Anseo in aerfort idirnáisiúnta Miami is mór idir SAM i 1996 agus SAM in 2016…

Rud amháin nach samhlódh mórán sa bhliain 1996 ná go gcaithfeadh fear gorm agus a theaghlach ocht mbliana ina gcónaí sa Teach Bán

Miami Airport

Tá mé in aerfort idirnáisiúnta Miami le dhá uair an chloig agus focal Béarla níor chuala mé fós. Spáinnis a labhraíonn oibrithe an aerfoirt seo lena chéile, go bródúil agus in ard a nglórtha. Spáinnis agus Portaingéilis atá ag formhór mór na bpaisinéirí, leis. Fiú an t-oifigeach custaim a lig isteach i Stáit Aontaithe Mheiriceá mé, labhair sé Portaingéilis liom nuair a fuair sé amach go bhfuil cónaí orm sa Bhrasaíl; go deimhin ba léir óna bhlas gur i gcathair Rio de Janeiro a rugadh é féin. Ach an oiread leis na milliúin eile as Meiriceá Láir agus Theas, caithfidh sé gur sheas an fear seo amach as eitleán san aerfort seo lá breá éigin chun tús a chur le saol nua sna Stáit Aontaithe. Rinne sé go maith dó féin, bail ó Dhia air.

Ach an oiread le formhór mór mhuintir na hÉireann agus na hEorpa a thug agus a thugann aghaidh ar na Stáit Aontaithe – mar inimircigh nó mar thurasóirí – ní i Miami ach i Nua-Eabhrac a chuir mé féin cos ar thalamh Mheiriceá an chéad uair riamh, fadó. An bhliain 1996 a bhí ann; bhí Bill Clinton ina uachtarán agus bhí túir an World Trade Center fós ina seasamh.

Fiche bliain níos déanaí, is mór an t-athrú atá tagtha ar an saol. Tá túr spéire úrnua ina sheasamh gar don áit ar sheas na túir a leagadh sa bhliain 2001, ach ní féidir a rá a thuilleadh – mar a d’fhéadfaí nuair a thug mé cuairt ar Mheiriceá den chéad uair, sa tréimhse ghairid sin idir deireadh an Chogaidh Fhuair agus 9/11 – gurb iad SAM an t-aon ollchumhacht ar chlár na cruinne.

Tá an Pax Americana thart. Tá Washington tar éis spás a ghéilleadh ar an stáitse domhanda do Beijing, do Mhoscó agus d’áiteanna nach iad. Tá na cogaí a thosaigh George W. Bush san Iaráic agus san Afganastáin tar éis an lasair a chur sa bhairille sa Mheánoirthear agus san Eoraip. Tá Cogadh Fuar úrnua á fhearadh ag an Kremlin ar an Teach Bán. Ach den chéad uair le níos mó ná leathchéad bliain anuas tá muintir Mheiriceá in ann taisteal go Cúba: tá scuaine fhada – Spáinnis ag an uile dhuine – ag deasc cheann de na haerlínte cairte a chuireann eitiltí ar fáil go Cúba, nach bhfuil ach nócha míle ó dheas ón áit a bhfuilim i mo shuí anois.

Tháinig feabhas ar rudaí eile, leis. Más fianaise ar bith í an fhógraíocht dhátheangach a fheicim san aerfort seo agus an chaint a chloisim ag oifigigh de chuile chineál i mo thimpeall, tá níos mó cearta teanga ag pobal na Spáinnise anseo i stát Florida ná mar atá ag muintir na Gaeilge i bPoblacht na hÉireann féin. Tá cead ag daoine den inscne chéanna pósadh. Tá pobal gorm na Stát Aontaithe ag seasamh lena gcearta an athuair agus is iad laochra an phobail sin atá ag múnlú chultúr Mheiriceá agus an Iarthair ar fad: an mbeidh gloine Lemonade ag éinne? Nach ag Beyoncé a bhí a fhios céard a dhéanfadh sí leis na líomóidí a chuir an saol ar a pláta!

Agus an colún seo á scríobh agam (ar ghuthán póca, rud nach bhféadfaí a shamhlú fiche bliain ó shin) tá an rás go dtí an Teach Bán faoi lán seoil. Rud eile nach samhlódh mórán sa bhliain 1996 ná go gcaithfeadh fear gorm agus a theaghlach ocht mbliana ina gcónaí sa Teach sin. Tá uachtaránacht Barack Obama ag druidim chun deiridh, áfach, agus má tá Ted Cruz – atá ag béicíl isteach i mo chluas ó scáileán teilifíse os mo chionn – le creidiúint, tá na Stáit Aontaithe ‘ar bhruach na haibhéise’. 

Gan dabht, is féidir talamh slán a dhéanamh de anois agus an rás fágtha ag Ted Cruz agus John Kasich go n-ainmneofar Donald Trump mar iarrthóir na bPoblachtánach i dtoghchán uachtaránachta na bliana seo. Agus is dóichí ná a mhalairt gurb í Hillary Clinton a bheidh mar chéile comhraic aige.

Níl na póstaeir toghcháin curtha in airde ag muintir Mheiriceá fós, ach níl dabht ar bith ach gur tréimhse fhíorshuimiúil í seo le roinnt ama a chaitheamh sna Stáit Aontaithe. As seo go ceann cúpla seachtain is í an tír seo a bheidh faoi chaibidil agam i mo chuid colún ar na leathanaigh seo.

Fág freagra ar 'Anseo in aerfort idirnáisiúnta Miami is mór idir SAM i 1996 agus SAM in 2016…'

  • Pól Réamonn

    Tá mo shúil go mór leis a Alex.

  • Pól

    alt an-suimiúil, go raibh maith agat