachtainí deireanacha.

Bhris an aimsir agus thuas ó thuaidh de Chrosaire na Tullaigh, ar an gcósta, áit fhíorfheannta, a téaltaíodh muid ag seoladh beithíoch (thar an aill, mar ó dhea!) ó mhaidin go faoithin.

Drochéadach, fuar préachtaí….marach an braon a bhíodh tugthaí linn sa bpóca ‘ainn, chuile lá ón gcéad lá amach, bhí muid caillte.

Is muid a bhí buíoch nuair a tháinig siad isteach ar an bhfoscadh i gcomhair na radharcanna deireanacha sa mbeár.

Tigh Ghaynor a bheidís dhá ndéanamh agus bhí an ‘rehearsal’ déanta againne cheana san áras sin!

Is ar éigin a bhí aon ghlór fanta ag ceachtar againn leis na cúpla líne a rá, ach dúradh iad.

Bhí cúpla radharc deas ann, a mhínigh cén fáth a raibh daoine chomh dílis sin don Bhull McCabe th’éis go raibh a fhios acu go maith go mba é a mharaigh an “Yank”.

Ar urlár an tseomra eagarthóireachta a chríochnaigh ár n-iarrachtaí ar a bheith inár “réalta scannán”idirnáisiúnta! “Bheadh an scannán rófhada,” a deir Jim Sheridan liom ina dhiaidh sin.

Casadh an t-aisteóir Bleá Cliathach Johnny Murphy ( Joey the Lips sna Commitments fadó) orainn i nGaillimh lá.

“Yis ended up on the editing floor,” a deir sé linn go magúil “no wonder, weren’t yis on the bleedin’ floor while yis were doing it anyway!”

Noel Donavan a bhí ag inseacht an chraic dhó.

Sin é mo scéalsa agus scéal Johnny Chóil Mhaidhc sa ‘Field’ nó an méid den scéal atá mé sásta a inseacht ar aon chaoi!

“Ní bheadh aon ghnaithe i Hollywood againn agus an rath a chuir seacht seachtainí orainn,” a deir mé fhéin le mo mhate.

“Diabhal mórán leis a sheasfadh muid ann,” a deir Johnny, go ndéana Dia grásta air.

Chúig bhliana fichead go ham seo a rinneadh an scannán “The Field” i gceantar an Líonáin i dTuaisceart Chonamara.

Is ó shoin a bhain an scannán “The Field” ainm amach dhó fhéin i measc an phobail mar phíosa fírinneach ealíne a d’inis a scéal gan aon ghaileamaisíocht theicniúil.

Scannán ar an sean-nós, más maith leat, a mbeadh sé ar cheann des na ceanna deireanacha acu dhá ndearnadh.

Is é an trua é – ba deas iad.

Fág freagra ar 'Ar ais i lár na ‘Páirce’'