Aois íosta don Uachtaránacht – ceist gan tábhacht

Gach saoránach ag a bhfuil 35 bliain slán, in intofa chun oifig an Uachtaráin é' - Bunreacht na hÉireann. Ar chóir 21 a chur in ionad 35? Agus an cuma?

Freagra i dtosach ar an gceist a chuirfidh go leor daoine réasunta, sílim, ar fheiceáil dóibh an cur síos ar an leasú eile ar an mBunreacht ar a vótálfaimid an mhí seo chugainn. A leithéid seo:
‘Ní tearc na lochtanna ar riar na tíre, ach cé a dúirt gur chóir íos-aois an Uachtaráin a ísliú. Cé a mhol reifreann ar ábhar chomh leibideach?’

Ba chóir dom a rá láithreach nach raibh duine ar bith a labhair mar seo liom ag cur in aghaidh an leasaithe ar a vótalfaimid ar 22 Bealtaine i dteannta an leasaithe ar chearta pósta. Is éard a spreag a míshásamh ná mioncheist gan tábhacht, dar leo, a bheith curtha faoi bhráid an phobail.

Is ón gCoinbhinsiún ar an mBunreacht a tháinig an moladh. Ná déanaimis dearmad ar na leasaithe eile ar an mBunreacht a mhol an Coinbhinsiún ach nár thug an rialtas aon deis don phobal vótáil orthu. Theastaigh leasuithe uathu, mar shampla, leasuithe…

– A cheadódh vótáil ag 16 bliain.
– A thabharfadh vótá i dtoghcháin Uachtaránachta do shaoránaigh a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh den stát.
– A chuirfeadh téarmaíocht a bheadh neodrach ó thaobh inscne de in airteagail éagsula, mar shampla airteagal 41.2 ina bhfuil tagairt don chúnamh a thugann bean don Stát “trína saol sa teaghlach”.
– A gheallfadh cothromaíocht idir fir agus mná.
– A gheallfadh tacaíocht réasunta do chúramóirí, agus
– A chuirfeadh forálacha sa Bhunreacht ina mbeadh cosaint ar chearta eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha,chomh maith le cearta tithíochta, cearta sláinte, cearta teanga agus cearta eile (féach www.constitution.ie).
Níl reifreann geallta ag an rialtas maidir le fiú leasú amháin ar an liosta thuas. Is intuigthe mar sin an míshásamh a spreagann caint ar bhunaois uachtaráin. Dúirt Olivia Mitchell as Fine Gael agus an reifreann á phlé sa Dáil go raibh neamhshuim an phobail soiléir:

“[There is] No widespread clamour, no overwhelming demand and no irresistible groundswell of support for dropping the age of eligibility for a presidential candidate.”

Níor iarr páirtí ná grúpa ar bith vóta ar an leasú aoise sa Dáil, agus níl aon fhreasúra suntasach ag cur ina choinne. Fainic don rialtas: nuair nach spreagann leasú caint bhríomhar ina choinne, ní féidir a bheith cinnte go vótálfaidh móramh ina fhabhar.

An dá thuairim is láidre dár chuala mé féin ina thaobh go dtí seo?

I gcoinne: is fearr duine lánfhásta, aibí, stuama a bheith i mbun na hUachtaránachta, go háirithe agus é/í ag labhairt ar ár son thar lear, nó ag déileáil le ceisteanna casta bunreachta ó am go ham.

I bhfabhar: ní cóir idirdhealú ar bhonn aoise a bheith sa Bhunreacht. Mura mian le vótóirí duine óg a chur san Áras, tig leo an rogha sin a dhéanamh. Ach más léir dóibh dea-thréithe óganaigh, cén dochar má thoghtar é?

Fágaim fút é, a léitheoir stuama.
Tá/Níl: 4-2 an scór go dtí seo

Rite: leasuithe a mhol an rialtas a cheadaigh laghdú ar thuarastal breithimh (2011), a dhaingnigh an conradh Eorpach ar riar fioscach (2012), a neartaigh cearta paistí (2012), agus a bhunaigh cúirt achomhairc nua (2013).

Diúltaithe: leasuithe a mhol an rialtas a d’iarr neartú chearta fiosraithe choistí an Oireachtais (2011), agus scor an tSeanaid (2013).

Is láithreoir ar ‘Morning Ireland ‘ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille.

Fág freagra ar 'Aois íosta don Uachtaránacht – ceist gan tábhacht'