Aon imreoir déag ó fhoireann na hÉireann ainmnithe i scuad na Leon

D’ainmnigh Warren Gatland a scuad don tsraith cluichí in aghaidh na Nua-Shéalainne agus leithéidí Tadhg Furlong, Johnny Sexton agus Jared Payne roghnaithe aige

Aon imreoir déag ó fhoireann na hÉireann ainmnithe i scuad na Leon

Tá aon Éireannach déag ainmnithe ar scuad rugbaí na Leon don tsraith cluichí a in aghaidh na Nua-Shéalainne an samhradh seo.

Is iad Johnny Sexton, Conor Murray, Jared Payne, Robbie Henshaw, Tadhg Furlong, Rory Best, Jack McGrath, Iain Henderson, Sean O’Brien, Peter O’Mahony agus CJ Stander na himreoirí ó fhoireann Joe Schmidt atá roghnaithe ag bainisteoir na Leon, Warren Gatland.

Meastar go raibh leithéidí Keith Earls, Donncha Ryan agus Simon Zebo go mór sa treis agus imreoirí á roghnú ag Gatland don turas ach theip orthu áit a bhaint amach sa scuad 41 imreoir.

Tar éis do Shasana Craobh na Sé Náisiún a bhuachan dhá bhliain as a chéile, tá 16 imreoir ó fhoireann Shasana sa scuad, ina measc leithéidí Owen Farrell, Courtney Lawes agus Billy Vunipola.

Tá 12 imreoir ón mBreatain Bheag ainmnithe, an captaen Sam Warburton mar dhuine acu, ach níl ach beirt Albanach, Stuart Hogg agus Tommy Seymour, sa scuad. Ba é an méid is mó imreoirí as Éirinn  a roghnaíodh riamh do na Leoin ná ceithre dhuine dhéag in 2009.

Imreoidh na Leoin deich gcluiche mar chuid dá gcamchuairt a bheidh ar siúl idir tús mhí an Mheithimh agus mí Iúil. Trí cinn de chluichí a imreoidh siad in aghaidh na Nua-Shéalainne. Imreofar na cluichí in aghaidh na All Blacks ar an 24 Meitheamh, an 1 Iúil agus an 8 Iúil. Níor bhuaigh na Leoin ach sraith amháin riamh in aghaidh na Nua-Shéalannach – os cionn dhá scór bliain ó shin in 1971.

Fág freagra ar 'Aon imreoir déag ó fhoireann na hÉireann ainmnithe i scuad na Leon'