Apple watch: an fear faire ar chaol do láimhe

1984, ach le níos mó bling-bling

Apple-Watch-620x348

Le cúpla mí anuas, tá scríofa agam faoin gcaoi a mbaintear úsáid as an idirlíon mar líon iascaigh, faoin gcaoi a bhfuil ríomhleabhair ag spiadóireacht ar léitheoirí agus faoin gcaoi a bhfuil an guthán cliste ina dhia beag againn. Tá údar agam colún eile a chur leis an liosta sin inniu, óir lainseáileadh arú aréir gléas úrnua a choinneoidh súil orainn agus a bheas á adhradh againn: uaireadóir nua Apple, an Apple Watch.

‘Síneadh’ leis an iPhone atá san uaireadóir, a choinneoidh daoine a cheannóidh é ceangailte lena nguthán póca – agus leis an saol fíorúil, ollthábhachtach – fiú nuair nach bhfuil a bhfón ar iompar acu. Ach tá cúpla cleas sa bhreis ag an ngléas. Acu seo, tá na feidhmeanna a bhaineann le haclaíocht agus sláinte i measc na gceann is mealltaí. I measc nithe eile, coinneoidh sé súil ar ráta do chroí agus déarfaidh sé leat éirí agus siúl timpeall ar feadh tamaill nuair atá tú tar éis a bheith i do shuí ar feadh rófhada.

‘Beidh sé mar a bheadh traenálaí ar chaol do láimhe,’ a dúirt Tim Cook, príomhfheidhmeannach Apple ar sheoladh an uaireadóra dó in San Francisco arú aréir.

Tarlaíonn sé gur fear mór aclaíochta mé agus táim meallta ag uaireadóir Apple. Níos mó ná mar a bhí riamh ag táirge de chuid an chomhlachta, b’fhéidir. Ach is é an faitíos atá orm ná gur fear faire, seachas traenálaí, a bheadh ar chaol mo láimhe agam.

Bíonn an téarmaíocht a bhaineann leis an idirlíon chomh débhríoch le rud ar bith, agus uaireanta bíonn an chuma uirthi gurb é George Orwell féin a chum í. Tá dhá chiall ag an bhfocal ‘líon’: ceanglaíonn ‘líon’ rudaí nó daoine le chéile, ach is féidir dul ag iascach leis freisin.

Ná déanaimís dearmad gur ‘faire’ (agus ní ‘uaireadóir’) an bhunchiall atá leis an bhfocal Béarla ‘watch’. Agus bí cinnte de go mbeidh Apple Watch ag faire ar an té a bhaineann úsáid as.

Baileoidh an gléas sonraí faoin áit a mbíonn an t-úsáideoir, faoi ráta a chroí agus faoi mhíle is a haon rud eile agus roinnfidh sé na sonraí sin le freastalaí lárnach, áit a gceanglófar iad le sonraí eile atá ar eolas ag Apple faoin úsáideoir. Coinneoidh Apple Watch súil níos éifeachtaí ar an té a chaithfidh é ná mar a choinníonn ribín leictreonach timpeall ar a rúitín ar phríosúnach nuair nach mbíonn sé sa phríosún.

Ach ní Apple (ná aon údarás a roinnfeadh Apple an t-eolas seo ar fad leis) amháin a mbeidh súil á coinneáil acu seasta ar an té a bhfuil Apple Watch á chaitheamh aige. Ceann de na feidhmeanna a bheas ag an ngléas nach raibh coinne agam leo ná seo: má thugann duine cnag beag ar ainm úsáideora eile ar scáileán a uaireadóra féin, mothóidh an t-úsáideoir eile an cnag sin ar a uaireadóir seisean. Níos aistí fós: beidh úsáideoirí atá i ngrá le chéile in ann ráta croí a chéile a ‘shruthú’ ar a n-uaireadóir féin.

Ní hamháin go mbeidh comhlachtaí móra agus na húdaráis ag spiadóireacht orainn an t-am ar fad, ach ár ngaolta agus ár gcairde freisin. An saol ar fad ag síorfhaire ar a chéile: 1984, ach le níos mó bling-bling.

Ina dhiaidh sin is uile, seans go mbeidh orm géilleadh don chathú. Tá cuma an-úsáideach ar fheidhmeanna aclaíochta agus sláinte Apple Watch. Agus, ar ndóigh, is féidir le duine an fear faire seo a bhaint de chaol a láimhe ag am ar bith.

Fág freagra ar 'Apple watch: an fear faire ar chaol do láimhe'