Aodán Mac Póilín, 1948-2016: Ceannródaí cruthaitheach a rinne cion fathaigh ar son na Gaeilge

Fear ildánach, gnaíúil, oilte, éifeachtach ab ea Aodán Mac Póilín a chuir comaoin mhór ar phobal na Gaeilge agus ar lucht léinn

Aodán Mac Póilín, 1948-2016: Ceannródaí cruthaitheach a rinne cion fathaigh ar son na Gaeilge

Duine de mhórghaeilgeoirí Thuaisceart Éireann ab ea Aodán Mac Póilín a fuair bás sa bhaile i nGaeltacht Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste an tseachtain seo.

Is mar Stiúrthóir ar Iontaobhas Ultach ar feadh ceithre bliana fichead agus mar shaoi na heagraíochta sin ab fhearr aithne air, ach liosta le háireamh iad na coistí agus na comhairlí ina ndearna sé cion fathaigh ar son na Gaeilge.

Rugadh Aodán agus a bheirt deirfiúracha Mairi agus Úna in iarthar Bhéal Feirste. Bhain sé máistreacht sa Léann Éireannach amach in Ollscoil Uladh sular chaith sé seal ag teagasc na Gaeilge i Scoil na mBráthar ar Bhóthar an Ghleanna i mBéal Feirste. Bhí cónaí air féin agus a bhean Áine Andrews i nGaeltacht Bhóthar Seoighe ó 1975. Bhí sé ina chathaoirleach ar an mbunscoil ansin agus thug se faoi fheachtas chun aitheantas oifigiúil a bhaint amach di. Thug Séamus Mac Seáin, duine de bhunaitheoirí Ghaeltacht Bhóthar Seoighe agus na scoile ardmholadh d’Aodán as a shaothar agus a chumas.

“Bhí sé fíor-éifeachtach ag déileáil leis an rialtas, ag scríobh litreacha agus ag dul i gcion ar fheidhmeannaigh. Ba chuma leis an gcuid eile againn ann nó as an rialtas ann, bhíomar gnóthach ag bailiú airgid le coinneáil ag imeacht, ach chreid Aodán go raibh an stádas oifigiúil tábhachtach agus d’éirigh leis.”

Nuair a bunaíodh Iontaobhas Ultach (Ultach ina dhiaidh sin) i 1990, ceapadh Aodán mar stiúrthóir, post ina raibh gá leis na buanna a bhí léirithe aige ar mhaithe leis an bhunscoil – a chumas riaracháin agus a ábaltacht i mbun idirbheartaíochta leis an stát. Ba é Iontaobhas an chéad eagraíocht a fuair maoiniú ó Rialtas na Breataine leis an nGaeilge a chur chun cinn.

Ní gach duine a thacaigh leis ina chuid oibre. Bhí gluaiseacht na poblachta amhrasach, naimhdeach go deimhin, faoin eagraíocht mar nár mhian leo go mbeadh an pobal ag comhoibriú le cuspóirí polaitiúla na Breataine. Sheas Aodán Mac Póilín lena phrionsabail beag beann orthu. “Bhí sé misniúil, ach ba chúrsa uaigneach é amanna,” dar le Séamus Mac Seáin. Mhair coimhthíos Shinn Fein, is cosúil mar cé gur chuir siad amach tvuíteanna faoi bhás an fhile Anthony Cronin an tseachtain seo, níor tháinig tada ó ionadaithe an pháirtí sin faoi bhás anabaí Aodáin Mhic Phóilín.

Faoi stiúir Mhic Phóilín, ba é éiteas Ultach an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn trasphobail agus a chur ina luí ar dhaoine gur le gach éinne an teanga cuma cén creideamh, cúlra nó polaitíocht lenar bhain siad. Dúirt an gníomhaire teanga dílseach, Linda Ervine go ndearna Aodán ‘dípholaitiú’ ar an teanga do dhaoine dá leithéid. Tá rath ar Turas, eagraíocht Ervine, i measc na cosmhuintire in oirthear Bhéal Feirste agus tugtar cuid mhór den chreidiúint as sin d’Aodan Mac Póilín agus a chomhghleacaithe in Ultach.

Bhí maoiniú an Iontaobhais gortach agus mhúin gá seift. Rinne an fhoireann nascanna le heagraíochtaí eile chun iad féin a neartú agus a thuilleadh maoine a fháil trí chomhthograí a chur ar bun ar mhaithe leis an teanga. Chuaigh Aodán i mbun gnímh ar Bhiúró na dTeangacha Neamhfhorleathana, ar an gComhairle Chaidreamh Pobail agus ar Chomhairle Craoltóireachta Thuaisceart Éireann. Fuair sé éisteacht in áiteacha nach bhfaigheadh duine níos glóraí é; chuaigh se i gcion go ciúin ar dhaoine, le habhcóideacht réasúnach ar mhaithe leis an ngaeloideachas agus craoltóireacht na Gaeilge go háirithe.

Dúirt sé féin in agallamh roinnt blianta ó shin gur mheas se gur i gcúrsaí craoltóireachta is mó a d’imir Iontaobhas tionchar ar an státchóras. D’fhoilsigh siad tuairiscí, rinne siad aighneachtaí le craoltóirí agus le rialtas na Breataine agus bhí siad gníomhach sa bhfeachtas náisiúnta as ar eascair TG4 (bhí Aodán féin ar lárchoiste an Fheachtais Náisiúnta Teilifíse). D’éiligh siad go gcuirfí tacaíocht ar fáil do chraoltóireacht na Gaeilge san áireamh i gComhaontú Aoine an Chéasta agus go mbunófaí ciste maoinithe.

As na gníomhaíochtaí sin a d’eascair an Ciste Craoltóireachta Gaeilge a raibh Aodán ina chathaoirleach air le cúpla bliain anuas. Bhí sé ina bhall freisin de Bhord Northern Ireland Screen. Dúirt an Ciste Craoltóireachta gur chailliúint ollmhór é a bhás.

Lena chois sin chothaigh se nascanna cultúrtha le Gaeltacht na hAlban agus bhí sé ar bhord na heagraíochta Colm Cille. Bhí sé ar bhord Chomhairle na Gaelscolaíochta agus Aonaid Séamus Heaney in Ollscoil na Ríona.

Bhí sé ina eagarthóir ar Styles of Belonging: The cultural identities of Ulster (1992) , The Irish Language in Northern Ireland (1997),  Bás in Éirinn (2002) agus i gcomhar lena chara, an file Gerald Dawe, Ruined Pages – New Selected Poems of Padraic Fiacc (1994). Bhí se ar phainéal eagarthóireachta Leabhar Mór na Gaeilge (2002).

Fear ildánach, gnaíúil, oilte, éifeachtach ab ea é a chuir comaoin mhór ar phobal na Gaeilge agus ar lucht léinn. Aireoimid uainn go mór é agus cúis mhór méala é a bhás.

Déanaimid comhbhrón lena bhean Áine, a iníon Aoife, a dheirfiúracha agus a mhuintir agus a chairde go léir.

Ar 10.15am Dé Luain, an 2 Eanáir 2017, tabharfar a chorp óna theach cónaithe go dtí Teach Pobail Naomh Muire, Lána an tSéipéil, le haghaidh Aifreann 11.00am.

Ina dhiaidh sin cuirfear i Reilig Bhaile an Mhuilinn é.

 

Fág freagra ar 'Aodán Mac Póilín, 1948-2016: Ceannródaí cruthaitheach a rinne cion fathaigh ar son na Gaeilge'