Aonach Tailteann ar siúl inniu i nGaoth Dobhair

Beidh comórtais lúthchleasaíochta agus ardáin ar siúl do mhuintir na Gaeltachta i nGaoth Dobhair inniu agus Aonach Tailteann ar siúl den chéad uair

Aonach Tailteann ar siúl inniu i nGaoth Dobhair

Cuirfear tús inniu, den chéad uair riamh, le himeachtaí spóirt agus dán an chomórtais Gaeltachta Aonach Tailteann i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill.

Cuireadh tús neamhoifigiúil leis an Aonach Dé Sathairn nuair a osclaíodh taispeántas ealaíon agus ceardaíochta sa Chrannóg sa pharóiste Gaeltachta, ach is é inniu lá mór na gcomórtas.

Cuirfear tús le himeachtaí ag 10.30am ar pháirc peile CLG Ghaoth Dobhair, áit a mbeidh imeachtaí lúthchleasaíochta agus roinnt cluichí dúchasacha ann, ar nós an phoic fhada do dhaoine óga agus do dhaoine fásta.

Tráthnóna, beidh na comórtais ardáin, idir aithriseoireacht, amhránaíocht, sceitsí agus comórtais eile nach iad, ar bun in Amharclann Ghaoth Dobhair do dhaoine óga agus do dhaoine fásta, óna 4.30 ar aghaidh.

Glacfar le hiomaitheoirí nua do na comórtais lúthchleasaíochta óna deich a chlog ar maidin ag an bpáirc peile agus glacfar le hiomaitheoirí nua do na comórtais ardáin san Amharclann.

Seoladh Aonach Tailteann i Ros Muc níos luaithe i mbliana. Fógraíodh go mbeadh dhá bhabhta cáilithe ann don chomórtas idirGhaeltachta, ceann i nGaeltacht na Gaillimhe agus ceann i nGaeltacht Thír Chonaill, agus go mbeadh babhta ceannais i gConamara.

Fógraíodh ag tús na seachtaine seo, áfach, go raibh imeachtaí Chonamara, a bhí le bheith ar siúl Dé Sathairn, curtha ar ceal mar gheall ar a laghad iomatheoirí a chuir isteach ar an gcomórtas sa gceantar sin.

Thug stiúrthóirí an chomórtais, Maitiú Ó Coimín agus Áine Ní Bhreisleáin, le fios, áfach, go gcuirfear fáilte roimh iomaitheoirí a chláraigh do bhabhta Chonamara ag babhta Thír Chonaill más mian leo páirt a ghlacadh sa chomórtas ansin.

Tá sé i gceist ag stiúrthóirí an chomórtais, Maitiú Ó Coimín agus Áine Ní Bhreisleáin “struchtúr úr” a chur ar Aonach Tailteann in 2018 agus tá siad ag súil go mbeifear in ann “babhtaí iomlána ceantar” a reáchtáil an bhliain seo chugainn. Dúirt na stiúrthóirí go raibh sé i gceist ón tús athstruchtúrú a dhéanamh ar leagan amach an chomórtais sna blianta amach romhainn.

Dúirt Maitiú Ó Coimín ag seoladh an chomórtais gur eagraíodh é le “hardú meanman a thabhairt do phobal na Gaeltachta, le nascanna a chruthú idir na ceantair éagsúla, agus ardán a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta a mbuanna a chur os comhair a bpobal”.

Fág freagra ar 'Aonach Tailteann ar siúl inniu i nGaoth Dobhair'